Déanfaidh an ghéarchéim thithíochta díobháil fhada éagórach do dhaoine óga

Tá bunchuid den chonradh sóisialta á scrios ach an bhfuil polaiteoirí a thoghann an móramh toilteanach an dochar a leigheas?

Déanfaidh an ghéarchéim thithíochta díobháil fhada éagórach do dhaoine óga

Dá réiteodh cruinneas cainte fadhb, bheadh leigheas ar an nganntanas tithíochta aimsithe deich mbliana ó shin. Ar a laghad.

Thagair an Tánaiste Simon Harris don “éigeandáil” tithíochta Déardaoin agus tuairisc ar rátaí cíosa á plé sa Dáil. Dúirt Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin leis gur “géarchéim” a léirigh an tuairisc a bhí eisithe ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.

Ní raibh aon chomhthuiscint idir an bheirt ar ndóigh maidir le leigheas na faidhbe. Níl duine stuama sa tír áfach nach n-aontódh lena gcur síos.

Faraor tá cur síos géar ar easpa áitreabh cloiste go minic i nDáil Éireann ó tháinig biseach ar an ngeilleagar agus ó neartaigh an t-éileamh ar thithíocht breis agus deich mbliana ó shin.

Mar shampla, nuair a léirigh tuairisc rialtais in 2019 go raibh breis agus 10,000 duine ag brath ar dhídean éigeandála, dúirt urlabhraí tithíochta Fhianna Fáil, Darragh O’Brien gur chúis náire agus déistine é an figiúr a bheith chomh hard.

Cad a tharla ina dhiaidh sin? Chuaigh líon na ndaoine gan dídean i méid gach bliain a chaith seisean mar aire tithíochta idir 2020 agus 2024. De réir na bhfigiúirí a d’eisigh an Roinn Tithíochta Dé hAoine, bhí 16,766 gan dídean i mí Dheireadh Fómhair, níos mó ná riamh, agus 5,274 páiste ina measc.

Tá aithne ag ár bhformhór ar dhaoine:

(a) atá gan dídean nó atá ag brath ar dhídean éigeandála,

(b) a bhfuil cónaí orthu in áitreabh atá róbheag nó mí-oiriúnach ar dhóigh eile,

(c) atá ina gcónaí i dtithe a dtuismitheoirí toisc nach acmhainn dóibh ionad cónaithe a cheannach nó a fháil ar chíos réasúnta,

(d) atá i gcruachás mar gheall ar chíos iomarcach,

(e) a bhfuil imní orthu go gcuirfear amach iad,

(e) a gceiltear saol iomlán neamhspleách mar dhaoine fásta orthu ar na cúiseanna thuas,

(f) a chuaigh ar imirce nó atá ag beartú imeacht ar na cúiseanna thuas.

Níl Teachta Dála ná ionadaí tofa sa tír nach dtuigeann go bhfuil an scéal amhlaidh agus go gcaithfear gníomhú chun déileáil leis. Is fada an t-achar faraor idir gníomhú agus gníomhú éifeachtach.

Thug príomh-eacnamaí na roinne airgeadais John McCarthy a bhreithiúnas le gairid ar an toradh a shílfidh sé a bheidh ar na polasaithe tithíochta atá i bhfeidhm agus beartaithe: ní bheidh deireadh leis an ngéarchéim ar a luaithe go dtí 2040, dar leis.

Ceart go leor. Ní féidir na tithe agus na hárasáin a theastaíonn a thógáil in imeacht cúpla bliain ná le linn tréimhse rialtais. Fiú má thógtar 300,000 ionad cónaithe nua idir seo agus 2030 (‘má’ nach beag tharla nár tógadh ach 30,300 anuraidh) ní foláir glacadh leis go mbeidh ráta tógála níos airde de dhíth ina dhiaidh sin.

Dáiríre is tábhachtaí soláthar ná tógáil ionad cónaithe má táthar ag caint dáiríre ar ionaid chónaithe a chur ar fáil do scata mór daoine atá i gcruachás faoi láthair ar na cúiseanna a shonraítear thuas.

Arís, léiríonn figiúirí oifigiúla gur ag dul chun donais atá an scéal; thaispeáin tuairisc a d’eisigh an Bord um Tionóntachtaí Conaitheacha Déardaoin gur tháinig méadú 35% ar dhíbirt tionóntaí sa tríú ceathrú den bhliain i gcomparáid leis an gceathrú chéanna anuraidh – 5,405 fógra díbeartha i gcomparáid le 3,995 anuraidh.

Tá ábhair ailt eile sna fáthanna a bhaineann leis an méadú, ach ní cóir an díobháil phearsanta agus shóisialta a dhéanfaidh an ghéarchéim thithíochta a chur as an áireamh.

Tá bunchuid den chonradh sóisialta a bhíodh i réim á scrios. Glacadh leis go dtí thart ar 2010 go mbeadh daoine a bhí díograiseach agus iad ar scoil agus i mbun oibre ina dhiaidh sin ábalta ionad cónaithe a aimsiú sula mbeidís 30-35 bliain d’aois. Dá mbeadh tithíocht phoiblí de dhíth orthu, chuirfí ar fáil é.

Tá a fhios ag an aos óg (is é sin le rá, daoine faoi bhun daichead bliain, abair) go bhfuil an gealltanas sin as feidhm anois. Is eol don ghlúin atá níos sine go bhfuil an scéal amhlaidh freisin, ach tá áitreabh dá gcuid féin ag a bhformhór.

Bunaíodh gach polasaí tithíochta a cuireadh i bhfeidhm ó thús an chéid seo ar chur chuige nár chuir isteach ar chearta maoine. Is sampla den mheon a bhí i réim go dtí seo neamhthoil gach rialtas a bhí in oifig ó 2011 dianphionós a ghearradh ar úinéirí foirgneamh/tithe tréigthe ionas go gcuirfí ar an margadh iad nó go n-úsáidfí iad.

Tá cáin níos airde (a seacht faoin gcéad de luach reatha an fhoirgnimh) geallta. Ní chuirfear an reachtaíocht chuí faoi bhráid na Dála, áfach, go dtí an bliain seo chugainn agus meastar nach mbeidh an cháin i bhfeidhm roimh 2027. Taobh amuigh den mhoill, níl córas éifeachtach chun foirgnimh thréigthe a chlárú curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla fós.

Dúisíonn an scéal tithíochta ceist chrua achrannach. An féidir le tír dhaonlathach cothrom na Féinne a thabhairt don ghlúin óg agus óg-mheánaosta?

Dúshlán agus cúis imní don am atá romhainn.

Fág freagra ar 'Déanfaidh an ghéarchéim thithíochta díobháil fhada éagórach do dhaoine óga'

  • An Teanga Bheo

    Do chuile dhuine inniu