Mura dtugtar pionós airgid isteach d’eagraíochtaí stáit a sháraíonn an reachtaíocht teanga ní bheidh aon rath uirthi, a deir an té a thug isteach an tAcht Teanga.
Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur theip ar an gcóras a bhí ann go dtí seo a chinntiú go gcuirfí an dlí teanga i bhfeidhm.
“Cuireann sé iontas ormsa, déarfaidh mé an fhírinne leat, go bhfuil go leor eagraíochtaí stáit ann agus tugann siad dúshlán an Oireachtais trí neamhaird a dhéanamh ar an dlí, arís agus arís eile,” arsa Ó Cuív.
Dúirt an t-iar-aire gur anois nó riamh a bhí ann don reachtaíocht a thug sé féin isteach 17 bliain ó shin agus a bhfuil leasuithe uirthi á bplé faoi láthair.
“Ceapaim féin go bhfuil sé tagtha chuige sin, mura mbeidh a leithéide sin ann, pionós airgid, gur cuma céard a chuireann muide in áit, istigh sa mbille, nach mbeidh feidhm leis.
“Caithfidh mé a rá go bhfuil mé meáite gur theip ar an rud a ceapadh maidir leis an gCoimisinéir Teanga. Caithfimid bogadh ar aghaidh agus a rá, ní leor don Choimisinéir Teanga tuarascáil [a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais].
“Cuirfidh muintir na Gaeilge spéis ann. Is mionlach muid i dTithe an Oireachtais. Táimid níos láidre ná mar a bhí muid, ach is mionlach muid. An chuid eile den Oireachtas, a bheag nó a mhór, déanann siad neamhaird ar na rudaí sin nuair is í an Ghaeilge atá i gceist.”
Dúirt Ó Cuív gurb amhlaidh an scéal toisc go ndéanann eagraíochtaí stáit neamhaird ar an dlí teanga ar shlí nach ndéantar neamhaird ar reachtaíocht eile.
Dúirt Ó Cuív gur chuir sé iontas air féin nuair a tháinig an tAcht Teanga isteach a thoilteanaí is a bhí eagraíochtaí stáit dúshlán an Oireachtais agus an Choimisinéara Teanga a thabhairt i dtaobh an dlí teanga.
Dúirt Ó Cuív go mbeadh “míle murdar” i dTithe an Oireachtais dá dtarlódh a leithéid i gcás reachtaíocht eile nó moladh ón Ombudsman.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh “uair na cinniúna” tagtha don reachtaíocht teanga.
Mhol sé go dtabharfaí airgead na smachtbhannaí d’eagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Mhol Foras na Gaeilge ag an gcruinniú den choiste Oireachtas inné go gcuirfí smachtbhannaí ar eagraíochtaí stáit a sháródh an reachtaíocht teanga.
Faoin Acht Teanga mar atá, d’fhéadfadh aire na Gaeltachta rialachán a dhéanamh maidir le smachtbhannaí a thabhairt ach níor tharla sin go fóill.
Donncha Eile
An bhfeasóidh pianós rudaí? Nó an gcuirfidh sé leis an drochmheon?
Poraic O'hEipicín
Maith Thú. Éamon.
Sibéal
Ach a Theachta Cuív Ó cé mhéid bliain a thógfadh sé ar FFFG an reachtaíocht píonòis sin a chur os comhairna Dála?
John Dunphy
B’fhéidir go bhfuil an cheart ag Éamon Ó Cuív. Mar shampla an “Prompt Payments Act” – cuireann an dlí sin dualgas ar eagraíochtaí stáite/poiblí íoc as earraí agus seirbhísí gan mhoill -mura íocann siad i gceann 30 lá (nó pé téarma atá luaite san Acht na laethanta seo) gearrtar pionós orthu i bhfoirm ús breise le híoc. Sampla eile ná an “Derelict Sites Levy”.
Pointe eile – tá na polaiteoirí sásta “idirdhealú dearfach” a dhéanamh maidir le mná sa saol polaitúil – chun níos mó mná a mhealladh isteach sa Dáil – cén fáth nach féidir leo “idirdhealú dearfach” céanna mar gheall ar Ghaeilgeoirí sa StáitSeirbhís?