‘Deiseanna’ de dhíth ag an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge

Deir lucht bunaithe an t-aon fhoilseachán Gaeilge do mhic léinn sa tír go bhfuil suim sa scríbhneoireacht agus san iriseoireacht Ghaeilge ag an dream óg ach deiseanna a chur ar fáil dóibh

‘Deiseanna’ de dhíth ag an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge

Is gá níos mó a dhéanamh chun an chéad ghlúin eile d’iriseoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge a thabhairt chun cinn, dar le lucht irise Gaeilge ollscoile.

Tá ráite ag meitheal eagarthóireachta Breac, iris Ghaeilge ag mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go bhfuil suim ag daoine óga tabhairt faoin scríbhneoireacht i nGaeilge ach deiseanna a thabhairt dóibh.

Agus í ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais faoi chúrsaí foilseachán na Gaeilge, dúirt eagarthóir na hirise, Caitríona Ní Chonaill, gurb í Breac an t-aon iris Ghaeilge sa tír ar fad atá á cur i gcló ag mic léinn tríú leibhéal ach go léiríonn an rath a bhí uirthi ó bunaíodh í anuraidh go mbeadh éileamh ar níos mó irisí cosúil léi in ollscoileanna agus coláistí ar fud na tíre.

Thosaigh Breac in 2021 mar chomhfhiontar idir an cumann Gaelach san ollscoil, An Chuallacht, agus iris na mac léinn, Motley. Mhol Ní Chonaill go gcuirfí airgead ar fáil do gach cumann Gaelach ar fud na tíre chun a n-iris féin a bhunú.

“Tá go leor nuachtán agus irisí as Béarla sna coláistí, roinnt acu le leathanach Gaeilge amháin iontu, ach ní leor é sin má theastaíonn ó go leor daoine a bheith ag scríobh as Gaolainn, agus mar is léir ón iris seo, teastaíonn.”

Dúirt Ní Chonaill go raibh sí ina heagarthóir Gaeilge ar iris Bhéarla na hollscoile freisin agus go bhféadfadh sé a bheith “uaigneach” a bheith ag obair “i measc na mBéarlóirí”, gan ach leathanach amháin le líonadh aici. Bhí tábhacht ag baint le saothar i nGaeilge a chur ar shúile Gaeilgeoirí, a dúirt sí.

“Chun go dteastódh ó mhic léinn a bheith ag déanamh iriseoireacht trí mheán na Gaolainne, caithfear a thaispeáint nach bhfuil siad ina n-aonar leis agus go bhfuil siad i measc slua.”

Dúirt Antóin Ó Trinliúin, duine eile d’fhoireann eagarthóireachta Breac, go raibh na cumainn Ghaelacha ar fud na tíre tar éis nasc níos láidre a chruthú lena chéile le linn na paindéime. Dá mbeadh irisí Gaeilge le bunú in ollscoileanna eile, bhí córas ann anois chun eolas agus comhairle a roinnt, a dúirt sé.

“Bheadh sé go hiontach obair leis na hollscoileanna eile. Dá mbeadh iris den chineál céanna ag na hollscoileanna eile, d’fhéadfaimis a bheith ag comhoibriú, ag roinnt acmhainní, ag roinnt tuairimí agus a leithéid.”

Dúirt Seán Ó hUallacháin, scríbhneoir le Breac, go raibh tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí iriseoireachta do thodhchaí na Gaeilge agus gur gá tacú léi.

“Más gá don phár peann a bheith aige, is gá don teanga iriseoireacht a bheith aici,” arsa Ó hUallacháin.

“Más rud tábhachtach í an iriseoireacht don Ghaeilge agus má chabhraíonn an iriseoireacht pobal na teanga a thabhairt le chéile, níl aon dul as ach gur cheart dúinn go léir i saol na Gaeilge borradh a chur faoi chultúr na hiriseoireachta sa Ghaeilge agus a bheith ceannródaíoch inár gcur chuige.”

Pléadh ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean cás na foilsitheoireachta Gaeilge.

Dúirt Alan Titley gur “geall le míorúilt” a bhfuil bainte amach ag lucht na bhfoilseachán Gaeilge “i lár na bailbhe”. Mheas sé gur fhág easpa suime na meán Béarla go raibh “sciar maith de shaol na tíre” á cheilt ar chuid mhór den phobal.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar, gur “bac” iad na ciorruithe a rinneadh ar na meáin scríofa Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas “ar fhorbairt seirbhísí atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus d’inmharthanacht na teanga féin”.

D’iarr Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ar na meáin Bhéarla níos mó ábhar Gaeilge a fhoilsiú chun freastal ar phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Deiseanna’ de dhíth ag an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge'

  • Criostóir mac eochaidh

    Sílim gur cheart deis a thabhairt don chorrdhuine óg ailt a scríobh ar Tuairisc.ie agus Comhar. Is iad na sean-dineasáir chéanna atá ag scríobh don dá fhoilseachán le cuimhne na ndaoine.

  • Caitríona Lane.

    Aontaím go hiomlán leis na tuairimí seo. Bheadh i bhfad Éireann níos mó leabhair Ghaeilge á cheannach agus á léamh ag daoine dá mbeadh fhios acu go bhfuil cúrsaí litríochta faoi bhláth le blianta beaga anuas. An gceapann na meáin lasmuigh den Ghaeltacht nach léann lucht na Gaeilge a gcuid nuachtáin. Nach dtuigeann siad gur mór an pobal dátheangach atá sa tír, go mba chóir ďeiseanna a thabhairt d’iriseoirí na Gaeilge, idir óg agus aosta araon, a dtuairimí faoi chúrsai reatha a roinnt le pobal na Gaeilge ó cheann ceann na hÉireann. Cearta teanga? Fágann na céadta, go deimhin na mílte dalta an scoil ina ndiaidh le Gaeilge líofa agus ní amháin na scoileanna Gaeltachta nó Gaelcholáistí atá i gceist anseo. Cothaíonn na coláistí samhraidh bá suntasach don teanga. Ach seachas bheith mar bhall den chumann Gaelach ag an 3ú leibhéal cá mbíonn na deiseanna an teanga a bhlasú lasmuigh den Ghaeltacht agus lasmuigh de na heagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, An t-Oireachtas. Luíonn sé le reasún go mbíonn na heagraíochtaí seo ag freastal ar lucht na Gaeilge, ach is é an réalachas ná go gceannaíonn agus go léann lucht na Gaeilge na nuachtáin Náisiúnta freisin agus níl na nuachtáin sin ag freastal orainn. Is iliomad léitheoir dátheangach a léann nuachtáin Domhnaigh. Cá bhfuil na leathanaigh as Gaeilge? Cá bhfuil na léirmheasanna ar an dán seo, an scéal seo, an leabhar seo, siúd ‘s uile? Níl siad ann. Cá bhfuil na griangrafanna? An é gur cuma leis na nuachtáin fúinn? Ba chóir feachtas a chur ar bun, chun eagairthórí nuachtáin a chur ar an eolas fúinne: léitheorí líofa dátheangach. É sin ráite, fágaimis an duine dátheangach ar leaththaobh ar feadh nóiméid : tá faillí á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta le fada an lá. An é gur leor TG4, RnaG agus Tuairisc.ie dóibh? Nach bhfuil an cainteoir ó dhúchas i dteideal céadteanga Náisiúnta na tíre a fheiceáil sna nuachtáin Náisiúnta. Mar atá ráite agam ó chianaibh, cé gur Beatha teanga í a labhairt is Buanú teanga í a scríobh ionas gur féidir linn í a léamh feasta.