Déanfar dochar dainséarach don AE mura dtugtar aghaidh ar shárú conartha na Polainne

San Ungáir agus sa Pholainn, tá an bonn á bhaint de réir a chéile de shaoirse na gcúirteanna agus na meán, agus de chearta eile a ghealltar i gconarthaí an AE

Déanfar dochar dainséarach don AE mura dtugtar aghaidh ar shárú conartha na Polainne

Cuirfear dlús arís an tseachtain seo chugainn le cainteanna faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann nuair a chasfar Leas-Uachtarán an AE Maros Šefčovic agus rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine Liz Truss ar a chéile.

Labhair an bheirt le chéile ar an bhfón an mhí seo caite nuair a ceapadh Truss mar ionadaí Breatimeachta tar éis don Tiarna David Frost éirí as oifig, ach is ag an gcruinniú i Londain a bheidh siad os comhair a chéile don chéad uair.

Táthar níos dóchasaí go dtiocfar ar chomhréiteach sna cainteanna ó thug foinse Breataineach le fios nach mbeadh cosc ar mhaoirseacht Chúirt Bhreithiúnais an AE á iarraidh ag an Ríocht Aontaithe feasta mar réamhchoinníoll réitigh. Níl focal poiblí faoin ráiteas sin ráite ag Liz Truss ach is ar mheon an phríomh-aire a bheidh toradh na gcainteanna ag brath.

Faraor ní heol do dhuine ar bith fós an bhfuil Boris Johnson toilteanach (a) glacadh le comhréiteach agus (b) má ghlacann, toilteanach é a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go macánta. Thaispeáin Johnson arís Dé Céadaoin agus ceithre bhréag in imeacht leathuaire á n-inseacht aige in Westminster nach féidir brath ar fhocal dá ndeir sé.*

Tá lántacaíocht tugtha ag ballstáit an AE do sheasamh Šefčovic sna cainteanna: is é sin go gcaithfí maoirseacht na Cúirte Eorpaí ar an margadh aonair a chosaint sa Tuaisceart. Mar a socraíodh sa chomhaontú Breatimeachta, agus mar a dúirt uachtarán an Choimisiúin Ursula Von Der Leyen in óráid in 2020 inar thagair sí don aighneas faoin bPrótacal pacta sunt servanda (‘ní foláir conarthaí a chomhlíonadh’).

Ní foláir di déileáil áfach le hachrann níos doimhne agus níos achrannaí atá ag bagairt ar an Aontas, agus nach léir fós conas mar a réiteofar é. San Ungáir agus sa Pholainn, tá an bonn á bhaint de réir a chéile de shaoirse na gcúirteanna agus na meán, agus de chearta eile a ghealltar i gconarthaí an AE. Tá rialtais eile in oirthear na hEorpa (sa tSlóivéin mar shampla) ag bagairt ar bhealaí éagsúla ar na cearta céanna.

Thug an Chúirt Eorpach breithiúnas anuraidh go raibh córas smachtaithe do bhreithiúna a cuireadh i bhfeidhm sa Pholainn ag teacht salach ar dhlí an AE. Rialaigh cúirt bhunreachtúil na Polainne ó shin go raibh breithiúnas contráilte tugtha ag an gCúirt Eorpach agus nach raibh dualgas dlíthiúil ar an bPolainn aird a thabhairt ar na forálacha i ndlí na hEorpa a bhain leis an gcás.

Ba léir roimhe seo drogall cheannairí an Aontais agus an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar shárú ar chearta a dheimhnítear i mbunchonarthaí an AE sa Pholainn agus san Ungáir. Tá dúshlán atá rialtas na Polainne a thabhairt don chóras chomh soiléir áfach nach féidir neamhaird a dhéanamh de níos mó.

Tá an Coimisiún ag diúltú €36 billiún atá geallta don Pholainn faoin bplean téarnaimh a moladh chun déileáil le Covid-19 a chur chun na tíre sin toisc nach féidir a bheith muiníneach, dar leo, as córas dlí na Polainne. D’fhéadfadh diúltú níos costasaí a bheith i gceist dá gcuirfí bac ar gach íocaíocht ó chistí an AE ar an gcúis chéanna.

Cibé toradh a bheidh ar na cásanna dlí a spreagfaidh brú dá leithéid ar an bPolainn, ní i gcúirt ach i gcaidreamh tomhaiste polaitiúil a réiteofar an t-aighneas idir an tír sin agus an tAontas. Beidh brú polaitiúil, idir bhog agus chrua, riachtanach chun rialtas na Polainne a mhealladh chun tarraingt siar ón bpolasaí atá á chur i bhfeidhm acu faoi láthair.

Is dúshlán nach beag é an t-achrann seo d’Ursula von der Leyen. Ní hamháin mar gheall ar an easaontas laistigh den AE a chothódh sárú leanúnach ar chonarthaí Eorpacha, ach mar gheall ar an leas a bhainfí as a leithéid i Londain.

Pacta sunt servanda, mar a dúirt sí dhá bhliain ó shin. ‘Ní foláir conarthaí a chomhlíonadh.’

Go deimhin, sin nó íocfar go daor as. Thall agus abhus.

Fág freagra ar 'Déanfar dochar dainséarach don AE mura dtugtar aghaidh ar shárú conartha na Polainne'

  • Niall O Murchadha

    Ta an Pholainn agus an Ungair le moladh ar fad as a seasamh daingean ar son na luachanna ata fos le fail san Eoraip. Seasaimis leo freisin.