‘Déan dearmad ar 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge faoi 2030’ – beirt iar-airí Gaeltachta

Deir an bheirt iar-airí Gaeltachta is mó atá luaite leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil sé in am féachaint arís uirthi agus fáil réidh leis an mórsprioc inti

‘Déan dearmad ar 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge faoi 2030’ – beirt iar-airí Gaeltachta

Deir an bheirt iar-airí Gaeltachta a a bhí freagrach as forbairt agus tabhairt isteach An Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 gur chóir “dearmad” a dhéanamh ar an mhórsprioc atá inti – go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

Léirigh  na figiúirí nua daonáirimh a foilsíodh le déanaí gur 71,968 cainteoir laethúil lasmuigh den chóras oideachais atá ann.

Fágann sin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa stát laghdaithe 6.8% ó 2011 nuair a thug 77,185 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, fianaise a deir na hiar-airí go bhfuil sé in am mórsprioc na straitéise a chaitheamh i dtraipisí.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, a bhí ina aire Gaeltachta nuair a tugadh faoin straitéis a fhorbairt, nach raibh “seans faoin spéir ann” go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ann faoi cheann seacht mbliana eile.

“Is gá dearmad a dhéanamh ar an bhfigiúr sin anois.

“Nuair a bhí muid ag réiteach Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge bhí líon na gcainteoirí laethúla ag dul in airde ach is léir ón laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla sa dá dhaonáireamh is déanaí go bhfuil muid ag dul sa treo mícheart”.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc go raibh cur chuige an rialtais i dtaobh chur i bhfeidhm na straitéise mar a bheadh ag foireann peile “a raibh sprioc acu cluiche ceannais a bhuachtáil ach a chaith chuile lá sa phub”.

“Dá gcaithfeá chuile lá sa phub in ionad a bheith ag traenáil agus in ainneoin an phlean a bhí agat, ní fhéadfá a bheith ag súil go mbainfí an corn sa deireadh.

“Ní hé an sprioc a bhí bunoscionn, ach níor cuireadh an straitéis i bhfeidhm riamh,” a dúirt sé.

Dúirt an t-iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Pat Carey, a bhí ina aire Gaeltachta nuair a tugadh an straitéis isteach in 2010, “nach bhfuil aon seans ann” go mbeidh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais faoi 2030. Dúirt Carey gur cheart sprioc “níos réalaíche” a leagan síos.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pat Carey, a d’éirigh as saol na polaitíochta in 2015, gur léir go raibh an sprioc a leagadh síos sa straitéis maidir le líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú “ró-uaillmhianach”.

“Bhí dóchas againn nuair a foilsíodh an straitéis go mbainfí an figiúr sin amach ach tá athrú mór tagtha ar an tír ó shin agus tá ceist na teanga níos casta ná riamh.

“Bheadh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den straitéis agus í a chur in oiriúint don lá inniu,” a dúirt sé.

Mhaígh Éamon Ó Cuív go raibh deich mbliana “caillte” mar nár cuireadh an straitéis i bhfeidhm.

“Ba chóir athbhreithniú sciobtha a dhéanamh ar spriocanna na straitéise agus an plean a chur i bhfeidhm sna seacht mbliana atá fágtha,” a dúirt an Éamon Ó Cuív.

Nuair a foilsíodh figiúirí Daonáireamh 2022 an tseachtain seo caite, dúirt saineolaithe agus gníomhaithe teanga gur beag seans go mbainfí an sprioc i dtaobh líon na gcainteoirí laethúla atá luaite sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge amach faoi 2030.

Dar leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, Stiúrthóir SEALBHÚ, an Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, gur léirigh figiúirí nua an daonáirimh go raibh a “rás rite” ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

“Tá a rás rite ag an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Tá sé in am againn foghlaim ó mhuintir na Breataine Bige agus Thír na mBascach má theastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge á labhairt ar bhonn níos forleithne.

“Ní fheictear dom go bhfuil an toil ná na hacmhainní sa státchóras le go dtarlódh sé sin. Áitím go nglaofaí Tionól Saoránach le dlús a chur faoin athrú ó bhonn a theastaíonn ar chúrsaí polasaí i leith na Gaeilge. Mura dtarlaíonn a leithéid de bheartas, dar liom, leanfaidh an laghdú leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

Ag trácht di ar an laghdú a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla sa daonáireamh is déanaí, dúirt iarChathaoirleach COGG, Muireann Ní Mhóráin, nach raibh “aon dóchas” aici go mbainfí an sprioc amach go mbeadh ceathrú milliún cainteoir Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa stát faoi 2030.

“Níl aon dóchas agam go dtarlóidh sé sin, go háirithe nuair a thugtar san áireamh leithéid an easpa tacaíochta stáit don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag gach leibhéal; nach bhfuil Coimisinéir Teanga in oifig; nach bhfuil feabhas tagtha ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge agus neart eile. Mair a chapaill…”

Fág freagra ar '‘Déan dearmad ar 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge faoi 2030’ – beirt iar-airí Gaeltachta'

  • Seán

    Lucht an éadóchais; cupán leath fholamh….

