Deis ag airí na Gaeltachta a chinntiú nach cás na Maya atá i ndán dúinn

Déarfaidh an bille teanga go leor faoi mhaíomh Aire na Gaeltachta go bhfuil ‘gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo chun an teanga a neartú ar fud na tíre’

Deis ag airí na Gaeltachta a chinntiú nach cás na Maya atá i ndán dúinn

Tá mé ag éisteacht le tamall le sraith podchraoltaí darb ainm Fall of Civilisations le Paul Cooper. Sa tríú clár, The Mayan Collapse, labhraíonn sé faoi dhíothú chultúr na Maya [Máigheach] le teacht na nEorpach go Meicsiceo agus Meiriceá Láir sa 16ú haois. 

Bhrisfeadh sé do chroí. 

Ba dheacair gan smaoineamh ar chás na Gaeltachta agus na Gaeilge sa tír seo agus muide ar bhruach na haille de réir na saineolaithe. 

Choinnigh an pobal Maya greim ar a gcultúr agus ar a gcuid traidisiún a oiread agus a bhí siad in ann ar feadh na nglúnta agus iad á dtabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlún eile, faoi rún go minic. Agus cé go maireann cuid dá n-oidhreacht fós, deirtear sa phodchraoladh gur beo ar bhealach cineál aisteach atá sí anois, gan comhthéacs ná brí.

“Their complex webs of reference, mythology and symbolism no longer point to anything. All the associations and stories they once referred to are forgotten.

“All the meanings that they would have once carried, have been lost. And so these texts remain, much as the crumbling stone pyramids do. They stand as a silent testament to the loss of a whole world that will never again return.”

Smaoinigh mé ar an bpodchraoladh agus ar na Maya nuair a léigh mé ar Tuairisc.ie le gairid faoina raibh le rá ag Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, TD agus í ag freagairt ceist Dála faoi ghéarchéim na teanga sa Ghaeltacht.

“Cé go n-aithním, mar atá ráite, go bhfuil an teanga faoi bhrú, tá gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo chun í a neartú ar fud na tíre,” a dúirt sí. 

Is léir go gcreideann an tAire an méid sin. 

Ní chreidim féin é ná baol air. 

Déarfainn nach bhfuil mé i m’aonar sa mhéid sin ach an oiread. Tá neart Teachtaí Dála agus státseirbhísigh ann fiú nach n-aontódh beag ná mór leis go bhfuil “gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo” chun an teanga “a neartú ar fud na tíre”.

Tá bille á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair le leasú a chur ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tuilleadh cearta teanga a chur ar fáil dúinn. Chríochnaigh céim an choiste den bhille an tseachtain seo caite. Níor glacadh ach le sé cinn de na leasuithe ar fad a moladh ach gheall Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfadh sé moltaí dá chuid féin i leith os cionn dhá scór leasú eile ag an gcéad chéim eile – céim na tuarascála.

Beidh muid ar fad in ann tomhas a dhéanamh ar dháiríreacht na nAirí agus an Rialtais nuair atá an bille nua ina dhlí faoi dheireadh. 

An uair sin beidh ár gcuid slata tomhais féin againn le seiceáil an bhfuil “gach rud” á dhéanamh ag an Rialtas leis an teanga “a neartú ar fud na tíre”. 

Breathnóidh daoine áirithe ar an reachtaíocht nua le feiceáil an bhfuil socrú cinnte ann faoi earcú baill foirne le Gaeilge líofa do phoist sa tseirbhís phoiblí.

Beidh tuilleadh ag féachaint an bhfuil sé deimhnithe ann go mbeidh gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

Féachfaidh daoine eile a’ bhfuil socrú ann go ndéanfar fógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge le faisnéis thábhachtach a thabhairt ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge faoi ghéarchéimeanna sláinte, socruithe cáinaisnéise, rialacha pleanála nó iliomad cúis eile. 

Ach beidh slat tomhais amháin an-simplí agamsa: an bhfuil éirithe leis na hAirí Gaeltachta agus an Rialtas a chinntiú nach féidir feasta diúltú don síneadh fada inár n-ainmneacha agus inár seoltaí?

Shílfeá go bhfuil an cath seo buaite cheana féin más leide ar bith a raibh le rá ag céim an choiste. 

Dúirt an teachta Pa Daly ó Shinn Féin gur ceart “bunúsach” é ag gach duine a ainm féin nó a hainm féin a úsáid le sínte fada.

Dúirt Aindrias Moynihan, Fianna Fáil, gur “cuid thábhachtach d’aitheantas duine” a bhí i gceist agus mheabhraigh Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas do dhaoine nach leis an nGaeilge amháin a bhain an cheist seo: “Is féidir leis na Gearmánaigh déileáil leis an umlaut agus is féidir leis na Francaigh déileáil leis an cédille. Cén chaoi nach féidir linne déileáil leis an síneadh fada?”

