Athchóiriú le déanamh ar shean-aghaidh siopa Gaeilge a bhí ag duine de laochra 1916

Tá sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar aghaidh Ghaelach an tsiopa tobac a bhí ag Tom Clarke ar Shráid Amiens idir 1908 agus 1911

Athchóiriú le déanamh ar shean-aghaidh siopa Gaeilge a bhí ag duine de laochra 1916

Tá athchóiriú le déanamh ar fhoirgneamh i mBaile Átha Cliath a bhfuil dlúthnasc aige le Éirí Amach 1916.

D’fhógair an rialtas go bhfuil sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar Uimhir 55 ar Shráid Amiens, áit a raibh siopa tobac ag an bPoblachtánach Tom Clarke, a cuireadh chun báis de bharr Éirí Amach 1916. Bhí Tomás Ó Cléirigh ar dhuine den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta.

Tá maoiniú €50,000 curtha ar fáil faoin Scéim Aghaidh Siopa Gaeilge an Chiste Struchtúir Stairiúla do na hoibreacha caomhnaithe agus athchóirithe atá le déanamh ar an bhfoirgneamh.

Tá sé i gceist an t-éadan a bhí ar an siopa tobac seo nuair a bhí sé ag Clarke idir 1908 agus 1911 a athchóiriú agus an Ghaeilge a bhí air a chur ar ais arís. Déanfar aon obair eile is gá chun an struchtúr a chaomhnú. Nuair a bhí an siopa ag Clarke bhí scríbhinn sa litritheoireacht thraidisiúnta chomharthaí ar na fuinneoga agus déanfar sin a athscríobh.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dhéanfaidh an t-athchóiriú seo a mhaoirsiú agus nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh fiontair phobail, chultúrtha agus shóisialta ar siúl san fhoirgneamh.

Is iad an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuirfidh an maoiniú ar fáil.

Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh sí ag súil go mór le torthaí an tionscadail a fheiceáil.

“Nuair a bhí siopa ag Tom Clarke anseo, bhí sé mídhleathach comharthaíocht a bheith aige i nGaeilge. Ceiliúradh atá in athchóiriú na comharthaíochta seo faoin gCiste Struchtúir Stairiúla ar ár dteanga, agus déanann sé comóradh ar chaibidil thábhachtach inár gcuid staire.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go bhfuil súil aige go spreagfar úinéirí gnó chun cur isteach ar mhaoiniú faoin scéim chun sean-aghaidheanna a chur ina gcruth agus ina ndeilbh féin arís.

Dúirt an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan, go raibh 55 Sráid Amiens ina fhoirgneamh stairiúil mar “gur úsáid an Poblachtánach Éireannach Tom Clarke bunurlár an fhoirgnimh”. Dúirt sé gurb é an t-athchóiriú seo an chéad chéim “chun an foirgneamh tábhachtach seo a úsáid arís don phobal áitiúil”.

Fág freagra ar 'Athchóiriú le déanamh ar shean-aghaidh siopa Gaeilge a bhí ag duine de laochra 1916'