Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge i measc óige Ghaeltacht Thír Chonaill

Nochtaigh ceisteanna a cuireadh ar óige Ghaeltacht Dhún na nGall faoin nGaeilge mar theanga phobail meon an-dearfach i leith na teanga

7/12/2010. Childrens ClassroomsSeasca faoin gcéad de pháistí scoile sa chuid is láidre de Ghaeltacht Thír Chonaill a áiríonn gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad, dar le réamhthorthaí shuirbhé nua. Ghlac 328 páistí scoile, idir 8-18 bliana d’aois, páirt sa suirbhé a rinneadh i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall.

Frítheadh sa suirbhé go an difear mór a bhíonn ann ó cheantar go ceantar i dtaobh úsáid na teanga agus an dearcadh ina leith. Mheas 60% de pháistí i gceantair ‘Catagóir A’ gur cainteoirí laethúla iad agus níor bhraith ach 15% díobh a bhí ina gcónaí i gceantair ‘Catagóir C’ an rud céanna.

Is é Torsten Dörflinger, teangeolaí agus ateangaire ó Ollscoil Johannes Gutenberg i Mainz na Gearmáine a rinne an taighde. Cuirfidh sé réamhthorthaí an tsuirbhé i láthair ag an Siompóisiam ar Shochtheangeolaíocht na dTeangacha Ceilteacha atá á reáchtáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath tráthnóna inniu.

Thug 46% de na páistí sin i gceantair i ‘gCatagóir C’ go mb’fhearr leo go múinfí ábhair scoile trí mheán an Bhéarla seachas trí mheán na Gaeilge. Níor léirigh ach 17% de pháistí Chatagóir A an mhian chéanna. Mar sin féin, dúirt páistí i ngach ceantar Gaeltachta i nDún na nGall go mba mhaith leo go mbeadh níos mó deiseanna ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den bhaile agus den scoil. Cuireadh ceisteanna ar an dream óg faoi chlubanna óige, sraitheanna teilifíse agus imeachtaí seach-churaclaim trí mheán na Gaeilge agus nochtaigh freagraí na gceisteanna sin meon an-dearfach i leith na teanga.

Táthar ag súil go mbeifear in ann an t-eolas a fuarthas sa suirbhé a úsáid le tuiscint níos fearr a fháil ar stádas na Gaeilge mar theanga phobail i nGaeltacht Thír Chonaill.

Fág freagra ar 'Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge i measc óige Ghaeltacht Thír Chonaill'