Cúis gháire agus ábhar náire a bhí ann gur gá cosaint don síneadh fada a chur i reachtaíocht a dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly.

Mheas an Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, nár cheart go mbeadh ceist faoin gceart seo fiú i stát dátheangach ina bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga oifigiúil. 

Ghéill Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, Fianna Fáil, go raibh argóint láidir déanta ag na Teachtaí Dála agus dúirt sé go raibh sé sásta an cheist “a phlé leis an dréachtóir” agus teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le moladh a dhéanfadh “tagairt shonrach a dhéanamh don síneadh fada, más gá”.

Shílfeá leis an tacaíocht ilpháirtí seo bhfuil an cás réitithe, cé gur cúis imní é an “más gá” sin a shleamhnaigh isteach i ndeireadh chaint an Aire Stáit.

Shílfeá nach bhfuil deacracht dhosháraithe ar bith le sárú lena chinntiú go mbeidh sé de cheart againn an síneadh fada a úsáid sa tír seo. 

Má tá aon amhras ar an Aire nó ar an Aire Stáit faoi tá trí leigheas an-simplí mar rogha acu.

D’fhéadaidís ceist a chur ar eagraíochtaí stáit nach bhfuil fadhb ar bith acu leis an síneadh fada cén réiteach a d’aimsigh siadsan. Níl fadhb ar bith ag an bPríomh-Chláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí, ná Coimisinéirí Ioncaim ná an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) le sínte fada a úsáid. 

D’fhéadaidís comhairle a lorg ó na tíortha eile dár thagair Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas le linn na díospóireachta ag Céim an Choiste, ar nós na Fraince agus na Gearmáine.

Nó d’fhéadfaí grúpa beaga saineolaithe a thabhairt le chéile ó na comhlachtaí cáiliúla teicneolaíochta atá lonnaithe sa tír seo, agus a mbítear ag maíomh astu go minic – Intel, Apple, Facebook, PayPal, agus go leor eile. Shílfeá nach mbeadh aon deacracht acu siúd réiteach a fháil ar aon ‘fadhbanna teicniúla’.

Agus má éiríonn leo a cheart a thabhairt don síneadh fada sna heagraíochtaí stáit níor cheart go mbeadh sé ródheacair an rud céanna a dhéanamh sna bainc, sna haerlínte agus i ngach áit eile. 

Ach má shocraítear san Acht nua gur tábhachtaí “éascaíocht na seirbhíse poiblí” seachas cearta teanga an phobail agus socrú faoin síneadh fada a chur ar an méar fhada, beidh a fhios againn ansin go cinnte nach fíor go bhfuil “gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo” chun an teanga “a neartú ar fud na tíre”.

Tá deis ag na hairí Gaeltachta agus ag a gcomhghleacaithe a chinntiú nach díothú ar nós na Maya atá i ndán dúinn. 

Fág freagra ar 'Deis ag airí na Gaeltachta a chinntiú nach cás na Maya atá i ndán dúinn'

  • Peadar

    Is iad Quangos na Gaeilge is cúis leis seo. Tá binse fiosrúcháin de dhíth ar a gcaiteachas. Tá seo riachtanach anois.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sách ráite agat, a Chiaráin. Is truamhéileach an scéal é go gcaithfidh daoine le ainmneacha i nGaeilge a bheith ag troid le aitheantas a lorg don síneadh fada ó chuid den státchóras. An áit nach mbíonn toil bíonn deacrachtaí teicniúla.

  • Cormac Ó hAodha

    Curtha go maith agat arís, a Chiaráin, beidh drogall agus doicheall daoine aonair, cuid acu i ‘Tuarastal na Gaeilge’ le fada agus tuilleadh acu le naimhdeas do chearta (teanga) a samhlaíonn siad atá roghnach nó fiú ná fuilid ag teastáil mar chearta (teanga), mar ná feiceann siad aon bhuntáiste ann dóibh féin.

    Is cinnte go bhfuil brú anois ag teacht ar na hairí agus na heagras le cúramaí Gaeltachta agus Gaeilge sa tír ar fad,.

    Cá bhfuil na torthaí? Fiosrúchán ar ‘Thuarastal na Gaeilge’ ag tosnú le bainistíocht Údarás na Gaeltachta féin, an áisíneacht forbartha sa Ghaeltacht atá ag feidhmiú i ndualgas amháin den trí dhualgas atá orthu…. forbairt ghnó…. agus an dá cheann eile Forbairt Phobail agus Teanga na Gaeilge fágtha gan puinn forbartha ag an Údarás….. is é Údarás na Gaeltachta an Stát ar eagla go bhfuil aon duine ag ceapadh gur rud éigin eile atá san Údarás….. cuid den stát ná fuil fiú Scéim Teanga dá gcuid féin acu….. buaite glan.