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ar a laghad ar bith, nuair a bhí pub i Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán, áit ar tharla titim suntasach i líon na gcainteoirí laethúla, bhíodh an Ghaeilge á labhairt go paiteanta ann! Agus sna siopaí! I gcead do Mháirtín Ó Cadhain, an t-aon áit amháin i Leitir Mealláin a bhfuil an pobal le Gaeilge ag meadú ann ná Reilig Chuigéil!

  • Seán ÓM

    Bhí Donncha Ó hEallaithe – fear atá fíor-eolach faoin ábhar seo – ag rá nach raibh aon bhunús eolaíochta nó taighde ag baint leis an sprioc 250,000 sin agus é ag labhairt faoin gceist i 2013 – agus gur chóir dúinn spriocanna indéanta a leagan síos – bunaithe ar thaighde.

    Mar chomparáid, a dúirt sé, bhí an Bhreatain Bheag ag iarraidh ardú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla thar 10 mbliaina – ach leis an sprioc 250,000 bhí muide ag lorg ardú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla GACH BHLIAIN.

    B’in 2013 …. Agus tá Ó Cuív ag glacadh leis an bhfirinne anois. Is fearr mall ná riamh. …. Ach é féin ag rá go bhfuil 10 mbliana cáilte!? hmmmm….

    Tá an físeán ar Youtube – clár faisnéise “An Féidir Linn” le Tom Trainer – 10 nóiméad istigh, bíonn Donncha ag rá:

    “dá mbeadh spriocanna réadúla ann, d’fhéadfaí iad a bhaint amach agus dóchas daoine a chothú, agus fuinneamh a chothú ar an dóchas sin (…) Ach maidir leis na spriocanna atá ann, ní féidir ach teip orthu”.
    Donncha Ó hEallaithe
    TG4 – An Féidir Linn – Márta 2013

    https://youtu.be/bPYdADwLYbQ?t=586

  • Gabriel Rosenstock

    Beidh tús maith déanta againn nuair a thuigfear nach féidir agus nach ceart brath ar an Rialtas. Níl a gcroí san áit cheart. Cén croí? Tá cruthaithe anois ag eolaithe nach bhfuil croí ar bith ag Rialtas ar bith.

  • Joe macEochagáin

    Fheicim cosúileachtaí móra idir an HSE agus plean an rialtais ar son na Ghaeilge. Easpa tuisceana a chothaíonn mí-éifeacht.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá géarghá le brúghrúpa radacach le dhul sa tóir ar pholaiteoirí – ACHAN POLAITEOIR SA STÁIT – agus ar na ranna rialtais le cuir ina luí orthu an Ghaeilg a chuir chun tosaigh in achan gné de shaol na hÉireann. Grúpa atá sásta neart scairtigh agus clamhsan a dhéanamh, nó is cosúil nach bhfuil an ‘cogar i gcluas an pholaiteoir’ ag oibriú. Ach tá airgead a dhith lena leithéid a dhéanamh – agus chan airgead ón stáit mar atá Conradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge uilig sa tír ag fáil.

    Tá géarghá dlíthe a achtú chun an Ghaeilg bheith éigeantach san earnáil phríobháideach. I mo thuairimse, is iad na gnónna/gnóthaí príobháideach atá ag scriosadh na Gaeilge. Níl dualgas ar bith orthu rud ar bith a dhéanamh i nGaeilg – fiú iad siúd atá bunaithe sa ‘Ghaeltacht’!! Ní fiú faic an ‘dea-thoil’ i saol an lae inniu.

    Agus tá sé i bhfad thar am an dáil i dTeach Laighean a dhruid go hiomlán agus réitigh a fháil d’iarsmaí an chóilíneachais. Ba cheart ár rialtas náisiúnta bheith suite agus ag feidhmiú ó lár na tíre – i bhfoirgnimh nua-aimseartha i mBaile Átha Luain.

    An raibh Ó Cuív agus Carey ag déanamh iarracht ar bith an Ghaeilg a labhairt agus a chuir chun cinn i dTeach Laighean nuair a bhíodh siad ann?? Ar labhair siad (agus achan Aire Gaeltachta eile) i nGaeilg agus iad sa Dáil – is cuma cén Aireacht a bhí acu i ndiaidh an Aireacht Gaeltachta?? Más Aire Gaeltachta thú is cinnte go dtig leat do ghnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge – nach ndéanfá, mar sin, do ghnóithe trí Ghaeilg agus tú i d’Aire Oideachais? Talmhaíochta? nó Aireacht ar bith eile??

    An bhfuil níos mó ateangairí a dhith sa dóigh is go dtig leis na cainteoirí Gaeilge leanúint leo ag labhairt na Gaeilge agus gan brú orthu tiompú ar an Bhéarla mar nach bhfuil aon Ghaeilg ag an té atá ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leo.