Déanfar cinneadh amach anseo faoi chur chuige nua do naíonraí Gaeltachta

An tAire Oideachais Jan O’ Sullivan ag fanacht ar mholtaí ón bpobal sara ndéanfaidh sí cinneadh maidir le córas nua a thabhairt isteach a dhéanfadh scrúdú ar earnáil reamhoideachais na Gaeltachta

18/9/2014 Labour Party Minister for Education Jan O Sullivan speaking to the media at the Department of Education for the Sean lemass awards. Photo: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan chun fanacht go bhfaighfidh sí moltaí ón bpobal sara ndéanfaidh sí cinneadh maidir le córas nua a thabhairt isteach a dhéanfadh scrúdú ar earnáil reamhoideachais na Gaeltachta.

Dúirt an tAire sa Dáil go raibh sí ag súil go gcuirfeadh daoine ó earnáil an réamhoideachais a dtuairimí in iúl di mar chuid den phroíseas comhairliúchán faoi dhréachtpholasaí na Roinne don oideachas Gaeltachta.

Ba é an Teachta Dála ó Fhine Gael Seán Kyne a d’fhiafraigh den Aire an bhforbródh an Roinn Oideachais chur chuige nua chun scrúdú a dhéanamh ar sheirbhísí oideachais réamhscoile sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire nach raibh sí ag iarraidh teacht roimh an bpróiseas comhairliúcháin ar cuireadh tús leis ag tús na míosa seo.

“I do not intend to pre-empt this public consultation process by committing my Department to examining pre-school facilities in Gaeltacht communities.”

Tá roinnt moltaí faoin réamhscolaíocht sa dréachtpholasaí oideachais a seoladh le déanaí.

Moltar, mar shampla, go bhféachfaí ar naíonraí Gaeltachta a lonnú i mbunscoileanna. Moltar chomh maith go gcinnteofaí go bhfuil dóthain Gaeilge ag daoine atá ag obair i naonraí agus tuiscint acu ar mhodhanna múinteoireachta an tumoideachais.

Fág freagra ar 'Déanfar cinneadh amach anseo faoi chur chuige nua do naíonraí Gaeltachta'

  • Colm Ó Cinnseala

    Caithfear náionraí a chur ar fáil do pháistí atá á thógáil le Gaeilge agus cinn eile dóibh siúd atá á dtógáil le Béarla nó i dteaghlaigh teangamheascaithe.