Deireadh le teacht le rabhaidh aimsire inniu agus an Stoirm Barra ag bailiú léi

Athróidh an ghaoth siar leis an lá agus de réir a chéile síothlóidh sí agus múraíl agus corrscaitheamh gréine a bheidh againn

Deireadh le teacht le rabhaidh aimsire inniu agus an Stoirm Barra ag bailiú léi

Tiocfaidh deireadh leis an Stoirm Barra in Éirinn inniu ach moltar do dhaoine súil ghéar a choinneáil ar na rabhaidh aimsire agus a bheith cúramach i gcónaí ar maidin.

Beidh scoileanna dúnta arís inniu i gcontaetha áirithe, de réir chomhairle na Roinne Oideachais.

Na contaetha atá i gceist, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Maigh Eo, Baile Átha Cliath, Luimneach, an Clár, Sligeach, Liatroim agus Loch Garman.

Cuireadh Baile Átha Cliath leis an liosta aréir nuair a fógraíodh rabhadh oráiste don chontae, rabhadh a mhairfidh go dtí 7am ar maidin.

Tháinig deireadh aréir leis an rabhadh dearg gaoithe a fógraíodh do Chiarraí, do Chorcaigh agus do chontae an Chláir agus tháinig deireadh ar maidin leis an rabhadh oráiste a bhí i bhfeidhm i gcontaetha áirithe.

Beidh rabhadh buí báistí agus gaoithe i bhfeidhm i ngach contae go dtí 6pm tráthnóna.

Beidh rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i nDún na nGall go dtí 2pm tráthnóna.

Athróidh an ghaoth siar leis an lá agus de réir a chéile síothlóidh sí agus múraíl agus corrscaitheamh gréine a bheidh againn. Beidh sé fuar i gcónaí agus ní ghabhfaidh an teocht níos mó ná trí chéim os cionn an reophointe. 

Cósta an Atlantaigh, Gaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo go háirithe, is measa a bhí i mbéal na stoirme aréir agus an ghaoth aniar is aniar aduaidh. Chomh maith leis an stolladh gaoithe, siotaí gála, agus báisteach throm, bhí sé feanntach agus an teocht idir 1 agus 4 chéim Celsius. 

Tá téamh beag á ghealladh dúinn ag an deireadh seachtaine. 

Ciarraí agus Corcaigh ba mheasa a bhí buailte ó thosaigh an Stoirm Barra ag bualadh na tíre seo le moch maidine inné.

Rabhadh dearg stoirme a bhí i bhfeidhm don dá chontae go dtí 9pm aréir.

Bhí na mílte teach san iardheisceart agus san iarthuaisceart fágtha gan chumhacht ó bhuail an Stoirm Barra talamh na hÉireann maidin inné agus bhí tuilte in áiteanna. I gCiarraí agus i gCorcaigh cuireadh busanna ar ceal, dúnadh oifigí poist, ionaid vacsaíne agus cúirteanna, cuireadh coinní ospidéal ar ceal agus thit crainn ar na bóithre.

Fág freagra ar 'Deireadh le teacht le rabhaidh aimsire inniu agus an Stoirm Barra ag bailiú léi'