Deis ag Naomh Abán craobh an chúige a bhaint agus cluiche crua ag an nGaeltacht

Imreoidh mná Naomh Abán i gcluiche ceannais na Mumhan tráthnóna agus is amárach a chasfaidh An Ghaeltacht ar an Léigiún i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí

Deis ag Naomh Abán craobh an chúige a bhaint agus cluiche crua ag an nGaeltacht

Ciarraí 

Théis bhriseadh deich seachtaine, cuirfear tús arís le Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí agus na babhtaí leathcheannais le himirt amárach. Tá Cumann Caide na Gaeltachta ar cheann de na foirne a bhí ag fanacht ó dheireadh mhí Lúnasa chun na cluichí seo a imirt agus iad le haghaidh a thabhairt ar an Léigiún as Cill Airne. 

Ní raibh fir na Gaeltachta go hiomlán díomhaoin le dhá mhí go leith anuas agus an-chuid de na himreoirí ag imirt do Chiarraí Thiar i gcraobh an chontae agus cluiche imeartha freisin ag an nGaeltacht i gCraobh Shinsir Chiarraí Thiar i lár mhí Dheireadh Fómhair. 

Sháraigh an Ghaeltacht Caisleán Ghriaire sa chluiche sin, 0-11 in aghaidh 0-9, ach bhí údar díomá acu freisin nuair a gortaíodh an sárpheileadóír óg Ruaidhrí Ó Beaglaoich díreach agus é tagtha ar ais ó ghortú glúine. 

Fágann sin go mbeidh an Ghaeltacht ag brath níos mó ar imreoirí amhail Dara Ó Sé, Éanna Ó Conchúir, Rob Ó Sé agus deartháir Ruaidhrí, Brian, chun scóranna a fháil amárach. D’aimsigh Brian Ó Beaglaoich cúl tábhachtach in am breise sa chluiche a bhuaigh an Ghaeltacht ar Ghníomh go Leith sna babhtaí ceathrú ceannais agus beidh ar imreoirí mór le rá na Gaeltachta an fód a sheasamh le seans a bheith acu in aghaidh fhoireann láidir an Léigiúin. 

Seisear a bhí ag cumann Chill Airne ar fhoireann Chiarraí Thoir a bhuaigh craobh an chontae an deireadh seachtaine seo caite. Thosaigh Jonathan Lyne, Darragh Lyne, Cian Gammell agus James O’Donoghue an cluiche ceannais in aghaidh Chiarraí Láir agus bhí beirt eile, Pádraig Lucey agus Ryan O’Grady, i measc na n-ionadaithe. 

Bhí bua cumasach ag an Léigiún ar Chill Chomáin sna babhtaí ceathrú ceannais mar ar aimsigh O’Donoghue, iarPheileadóir na Bliana, cúig phointe, cumas a d’fhág an Léigiún mar rogha na coitiantachta chun an chraobh uile a bhaint i mbliana. 

[infovox]Dé Domhnaigh, 6 Samhain 

Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí 

An Ghaeltacht v An Léigiún – Páirc Aibhistín de Staic, 2in [/infobox]

Corcaigh 

Tá deis tráthnóna ag Naomh Abán craobh an chúige a bhuachan agus mná an chumainn ag imirt i gcluiche ceannais sóisir na Mumhan i Mala. Bhí an-bhliain ag mná Mhúscraí go dtí seo i mbliana agus Craobh Chorcaí tugtha leo acu níos luaithe in aghaidh chumann Uí Dhonnabháin Rossa. 

Casfaidh Naomh Abán ar sheaimpíní Luimnigh, Úlla, tar éis do na Corcaígh an ceann is fearr a fháil ar Raonaithe an Chomaraigh coicís ó shin. Scóráil Lydia Ní Dhonnacha 2-5 den 2-10 a scóráil Naomh Abán an lá sin agus níl aon amhras ach go mbeidh an lántosach ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar a foireann arís inniu. 

Agus cosaint láidir ag an bhfoireann chomh maith, is é an cumas sin cúil a scóráil a fhágann go bhfuil Naomh Abán imithe chomh fada le cluiche ceannais an chúige agus má éiríonn leo cúpla cúl eile a scóráil inniu, b’fhéidir nach mbeadh deireadh lena n-aistear go fóill. 

Dé Sathairn, 5 Samhain 

Craobh Shóisir na Mumhan 

Naomh Abán v Úlla – Mala, 5in 

Fág freagra ar 'Deis ag Naomh Abán craobh an chúige a bhaint agus cluiche crua ag an nGaeltacht'