Deis ag scoileanna Gaeilge plé a dhéanamh ar na ceisteanna is mó atá ag cur as dóibh

Reáchtálfar cruinniú ginearálta bliantúil Gaeloideachas inniu agus deirtear go mbeidh na rúin a nglacfar leo lárnach i gclár oibre na heagraíochta i mbliana

Deis ag scoileanna Gaeilge plé a dhéanamh ar na ceisteanna is mó atá ag cur as dóibh

Beidh rúin, riachtanais agus mianta na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á bplé ag cruinniú ginearálta bliantúil Gaeloideachas tráthnóna.

Tabharfar deis ag an gcruinniú do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta labhairt ar na rúin agus ar na saincheisteanna is mó atá ag dó na geirbe acu le tamall anuas.

Na rúin a nglacfar leo a threoróidh obair Gaeloideachas agus beidh siad lárnach i gclár oibre agus i dtosaíochtaí na heagraíochta i mbliana, a deirtear.

I measc na rún a bheidh á moladh, beidh rúin faoi cheist na bpainéal ionadaíochta múinteoirí, faoi pholasaí náisiúnta don oideachas Lán-Ghaeilge agus faoi na seirbhísí síceolaíochta atá ar fáil do scoileanna Gaeilge. Pléifear chomh maith na forbairtí a mheastar atá riachtanach sa réimse oideachas speisialta, na cúrsaí Gaeilge nua T1 agus T2 atá geallta don Ardteist agus polasaí na Roinne Oideachais i leith scoileanna nua a bhunú.

Díreoidh rúin eile ar polasaithe iontrála na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus cúrsaí oiliúna triú leibhéal do mhúinteoirí.

“Ar nós go leor eagraíochtaí bhí bliain dhúshlánach ag Gaeloideachas agus sinn ag feidhmiú sna srianta atá i réim, agus ag déanamh ár ndíchill ag an am céanna tacú lenár gcuid spriocghrúpaí – idir dhaltaí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí,” a deir Uachtarán na hEagraíochta, Seán Ó hArgáin.

“Cé go raibh dúshláin ann bhí bliain an-tairbheach ag an eagraíocht mar gur cuireadh leibhéal ard eolais, ábhair, comhairle agus tacaíochta ar fáil dár spriocghrúpaí agus tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil ballraíocht na heagraíochta níos airde i mbliana ná mar a bhí riamh.”

Chomh maith leis an bplé agus na rúin a rithfear, tabharfar achoimre ar obair na heagraíochta le bliain agus toghfar bord stiúrtha nua Gaeloideachas. 

Reáchtálfar an cruinniú idir 5 – 6.30i.n. tráthnóna ar zoom. 

Fág freagra ar 'Deis ag scoileanna Gaeilge plé a dhéanamh ar na ceisteanna is mó atá ag cur as dóibh'