Déan dearmad ar chuid mhaith den ‘stair’ a múineadh dúinn sa scoil, agus féach na focail a thug na Lochlannaigh chugainn…

Síneadh an biachlár chuig ár gcolúnaí lá i mbialann ar mhachaire Minnesota agus, ní den chéad uair ná don uair dheireanach chuimhnigh sé ar an méid focal a tháinig isteach sa nGaeilge as an Ioruais

Déan dearmad ar chuid mhaith den ‘stair’ a múineadh dúinn sa scoil, agus féach na focail a thug na Lochlannaigh chugainn…

Síneadh an biachlár chugam lá i mbialann i mbaile beag darb ainm Morris ar mhachaire Minnesota. D’aithin mé an bia ar fad a bhí air cé is moite d’aon rud amháin – torsk.

Dúradh liom gur iasc a bhí ann. D’ordaigh mé é.

Nuair a thug an freastalaí ard fionnbhán chugam é thuig mé an scéal i gceart: ba é an trosc é a bhfuil cleachtadh againn air i gConamara.

Ní hiontas ar bith ar ndóigh go mbeadh tóir ar an torsk sa bpáirt sin de Minnesota; tá sliocht Sualannach go láidir ann i gcónaí.

Tá agus mianach Éireannach freisin. Ba mhinic an dá dhream ag gleadhradh a chéile san am a caitheadh, dúradh liom, go mór mór Lá Fhéil’ Pádraig.

Cuid suntais an méid focal a tháinig isteach sa nGaeilge as an Ioruais.

In aice an chósta a lonnaigh formhór na Lochlannach sa tír seo.

Ba bhreá leo corrsciuird a thabhairt isteach faoin tír freisin ar na haibhneacha agus scéin an bhainbh dhóite a chur sna manaigh, gan trácht ar mhainistreacha a chreachadh.

An-dream farraige a bhí iontu. Murach gurbh ea ní fhágfaidís a dtír féin ó thús.

B’éigean dóibh é a dhéanamh mar go raibh an talamh san áit a raibh siad bocht go maith agus an daonra ag méadú.

Ní raibh aon dul as acu ach iad féin a chur in arm agus in éide, a gcuid bád cogaidh a fháil faoi réir agus féachaint le críocha eile a thabhairt faoina smacht trasna na dtonnta.

Ó tharla cúrsaí na mara a bheith sa bhfuil acu, agus ar bharr a dteanga, is intuigthe gur le báid agus le hiascaireacht a bhaineann cuid mhaith de na focail a bhronn siad orainn.

Rud atá deacair a thuiscint a laghad suime a bhí ag na Gaeil san iascaireacht aimsir na Lochlannach, ná ó shin go deimhin má théann sé go dtí sin.

Tá an fharraige timpeall orainn ar chuile thaobh. Shílfeá go mbeadh sé sin tugtha faoi deara againn.

B’fhearr linn coinneáil leis an talmhaíocht, neart beithíoch a thógáil agus táin bó a eagrú chomh minic agus ab fhéidir.

Dá mbeadh tionscal rathúil iascaireachta in Éirinn roimh theacht na Lochlannach is iadsan a bheadh ag goid focal uainne in áit é a bheith ar a mhalairt de chaoi.

Féach na focail seo:

Gaeilge

Sean-Ioruais

ancaire

akkeri

bád

bátr

stiúir

styri

dorú

dorga

langa

langa

Más ruaigeanna creiche a bhí na Lochlannaigh a thabhairt faoi Éirinn i dtús aimsire agus má scrios siad cuid de na mainistreacha níorbh fhada gur shocraigh siad síos, gur bhunaigh siad bailte agus gur thosaigh siad ag trádáil leis na Gaeil. Tháinig focail Ghaeilge as an trádáil sin freisin.

Féach iad seo, mar shampla:

Gaeilge

Sean-Ioruais

margadh

markadhr

bróg

brók

pingin

penninger

Tá go leor le foghlaim againn fós faoi na Lochlannaigh agus faoin gcaidreamh a bhí idir iad féin agus an dream a fuair siad rompu in Éirinn. Déan dearmad ar chuid mhaith den ‘stair’ a múineadh dúinn sa scoil. Finscéal atá i gcuid mhaith di sin.

Dá mba é cath Chluain Tarbh féin é cuireadh an scéal as a riocht sa tuairisc a fuair muid air. Tugadh le tuiscint dhúinn go raibh na Gaeil chróga ar thaobh amháin agus na Lochlannaigh bharbartha ar an taobh eile agus gur dhíbir muid as an tír iad leis an gcath sin.

Tá leabhar le foilsiú as seo go deireadh an tsamhraidh a mhíneoidh nach mar sin a bhí. Chomh luath agus a thiocfas sí amach roinnfidh mé an t-eolas le léitheoirí Tuairisc.ie.

Idir an dá linn is fiú do dhaoine a bhfuil suim acu i dtaobh na dteangacha den scéal tuairisc a chur faoi leabhar a scríobh Diarmaid Ó Muirithe dar teideal A Supplement to the Dictionary of Scandinavian Words in the Languages of Britain and Ireland.

Fág freagra ar 'Déan dearmad ar chuid mhaith den ‘stair’ a múineadh dúinn sa scoil, agus féach na focail a thug na Lochlannaigh chugainn…'

  • Carraig

    Mórán Éireann logainmneacha freisin. ‘Smerwick’ gan ach ceann amháin a lua. D’fhéadfaidís ceachtanna faoi chúrsaí gnó agus margaidh a mhúineadh dúinn inniu freisin.

  • Mánus

    Cén uair a bheidh sanasaíocht na Gaeilge ar fáil ar líne? Is gné tábhachtach de theanga ar bith bunús na bhfocal.
    An dtagann an focal “réal” (sé phingin / leath scilling) ón Bhonn airgid Spáinneach “real”? Cén baint atá ag an focal Spáinneach “caballo” le “capall” na Gaeilge?
    Cén fáth go bhfuil an fhuaimniú céanna ar Íosa sa nGaeilge is atá san Arabais? Ar tháinig an t-ainm Íosa chugainn ón gCoptais?
    I bhfolús atá an Ghaeilge agus stair na teanga ceilte orainn.

  • Carraig

    Chuaigh roinnt focal òn nGaeilge faoin Lochlannais chomh maith ní foláir liom. Sin nádúr gach teanga. Féach an focal ‘lung’ sa Lochlannais…nach ón nGaeilge ‘long’ é sin? An focal ‘bád’ a thug siad sin dúinne is meafar é ar ‘bean’ i gC. Dhuibhne. Bhí cuma an-seolta, an-seang ar na ‘báid’ acu sin.
    !