Deis bainte ag Fómhar na Leabhar chun plé bríomhar a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge

Ní raibh na húdair a labhair ag Fómhar na Leabhar i mBéal Feirste ar aon tuairim maidir le foinsí na hinspioráide, cúrsaí léitheoireachta ná nósanna oibre…agus b'in mar ab fhearr é

Deis bainte ag Fómhar na Leabhar chun plé bríomhar a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge

Mheall gairm Dharach Uí Scolaí aneas mé chuig Cultúrlann Bhéal Feirste ar an Satharn. Tá neart de leabhair Leabhar Breac ar mo leabhragáin, agus thug Fómhar na Leabhar deis dom a bheith i láthair na scríbhneoirí agus iad ag cur is ag cúiteamh faoina saothar.  Ní raibh ar mo chumas bheith i láthair ar an Aoine nuair a bhí Antain Mac Lochlainn, Labhrás Ó Finneadha agus Muiris Ó Raghallaigh ag plé ceist an aistriúcháin faoi chathaoirleacht Alan Titley, ná ag an Éigse a lean é – agus a lean ar aghaidh, de réir foláireamh fhear an tí, Dónall Mac Giolla Chóill, go maidin i gCumann Chluain Aird.

D’iarr sé orainn, agus é ag cur tús le himeachtaí an tSathairn um 11:30am, a bheith séimh dá réir.

Darach Ó Scolaí féin a bhí sa chathaoir don gcéad seisiún, agus é ag plé a gcur chuige oibre le Eilís Ní Anluain, Colm Ó Ceallacháin agus Alan Titley. Ní raibh na húdair ar aon tuairim maidir le foinsí na hinspioráide, cúrsaí léitheoireachta ná nósanna oibre – rud nach ionadh ó tharla a saothair bheith an-éagsúil. Mheas Eilís Ní Anluain go dtugann an ficsean deis níos fearr ná an neamhfhicsean do dhuine é féin a chur in iúl, agus luaigh sí John McGahern, mar shampla. Dúirt sí gur ina cuimhní ar amanna agus áiteanna éagsúla atá a leabhar Filleann Seoirse agus saothair eile lonnaithe, ach gur bhain obair an scríbhneora le claochlú a chur ar na cuimhní sin agus leis an gcumadóireacht ‘glan as an nua’.

De réir a thuairisce, suim eicléictiúil go maith atá ag Colm Ó Ceallacháin sna leabhair. Maidir le hAlan Titley, b’fhusa leis a rá cad nach léann sé – agus tús áite ar an liosta sin ag Jane Austen! Luaigh sé scríbhneoirí Mheiriceá Theas agus na hAfraice, go háirithe Ngũgĩ wa Thiong’o.

Darach Ó Scolaí, Alan Titley, Eilís Ní Anluain agus Colm Ó Ceallacháin

Maidir le foirm, bhíodar ar aon fhocal go raibh an tsaoirse tábhachtach. Ach mheas Eilís Ní Anluain go dtugann an t-ábhar struchtúr don téacs, agus go bhfuil struchtúr agus rithim tábhachtach. Luaigh Darach Ó Scolaí go bhfuil scéalta Choilm Uí Cheallacháin sách dorcha, ach go mbíonn léas dóchais i gcónaí ag an gcríoch. Dúirt Colm féin go bhfuil an ghráin aige ar an leathanach bán, ach go gcaitheann síol smaoinimh a bheith ina cheann aige sula dtosaíonn sé i mbun oibre.

Luaigh Alan go dtáinig a scéal bleachtaireachta Lámh, Lámh eile chuige de splanc in aon oíche amháin. Ní bhíonn mórán nósanna scríbhneoireachta aige seachas nuair atá sprioc ag druidim leis. Leagann sé amach dó féin ansin sprioc leathanaigh in aghaidh na seachtaine.

Bhí tuairimí éagsúla ag na scríbhneoirí freisin faoi cé mhéad saothar is féidir a scríobh ag am amháin – bíonn cúpla ceann faoi chaibidil ag Darach, ní bhíonn ach ceann amháin ar bun ag an am ag Colm. Agus bhí éagsúlacht tuairimí ann faoi fhiúntas na comhairle siúd, ‘scríobh ar a bhfuil taithí agat’.

Bhí comhrá Phroinsias Mac a’ Bhaird le Jacqueline de Brún agus Máire Uí Dhufaigh iontach spreagúil agus tábhachtach. Ní hamháin go mbíonn an bheirt acu ag scríobh do dhaoine óga, ach tá saineolas acu ar an réimse – bhí Máire ag obair le Séideán Sí, agus tá PhD faoi scileanna agus dúshláin na léitheoireachta i nGaelscoileanna san Iar-Ghaeltacht ar bun ag Jacqueline.

