Déanfaidh Laois an-tástáil ar Mhuineachán, ach ba cheart go dtiocfaidh na hUltaigh slán

Tá Muineachán aitheanta anois ar cheann de na foirne is fearr sa tír agus chaith Laois an t-earrach ag imirt i Roinn 4 na sraithe

Déanfaidh Laois an-tástáil ar Mhuineachán, ach ba cheart go dtiocfaidh na hUltaigh slán

Donie Kingston. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Laois v Muineachán – Páirc Tailteann, 2pm

Seo é an dara cluiche craoibhe riamh idir na foirne seo. Is in 2012 a casadh siad ar a chéile den chéad uair, cluiche a bhuaigh Laois, ach tá athrú mór tagtha ar rudaí ó shin. Tá Muineachán aitheanta anois ar cheann de na foirne is fearr sa tír agus chaith Laois an t-earrach ag imirt i Roinn 4 na sraithe.

Lena gceart a thabhairt do Laois, bhí siad rómhaith le bheith thíos sa Roinn sin agus bhain siad ardú céime amach gan mórán stró. Bhí buanna maithe acu sa chraobh i gcoinne Loch Garman, i gcoinne na hIarmhí agus i gcoinne Cheatharlach agus cé gur bhuaigh Áth Cliath go héasca orthu i gcluiche ceannais Laighean, ní haon chúis náire é sin.

Ní raibh rudaí róchrua ar Mhuineachán sna cluichí cáilithe go dtí seo. Bhuadar ar Phort Láirge i mBabhta 2 agus ar Liatroim i mBabhta 3 gan aon stró agus ó tharla an oiread sin cainte a bheith déanta fúthu le linn na sraithe béim síos an mhór a bheadh ann mura n-éireodh leo na ‘Super 8s’ a bhaint amach. Déanfaidh Laois an-tástáil orthu ach ba cheart go dtiocfaidh na hUltaigh slán.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Déanfaidh Laois an-tástáil ar Mhuineachán, ach ba cheart go dtiocfaidh na hUltaigh slán'