Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge

Le cáiliú don deontas, idir €15,000 agus €50,000, ní mór go mbeadh na struchtúir ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint an údaráis áitiúil, nó incháilithe chuige sin

Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge

D’fhéadfaí deontas suas le €50,000 a fháil ón stát chun athchóiriú a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí atá nó a bhíodh i nGaeilge.

Tá sé fógartha ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta go mbeidh ciste a bunaíodh anuraidh chun athchóiriú a dhéanamh ar chomharthaíocht a bhíodh i nGaeilge ar shiopaí san am a caitheadh ar fáil arís an bhliain seo chugainn.

Le cáiliú don deontas, ar fiú idir €15,000 agus €50,000 é, ní mór go mbeadh na struchtúir ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint an údaráis áitiúil, nó incháilithe chuige sin.

Tá sé mar sprioc ag an gciste cur le feiceálacht na Gaeilge ar shráideanna.

Bhí siopa tobac Thomáis Uí Chléirigh ag 55 Sráid Amiens i mBaile Átha Cliath ar cheann a fuair maoiniú in 2021. Cuireadh €50,000 ar fáil chun an bhun-aghaidh siopa Gaeilge a chaomhnú agus a athchóiriú, lena n-áirítear oibreacha struchtúracha riachtanacha chun é a chosaint agus scríbhneoireacht órnaithe a chur air arís.

Agus an chuid seo den scéim á seoladh aige, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien go raibh caomhnú aghaidheanna siopaí stairiúla “gar do mo chroí” agus go raibh “lúcháir” air go reáchtálfaí an scéim arís in 2022.

“Tá súil agam go spreagfaidh an scéim tionscadail a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht thógtha agus teanga, ní hamháin i réigiúin na Gaeltachta ach ar fud na tíre.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur bealach iontach a bhí sa scéim chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú agus chun struchtúir a bhfuil tábhacht náisiúnta agus chultúrtha leo a chaomhnú agus a chosaint.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers go raibh sé ag tnúth le torthaí na dtionscadal a mhaoinítear a fheiceáil agus mhol sé d’úinéirí siopaí nó áitribh a cháilíonn don scéim iarratas a dhéanamh.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo nó ó Oifigigh Chaomhnaithe Ailtireachta agus Oifigigh Oidhreachta sna húdaráis áitiúla.

Fág freagra ar 'Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge'