Éire an-fhada go deo ó na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an athrú aeráide

Tá dhá sprioc éagsúla ag an tír seo a bhfuil ceangal dlí leo ó thaobh astuithe gás ceaptha teasa a laghdú

Éire an-fhada go deo ó na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an athrú aeráide

Sáróidh an tír seo go dona na spriocanna atá leagtha síos againn d’astuithe gás ceaptha teasa don bhliain 2030, a deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil [EPA].

Sa tuarascáil is déanaí ón EPA deirtear go bhfuil Éire an-fhada go deo ó na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an athrú aeráide.

Léiríonn na meastacháin is déanaí fiú dá gcuirfí i bhfeidhm na bearta móra breise aeráide atá á bplé faoi láthair, nach mbeifí in ann ach leath den laghdú ar astuithe, a bhfuil dualgas ar an tír seo a bhaint amach, faoin mbliain 2030 a dhéanamh.

Tá dhá sprioc éagsúla ag an tír seo a bhfuil ceangal dlí leo ó thaobh astuithe gás ceaptha teasa a laghdú.

Faoin Acht Aeráide, ní mór astuithe ceaptha teasa a laghdú 51% ón leibhéal ag a raibh siad in 2018 faoin mbliain 2030 agus faoi Rialachán Iarracht Chomhroinnte an Aontais Eorpaigh, ní mór d’astuithe a bheith 42% faoin leibhéal ag a raibh siad in 2005 faoin mbliain 2030.

Is léir ó na meastacháin nua seo ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur dul chun cinn fánach a rinneamar sa tír seo le dhá mhí dhéag ó thaobh na laghduithe ba ghá a dhéanamh ach fiú má éiríonn linn na laghduithe a mhéadú ó 23% go 25% mar atáthar a ghealladh, beidh an tír i bhfad ón sprioc atá romhainn in 2030.

Deir an EPA sa tuarascáil seo go gcaithfear béim i bhfad níos mó a chur ar chaomhnú an chomhshaoil agus ar an spleáchas atá againn sa tír seo ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

I dtuarascáil a tháinig i bpáirt ó Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann agus an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, dúradh go bhféadfadh go mbeadh ar an tír seo idir €8 mbilliún agus €26 billiún a íoc le ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa gcás go dteipeann orainn cúrsaí aeráide a chur ina gceart go gasta.

Ó thaobh aimsir na tíre seo faoi láthair, deir Met Éireann go bhféadfadh sé éirí níos teo fós tráth a bhfuil an teocht níos airde in áiteanna sa tír ná mar a cláraíodh riamh.  Dúirt lucht na haimsire gur taifeadadh teas 30.6C tráthnóna inné ag aerfort na Sionainne i gcontae an Chláir, teocht nár taifeadadh riamh cheana sa tír seo sa mBealtaine.

Fág freagra ar 'Éire an-fhada go deo ó na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an athrú aeráide'