DARA Ó CINNÉIDE: Ó sinne ar bheagán dóchais, maith dhúinn ár bpeacaí!

Ní mór eile atá againn an tseachtain seo seachas na cuimhní, na cuimhní agus an dóchas atá inár gcroí go bhfuil bláthú niamhrach i ndán dos na himreoirí seo

DARA Ó CINNÉIDE: Ó sinne ar bheagán dóchais, maith dhúinn ár bpeacaí!

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Nach ait é, ach pé caint atá ar bun fé chluiche ceannais an Domhnaigh anseo thíos i gCiarraí baineann cuid mhaith di le dioscúrsa an dóchais, le réimse na dóchúlachta agus leis an oidhreacht shaibhir chaide atá sa chontae.

Ainneoin ábhar beag cainte bheith á dhéanamh fés na coimhlintí pearsanta agus na comhraic aonair a bheidh idir imreoirí áirithe, fé bhrú a bheith á chur ar chiceanna amach agus fén laige a taibhsítear dos na húdair a bheith i líne lánchúil Átha Cliath, is ar stair agus ar thraidisiún na caide atá cuid mhaith den gcaint á déanamh an tseachtain seo.

Chonac agus chuala cheana a leithéid agus ní rófhada ó shin é.

Ar feadh seachtaine roimis chluiche ceannais na hiomána, bhí na páipéir nuachta agus na cláracha raidió breac le hiarimreoirí Chill Chainnigh ag dul siar go maoithneach ar bhóithrín na smaointe agus iad ag iarraidh cás a dhéanamh dá gcontae féin.

Bhíodar á dhéanamh seo ar bhonn na staire agus ar a raibh bainte amach ag foirne eile ó Chill Chainnigh a tháinig rompu.

In am an ghátair sin é a deintear. Téitear siar ar fad, domhain isteach i mbolg na hoidhreachta díreach fé mar a dheineann treibheanna áirithe agus iad á ngríosú féin chun catha, iad ag impí agus ag guí chun na hoidhreachta chun go bhféadfaí an chéad choimhlint eile a bhuachtaint.

Is amhlaidh atá i gCiarraí an tseachtain seo.

Táim féin tar éis bheith ag éisteacht an tseachtain seo le sean-agallaimh chartlainne ó leithéidí Pat Aeroplane O’Shea, gaiscíoch a bhí síos go gunail i bhfeachtas an Aud le linn Éirí Amach na Cásca agus fear a bhuaigh dhá chraobh uile-Éireann é féin i 1913 agus 1914 sara luigh sé isteach i gceart le hÓglaigh na hÉireann agus le cúis na saoirse.

Thugas tamall chomh maith ag éisteacht le Joe Keohane ag cur síos ar a sheana-pháirtí, John Joe Sheehy, ceann feadhain de chuid Arm na Poblachta, a fuair cead cos ar leith ó Con Brosnan, oifigeach de chuid an tSaorstáit, chun cluiche ceannais na Mumhan a imirt sa bhliain 1924 ar Pháirc an Aonaigh i Luimneach. Tá daingniú, misniú agus spreagadh ag baint lena scéalta, níl aon amhras fé sin.

Cad fé Joe Shiobhán Mac Gearailt ó Bhaile na nGall agus Cathair Bó Sine anseo i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bhí ina chaptaen ar fhoireann Átha Cliath ach a mbuadar ar an nGaillimh i gcluiche ceannais uile-Éireann na bliana 1942 agus a bhí, más fíor an seanchas, ar diúité ar shráideanna na hardchathrach laistigh d’uair an chloig?   

Tá cur síos ar chluichí ceannais na bliana 1955 agus arís 1975 ag baint macallaí as na frathacha i dtithe tábhairne Chiarraí an tseachtain seo agus tá comhráití geala fés na blianta iontacha sin go raibh sé le rá leis na Dubs againn ná raibh buaite ag Áth Cliath sa chraobh orainn ó bhí Elvis siúlach ar Memphis. B’iúd iad na blianta go bhféadfaimis tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh ag caint go doilíosach ar mar a mbris Uíbh Fhailí ár gcroí agus ná beimis mar a chéile go deo arís dá bharra, ach fios go maith, mar sin féin againn, gur dóichí go mbeadh sciatháin ag dul abhaile orainn agus corn Sam Mhig Uidhir mogallaithe arís.

Ní hamháin gur athraigh cic saor Stephen Cluxton in 2011 scéal agus dán na caide Cois Life ó bhonn, d’athraigh sé ár bport anseo thíos chomh maith.

Sin é an taobh go bhfuil an chaint go léir an tseachtain seo dírithe ar mar ar stadadh Ciarraí i 1982, mar ar thug Páidí Ó Sé lascadh breá sa tóin do Joe McNally i 1984 agus mar ar aimsigh an Gooch ceann de na cúil ba chumhachtaí riamh in 2009 sa mhéid go stad sé trí mhíle dhéag duine ag amhrán is ag búirthí le haon chic ealaíonta amháin.

Ní mór eile atá againn an tseachtain seo seachas na cuimhní. Na cuimhní agus an dóchas atá inár gcroí go bhfuil bláthú niamhrach i ndán dos na himreoirí seo ná fuil d’éachtaint againn go fóill uathu ach péacadh bídeach na féidearthachta.

An mbuafam?

Ní mór d’Áth Cliath an-drochlá a bheith acu chun go dtarlódh a leithéid.

Cathain go deireanach a tharla san?

Cluiche leathcheannais na bliana 2014, b’fhéidir?

Ach b’fhéidir chomh maith ná tugtar an t-aitheantas is dual do ghliocas agus do thiarnúlacht na gConallach an lá céanna.

Pé laigí agus smáil a nochtadh an lá úd in imirt Átha Cliath, táid ceilte go maith arís acu le dea-chosaint, le hord is le heagar, le snas is le hallas.

Is fánach agus is neafaiseach mar a thiteann na piardaí móra nuair a thiteann siad agus níl Ciarraí gan chúis dóchais.

Tá a fhios ag an uile dhuine cé chomh maith is atá Áth Cliath ach tá tuairim agam ná fuil aon tomhas go fóill againn ar cé chomh maith is a d’fhéadfadh Ciarraí a bheith.

B’fhéidir gurb é an Domhnach an lá go scarfar le cuing na daoirse ach is deacair dom é a shamhlú.

Ó sinne ar bheagán dóchais, maith dhúinn ár bpeacaí!

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ó sinne ar bheagán dóchais, maith dhúinn ár bpeacaí!'