Alan Titley, Muiris Ó Raghallaigh, Antain Mac Lochlainn agus Labhrás Ó Finneadha

Pléadh na dúshláin a bhaineann leis an léitheoireacht ag an aois sin, an chaoi go síleann na daoine óga go bhfuil cumas níos fearr léimh acu sa Bhéarla. Cé go mbíonn an t-ábhar sna leabhair Ghaeilge feiliúnach ó thaobh caighdeán teanga go minic, ní bhíonn sé feiliúnach ná spreagúil do na léitheoirí. Dá réir sin ní dhéanann siad dul chun cinn (agus méadaíonn an bhearna). Bhí caint spéisiúil ann faoi “chinsireacht” ar leabhar do dhaoine óga. Mhaígh Jacqueline nach ritheann graostacht nó a leithéid leat má bhíonn tú ag smaoineamh ag leibhéal na ndaoine óga.

Nocht Máire Uí Dhufaigh go mbíodh sí féin ag léamh leabhar a raibh cosc orthu agus í sna déaga ach iad curtha ar fáil di faoi rún ag comharsa ón gcoigríoch.

Bhí dúshlán agus dóchas le brath ar an bplé, agus sílim go mbeidh an taighde córasach atá déanta don PhD ag Jacqueline de Brún ina chabhair mhór amach anseo. Mhol Darach Ó Scolaí go mbeadh córas grádaithe ann mar atá, abair, sa bhFraincis, ach chuir fainic nach féidir é seo a fhágáil faoi na foilsitheoirí.  Thabharfaí aitheantas dona leithéid de chóras don dá thoise – leibhéal teanga agus leibhéal ábhair.

Sa seisiúin deireanach bhí Liam Mac Cóil, Diarmuid Johnson agus Proinsias Mac a’ Bhaird faoi agallamh ag Antain Mac Lochlainn. Tharraing Antain chuige eagrán d’Oghma ó 1992 agus d’ardaigh na ceisteanna maidir le léirmheasanna agus critic a pléadh ansin. “Tá sé fíor agus níl sé fíor,” arsa Liam Mac Cóil. Bhíodar uilig den tuairim nach mbíonn mórán tionchair ag an gcritic orthu ó tharla an saothar a bheith críochnaithe acu, cé gurbh fhéidir foghlaim as do saothair nua. Pléadh ceardlanna agus cúrsaí sa litríocht chruthaitheach. Bhíodar uilig ar aon fhocal gur ceird atá sa scríbhneoireacht agus gur féidir cuid áirithe di a fhoghlaim ag ceardlanna. Ach dar le Diarmuid Johnson go bhfuil an cheardlann cosúil leis an seisiúin ceoil – bíonn idir chinn mhaithe agus chinn olc ann. Agus mura bhfuil an fíbín chun scríobh ort, ní dhéanfaidh ceardlann, dá fheabhas í, do leas!

Antain Mac Lochlainn, Liam Mac Cóil, Diarmuid Johnson agus Proinsias Mac a’Bhaird

Bhí siar agus aniar faoin mbuntáiste a bhaineann le gan scríbhneoireacht na Gaeilge a bheith iomlán spleách ar chúrsaí tráchtála, ach d’aontaigh siad go raibh tábhacht leis an margaíocht agus go raibh cur chuige maith tráchtála riachtanach agus fóinteach.

Tá Liam Mac Cóil thar a bheith sásta go bhfuil domhan dá chuid féin ag litríocht na Gaeilge agus nach iad na criticeoirí sna meáin Bhéarla a leagann síos an tslat tomhais d’fhiúntas na saothar Gaeilge.

Bhí plé spéisiúil ann freisin faoi chlosleabhair – agus léigh Diarmuid Johnson sliocht as saothar dá chuid. Tá sé i gceist ag Leabhar Breac tríológ Johnson ‘Sraith na Teamhrach’ a fhoilsiú mar chlosleabhair, agus tá cuid den obair déanta cheana.

Agus clabhsúr á chur ag Darach Ó Scolaí ar an ócáid dúirt sé go gcaithfí a leithéid a dhéanamh arís.

Bhí lucht an phlé agus a lucht éisteachta ar aon fhocal leis.

Proinsias Mac a’Bhaird, Jacqueline de Brún agus Máire Uí Dhufaigh

Fág freagra ar 'Deis bainte ag Fómhar na Leabhar chun plé bríomhar a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge'

  • Seán Ó Súilleabháin

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***************************************************************************************

    IDIR AN DÁ LINN ;———————————————————-

    Comhghairdeachas agus saol fada agaibh uilig as an obair iontach cruithíoch A MBÍONN AR SIÚL AGAIBH ar son na teanga agus Litríocht na Gaeilge ach tabhair deis do ghuthanna eile.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    Is mise meas,
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Árdán 1
    Bloc E
    Éire

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************