Tuilte, bóithre contúirteacha agus tithe gan chumhacht – talamh na hÉireann buailte ag an Stoirm Barra

Ciarraí agus Corcaigh is measa atá buailte ag an Stoirm Barra go nuige seo agus meastar gur i nGaillimh agus i Maigh Eo is láidre a bheidh an ghaoth ag séideadh anocht

Tuilte, bóithre contúirteacha agus tithe gan chumhacht – talamh na hÉireann buailte ag an Stoirm Barra

Ciarraí agus Corcaigh is measa atá buailte ó thosaigh an Stoirm Barra ag bualadh na tíre seo le moch maidine inniu.

Tá rabhadh dearg stoirme i bhfeidhm don dá chontae go dtí 9pm anocht agus beidh rabhadh oráiste i gceist ina dhiaidh sin go dtí 6am maidin amárach.

Cuireadh Dún na nGall, mar a raibh sneachta ar na bóithre ar maidin, le liosta na gcontaetha ar fógraíodh stádas oráiste aimsire dóibh, rud a fhágann gur fógraíodh stádas dearg nó oráiste do na seacht gcontae Gaeltachta. Beidh an stádas oráiste i bhfeidhm i nDún na Gall ó 2am maidin amárach go dtí 2pm tráthnóna amárach.

Bhíothas ag tuar gur ag meán lae inniu a bheadh an Ghaillimh i mbéal na stoirme agus gur sa Ghaillimh agus i Maigh Eo is láidre a bheidh an ghaoth anocht.

 

D’iarr Met Éireann agus airí Rialtais ar dhaoine súil ghéar a choinneáil ar na rabhaidh aimsire i rith an lae inniu mar go raibh an Stoirm Barra ag síor-athrú treo de réir mar a bhogann an lagrach os cionn na tíre agus mar nach ionann an t-am ná an neart ag a mbuailfidh sí aon chuid den tír.

Chuir Met Éireann fainic ar dhaoine gan aon dul amú a bheith orthu má lagann an stoirm tamall agus an ghrian a bheith le feiceáil mar gur ag tarraingt a hanála a bheidh an Stoirm Barra roimh an chéad soinneán contúirteach eile.

Tá na mílte teach san iardheisceart agus san iarthuaisceart fágtha gan chumhacht ó bhuail an Stoirm Barra talamh na hÉireann ar maidin agus tá tuilte in áiteanna. I gCiarraí agus i gCorcaigh tá busanna curtha ar ceal, oifigí poist, ionaid vacsaíne agus cúirteanna dúnta agus coinní ospidéal curtha ar ceal. Tuairiscítear crainn a bheith tite ar na bóithre.

Tá rabhadh dearg stoirme fógartha do chontae an Chláir ó 4pm.

Tá an stádas oráiste i bhfeidhm go dtí 6am amárach do Ghaillimh, do Mhaigh Eo, Port Láirge, Luimneach agus Loch Garman. Táthar ag tuar nach seasfaidh an stoirm chomh fada ar an gcósta thoir agus ag 1pm inniu a chuaigh an stádas oráiste stoirme in éag do cheithre chontae ar an taobh thoir den tír – an Mhí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus contae Lú.

Beidh stádas oráiste i bhfeidhm do Shligeach agus Liatroim ó 8pm anocht go dtí 8am ar maidin.

Tá na scoileanna dúnta inniu sna contaetha a bhfuil stádas oráiste nó dearg aimsire i bhfeidhm iontu agus tá siad á ndúnadh freisin in áiteanna amhail Dún na nGall.

Tá stádas buí aimsire i bhfeidhm sa chuid eile d’Éirinn go dtí tráthnóna amárach.

I gCorcaigh, cuireadh ar an taifead ag Teach Solais Charraig Aonair siota gaoithe 161 ciliméadar san uair ag 10am agus cuireadh ar an taifead thart ar 6am siota 113 ciliméadar san uair ar Oileán Arcáin.

Iarrtar ar thiománaithe gan tabhairt faoi aon turas nach bhfuil riachtanach agus iarrtar ar mhuintir Chiarraí, Chorcaí agus an Chláir fanacht istigh ina gcuid tithe agus an cósta a sheachaint ar fad.

Sa Ghaillimh, bhí cuid den bhóthar idir an chathair agus promanáid Bhóthar na Trá faoi thuilte nuair a bhuail tonnta arda talamh nuair a bhí sé ina lán mara.

Bhí cuid de chathair Chorcaí agus Thrá Lí faoi thuilte ar maidin ach tuairiscítear nár deineadh mórán dochair.

Corcaigh ba mheasa a buaileadh go moch inniu ach bhí lucht gnó agus na húdaráis áitiúla is éigeandála ansin ag réiteach faoina comhair le cúpla lá. Tuilte sa gcathair leis an lán mara an t-údar imní ba mhó ar maidin agus ba mhór an faoiseamh dóibh nuair a thosaigh an taoille ag trá. D’fhan go leor daoine sa mbaile mar a comhairlíodh dóibh agus níor oscail go leor gnóthaí,  rud a d’fhág gur beag trácht a bhí sa chathair.

Fógraíodh go raibh 59,000 áitreabh gan chumhacht aibhléise. San oirthear agus sa deisceart a bhí a bhformhór ach bhí daoine buailte freisin i gConamara agus ó thuaidh.

Agus siotaí contúirteacha á dtuar inniu agus amárach tá rabhadh dearg mara i bhfeidhm ó Charn Uí Néid go Ceann Léime an Chláir go Ceann Léime na Gaillimhe.

Athróidh an ghaoth aniar aneas siar ó thuaidh san iarnóin agus beidh ráigeanna troma báistí léi.

Cósta an Atlantaigh is measa a bheidh i mbéal na stoirme anocht agus an ghaoth aniar is aniar aduaidh. Chomh maith leis an stolladh gaoithe, siotaí gála, agus báisteach throm, beidh sé feanntach agus an teocht idir 1 agus 4 chéim Celsius.

Athróidh an ghaoth siar leis an lá amárach agus de réir a chéile síothlóidh sí agus múraíl agus corrscaitheamh gréine a bheidh againn ach beidh sé fuar, ní ghabhfaidh an teocht níos mó ná trí chéim os cionn an reophointe.

Ach más misneach atá uait tá téamh beag á ghealladh dúinn ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Tuilte, bóithre contúirteacha agus tithe gan chumhacht – talamh na hÉireann buailte ag an Stoirm Barra'