Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster

Searbh go deo an deoch ag lucht tacaíochta mhuintir Paisley gurb é a ndeargnamhaid, ceannaire an TUV, a bhuaigh an suíochán in Aontroim Thuaidh

Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster

Den chéad uair is ag páirtí náisiúnach as Éirinn atá an líon is mó feisirí tofa do pharlaimint Westminster agus greim coinnithe ag Sinn Féin ar a seacht suíochán. Ardú 4% a bhí ar vóta an pháirtí in olltoghchán an lae inné.

Fágann torthaí an olltoghcháin gurb é páirtí Sinn Féin an páirtí is mó de chuid na sé chontae ó thuaidh atá tofa le dul go Westminster Shasana.

Choinnigh an SDLP an dá shuíochán a bhí acu cheana in Feabhal agus i mBéal Feirste Theas-an Dún Láir.

Bhí drochlá ceart ag an bPáirtí Aontachtach Daonlathach [DUP] agus mar bharr ar a mí-ádh is é Jim Allister ón Guth Aontachtach Traidisiúnta [TUV], an té is géire a bhíonn ag caitheamh anuas ar DUP, a bhain an suíochán ba shábháilte a bhí acu le fada den pháirtí.

Le 54 bliain ní raibh ach sloinne agus teaghlach amháin buacach in Aontroim Thuaidh.  Ba é an sean-Ian Paisley a bhunaigh an DUP agus a bhíodh ina fheisire anseo agus a mhac, Ian eile, a tháinig ina chomharba air.

Ba gheall le rítheaghlach na Paisleys in Aontroim Thuaidh le breis is leathchéad bliain agus b’ionann a sloinne agus páirtí an DUP ag a lán, ach Jim Allister a labhróidh don cheantar seo feasta.

Bhí an suíochán ag sean-Phaisley ó 1970 go dtí gur tháinig Ian óg ina áit in 2010. Is searbh go deo an deoch ag muintir is lucht tacaíochta na bPaisleys gurb é a ndeargnamhaid, ceannaire an TUV, a bheidh anois sa suíochán sin, cúl le cine ceart ina súile sin.

Choinnigh an DUP greim ar chúig cinn dá gcuid suíochán agus chailleadar trí cinn, agus titim 9% ar vóta an pháirtí. Mar a bheifeá ag súil, tá an milleán á chur ag an bpáirtí ar na scoilteanna inmheánacha sa bpobal aontachtach.

Chaill páirtí an DUP an suíochán a bhí i nGleann an Lagáin chomh maith agus is í Sorcha Eastwood, Páirtí na Comhghuaillíochta, an feisire ansin anois. Choinnigh an páirtí a gcuid suíochán sa mBanna Uachtair, Loch Cuan, Aontroim Thoir, Béal Feirste Thoir agus Doire Thoir.  Bhuaigh an tAontachtach Neamhspleách, Alex Easton ar Stephen Perry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta sa Dún Thuaidh, áit nár chuir an DUP ná an TUV aon iarrthóir chun cinn leis an vóta Aontachtach a chúinneáil. Bhain Robin Swann ó Pháirtí Aontachtach Uladh [UUP] an suíochán in Aontroim Theas den DUP.

Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta is mó atá i mbéal an phobail inniu tar éis di a bheith i mbarr an chomhairimh i nGleann an Lagáin, ceantar a bhí riamh fíor-aontachtach. D’ainneoin go leor amhrais faoi roimh an olltoghchán d’éirigh le ceannaire an DUP, Gavin Robinson an suíochán i mBéal Feirste Thoir a choinneáil agus breis is 2500 vóta sa bhreis aige ar Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta. Tháinig Gavin Robinson i gcomharbacht ar Peter Robinson mar cheannaire nuair a d’éirigh seisean as agus cúraimí cúirte airsean.

D’éirigh le Pat Cullen an suíochán i bhFear Manach-Tír Eoghain a fháil do Shinn Féin agus bhí bua gnaíúil ag John Finucane don pháirtí sin i mBéal Feirste Thuaidh.

Fág freagra ar 'Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster'