‘Ní achtófar an Bille Teanga i mbliana’ – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna, dúirt ceannasaí Fhoras na Gaeilge gur cheart smachtbhannaí a thabhairt isteach do chomhlachtaí nach gcloíonn leis an reachtaíocht

‘Ní achtófar an Bille Teanga i mbliana’ – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Beidh slán fágtha againn le 2020 faoin am a dtabharfar isteach reachtaíocht nua chun láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, reachtaíocht ar tosaíodh an plé fúithi naoi mbliana ó shin.

Cé go bhfuil geallta ag an Rialtas agus airí na Gaeltachta go n-achtófar an bille i mbliana, dúirt Cathaoirleach an choiste Oireachtais a bheidh ag plé leis an gcéad chéim eile den reachtaíocht nach bhfuil seans dá laghad ann go rithfear í roimh dheireadh 2020.

Níl an bille tagtha os comhair Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go fóill.

“Tá a fhios agam go bhfuil sé i gClár an Rialtais ach is cuma cad a déarfaidh aon duine, ní bheidh an bille seo achtaithe roimh dheireadh na bliana seo,” a dúirt Teachta Shinn Féin inniu.

Is é Coiste na Gaeilge atá freagrach as an gcéad chéim eile d’aistear an bhille i dTithe an Oireachtais agus is ar an 9 Nollaig a chuirfidh baill an choiste tús lena bplé faoi leasú an bhille.

Deir baill an choiste go mbeidh cúpla seachtain ar a laghad ag teastáil chun scagadh a dhéanamh ar na leasuithe a mholfar ar an reachtaíocht. Idir leasuithe an Rialtais, leasuithe pholaiteoirí an fhreasúra agus leasuithe ó eagraíochtaí teanga meastar go mbeidh na scórtha acu i gceist.

Gealladh i gclár an rialtais, a foilsíodh mí an Mheithimh go dtabharfaí bille teanga níos láidre isteach roimh 2020 agus tá an rud céanna geallta roinnt uaireanta ó shin ag Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Gheall an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Meán agus Spórt, Catherine Martin mí Mheán Fómhair go mbeadh bille teanga nua achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Agus an bille leasaithe os comhair na Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Martin gur aithin an Rialtas na laigí a bhí ar an mbille ach go ndéanfadh na leasuithe a bhí molta acu é a neartú.

Mhaígh sí féin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go gcuirfeadh an bille feabhas ar na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge.

Bhí ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun plé a dhéanamh ar an mbille teanga agus gnóthaí eile.

Dúirt ceannasaí na heagraíochta trasteorann gur chóir pionóis a chur ar chomhlachtaí nach gcloíonn lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go raibh taighde déanta ar thíortha eile acu féin agus gur cheart féachaint ar smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcás comhlachtaí nach gcloíonn leis an reachtaíocht.

Dúirt Ó Coinn freisin gur cheart feidhm reachtúil a thabhairt don phlean náisiúnta earcaíochta atá le tabhairt isteach faoin mbille nua a bhfuil mar aidhm leis cur le líon na ndaoine sa státchóras a bheidh in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge leis an bpobal.

Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais gur chóir spriocanna soiléire a leagan síos i dtaobh chuspóirí an bhille.

Tá sé mar sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí.
Mhaígh Príomhfheidhmeannach an Fhorais go rabhthas ag fanacht le fada le deis a fháil chun an tAcht a neartú agus go gcaithfí an deis seo a thapú an tAcht Teanga a neartú.

Pléadh chomh maith ag cruinniú Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu cás na gciorruithe a rinneadh ar Scéimeanna Pobal Gaeilge Fhoras na Gaeilge in 2016. Tá na ciorruithe i mbéal an phobail arís ó tharraing Conradh na Gaeilge aird orthu le déanaí agus iad ag iarraidh go gcaithfí cuid den airgead breise atá geallta d’Fhoras na Gaeilge ar na scéimeanna.

Ghlac Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo caite le dhá rún a mhol an Conradh ag iarraidh ar Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a chur ar ceal.

Dúirt Seán Ó Coinn tráthnóna gur thuig sé an “obair fhiúntach” a bhí ar siúl ag lucht na scéimeanna agus go ndéanfaí athbhreithniú ar an scéal an bhliain seo chugainn. Ó 2016 níl maoiniú á chur ar fáil ach do 80% de phá na ndaoine atá fostaithe ag an 22 scéim pobail. Dúirt Seán Ó Coinn gur cinneadh na ciorruithe sin a thabhairt isteach “de bharr riachtanais” agus ní de bharr “fealsúnachta”.

Pléadh chomh maith ag cruinniú an lae inniu an maoiniú a fhaigheann Tuairisc.ie. Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil €100,000 níos lú á fháil ag Tuairisc.ie in aghaidh na bliana ná mar a bhí ag an nuachtán a chuaigh roimhe, Gaelscéal, in 2009.

Mhol Príomhfheidhmeannach an Fhorais obair Tuairisc.ie agus na meán eile agus dúirt sé go raibh ag éirí chomh maith sin leis an tseirbhís nuachta ar líne gur dheacair saol na Gaeilge a shamhlú dá huireasa.

Fág freagra ar '‘Ní achtófar an Bille Teanga i mbliana’ – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge'

  • Éamonn Ó Gribín

    Spéisiúil go ndúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais gur chóir ‘spriocanna soiléire’ a leagan síos i dtaobh chuspóirí an bhille. B’fhéidir go bhféadfadh sé roinnt samplaí de ‘spriocanna soiléire’ a cuireadh i bhfeidhm san Fhoras, ó ghlac sé greim aige ar roth stiúrtha an Fhorais mar phríomhfheidhmeannacha? Moltar ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla!

    D’fhéadfadh sé gur comhtharlú é seo, mar mhol an tUasal Seán Tadhg Ó Gairbhí an méid seo; “Chuige sin ní foláir spriocanna soiléire réadúla agus spriocdhátaí cinnte a bheith ann.” san alt leis ” Deis amháin eile don Straitéis 20 Bliain? ” (Tagairt: Comhar 78 (6), 5.)

  • Donncha Eile

    Moilleadóireacht, tuilleadh moilleadóireacht.

  • Pól Ó Braoin

    Mar a dúirt an té a dúirt, níl aon chíos ar an gcaint. Údaráis bhéarla atá againn agus sin sin…