Deontas beagnach €200,000 ceadaithe d’Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada

Seo an deichiú bliain as chéile ag Roinn na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don chlár oideachais idir Éire agus Ceanada

Deontas beagnach €200,000 ceadaithe d’Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit na Gaaeltacht, Joe McHugh T.D., tráthnóna go bhfuil maoiniú de €190,729 le tabhairt d’Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada don bhliain acadúil 2017/18. Tá an maoiniú á chur ar fáil don Fhondúireacht chun leanúint lena clár malartaithe oideachais idir Éire agus Ceanada. 

Seo an deichiú bliain as chéile ag Roinn na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don Chlár faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. 

Dúradh go dtacódh an maoiniú le costais mhaireachtála na dteagascóirí Gaeilge ón tír seo atá ceaptha in institiúidí i gCeanada don bhliain acadúil 2017/18. Caithfear an maoiniú chomh maith ar na gradaim Ghaeilge a bhronnfar ar scoláirí ó Cheanada a fhreastalóidh an samhradh seo chugainn ar chúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara.  

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh “lúcháir” air an deontas a fhógairt.

“Tá sé 10 mbliana ó thosaigh mo Roinn ag maoiniú an chláir Ghaeilge seo ar dtús agus cuireann sé lúcháir orm go bhfuil ar mo chumas leanúint leis an maoiniú sin agus pobal acadúil Cheanada a chur ar an eolas faoin Ghaeilge agus faoin oidhreacht shaibhir a bhaineann léi mar cheann de na teangacha dúchais is sine san Eoraip atá fós á labhairt.  

“Is iontach an deis í seo chomh maith do na mic léinn a fhreastalaíonn ar na cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an cheantair agus an cultúr beo a bhlaiseadh, idir sean agus nua.”

Níos túisce inniu, d’fhógair  an tAire Stáit McHugh deontas €43,620 do Choiste Aosach Cheantar na nOileán i gConamara chun cuidiú leo mionbhus nua a cheannach.

Dúirt McHugh gur “aitheantas” an deontas seo “don obair fhiúntach” atá ar siúl ag Coiste Aosach na nOileán ar son daoine scothaosta i gCeantar na nOileán.

Fág freagra ar 'Deontas beagnach €200,000 ceadaithe d’Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada'

  • Fearn

    Tuige nach bhfuil an suim seo ag teacht ó bhuiséad na Roinne Oideachais nó Roinn na Gnóthaí eachtracha