Trí chluiche ceannais eile nár tugadh mórán seans d’fhoireann na Ríochta…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na cluichí ceannais inar éirigh le Ciarraí teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic

Trí chluiche ceannais eile nár tugadh mórán seans d’fhoireann na Ríochta…

Is ait an scéal é foireann peile Chiarraí a bheith ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann agus nach mór chuile dhuine den tuairim nach bhfuil mórán seans acu. Comhartha eile ar cé chomh láidir agus atá foireann seo Átha Cliath.

Agus fir na hardchathrach ag gabháil don ráig ar an gcúig, tá an-chuid cainte á déanamh an tseachtain seo ar Shéamus Darby agus cluiche ceannais 1982 nuair a cuireadh deireadh le hiarracht Chiarraí cúig chraobh as a chéile a bhuachan.

Ach níl lucht tacaíochta Chiarraí ag brath ar ghaiscí Uíbh Fhailí amháin chun teacht ar ábhar dóchais roimh chluiche an Domhnaigh. Is é seo an 60ú huair ag Ciarraí i gcluiche ceannais sinsir peile na hÉireann agus d’éirigh leo cuid den 37 ceann a bhuaigh siad a bhuachan in ainneoin nach raibh siad mar rogha na coitiantachta. Seo trí cinn de chluichí ceannais inar éirigh le Ciarraí an beart a dhéanamh nuair nach raibh coinne ag mórán leis.


1955 – Ciarraí 0-12 Áth Cliath 1-6

Is beag seans a bhí á thabhairt do Chiarraí roimh chluiche ceannais 1955. Dúradh sa nuachtán Scéala Éireann go mbeadh bua cúig phointe ag Áth Cliath. Bhí iarchaptaen ar fhoireann na hardchathrach Paddy McDonnell níos cinnte fós agus é den tuairim go raibh Áth Cliath deich bpointe níos fearr ná Ciarraí.

Bhí daoine ar bheagán muiníne i gCiarraí féin agus dúirt iarlaoch na Ríochta Paul Russell go raibh a gcéilí comhraic níos tapa, níos aclaí agus níos cumasaí ná fir Chiarraí.

Ní foireann gan mhaith a bhí i gCiarraí ag an am ach an oiread. Bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach an dá bhliain roimhe sin. Bhí an bua acu ar Ard Mhacha i 1953 agus fuair contae na Mí an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais 1954.

Ach tháinig foireann Átha Cliath aniar aduaidh ar gach duine i 1955. Agus stíl imeartha nua in úsáid acu, agus an lántosaí Kevin Heffernan ag imirt ar fud na páirce, bhí gaiscí á ndéanamh acu.

Bhuaigh Áth Cliath an tsraith nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chontae na Mí go héasca sa chluiche ceannais. Chas na foirne ar a chéile arís i gcluiche ceannais Laighean agus thug Áth Cliath stánáil cheart d’fhir na Mí arís, 5-12 in aghaidh 0-7, an greadadh is mó a buaileadh ar sheaimpíní na hÉireann go dtí sin.

Bhí athimirt ag teastáil ó Áth Cliath chun Maigh Eo a shárú sa chluiche leathcheannais ach faoin am ar tháinig an cluiche ceannais i gcoinne Chiarraí, is beag duine a shíl go mbeadh foireann sheanfhaiseanta na Ríochta in ann ag fir na hardchathrach.

Ní mar sin a thit amach i bPáirc an Chrócaigh áfach. Ba iad fir mhóra láidre Chiarraí lena stíl thraidisiúnta a bhí i gceannas ó thús agus iad dhá chúilín chun cinn ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-3. Mhéadaigh an bhearna idir na foirne sa dara leath agus bhí Ciarraí 0-12 in aghaidh 0-6 chun tosaigh agus gan ach cúig nóiméad fágtha. Cé go bhfuair Ollie Freaney cúl d’Áth Cliath deireanach sa chluiche, ba iad na Ciarraígh a bhí ag ceiliúradh ag deireadh na himeartha.

Bhuaigh an fhoireann sin as Áth Cliath craobh na hÉireann i 1958 ach ghoill cluiche ceannais 1955 go mór orthu.

“Níor chuir aon chluiche a chaill mé agus mé i mo bhainisteoir isteach orm chomh mór agus a chuir an cluiche sin i 1955,” a dúirt Kevin Heffernan blianta fada ina dhiaidh.


1975 – Ciarraí 2-12 Áth Cliath 0-11

Thug Kevin Heffernan aghaidh ar Chiarraí arís i gcluiche ceannais 1975 agus fear Naomh Uinsionn anois ina bhainisteoir ar fhoireann na hardchathrach. Níor thóg sé i bhfad air dul i gcleachtadh ar an ról nua aige ach an oiread. Bhuaigh Áth Cliath craobh na hÉireann i 1974, an chéad bhliain a raibh Heffernan mar bhainisteoir orthu.

Bhí bainisteoir nua ag Ciarraí don bhliain 1975 chomh maith agus an cúram sin leagtha ar Mick O’Dwyer a bhí díreach éirithe as an imirt le foireann na Ríochta.

Chuir Heffernan an-bhéim a ar aclaíocht na foirne a raibh diantraenáil déanta acu i bPáirc Parnell agus mheas O’Dwyer nach n-éireodh le haon fhoireann seaimpíní na hÉireann a chloí mura mbeadh siad níos aclaí ná iad.

Foireann iontach óg a bhí ag fear an Choireáin agus aghaidh á tabhairt ag Ciarraí ar Áth Cliath. Ba iad Brendan Lynch agus Pat McCarthy an bheirt is sine a bhí ar an bhfoireann agus gan iad féin ach 25 bliain d’aois. Bhí Pat Spillane agus Denis ‘Ogie’ Moran 19 bliain agus ní raibh Páidí Ó Sé ach 20.

Foireann láidir lán taithí a bhí rompu. Bhí Jimmy Keavney, Tony Hanahoe, Seán Doherty agus a leithéidí ar an bhfód le fada agus bhí Brian Mullins agus Bernard Brogan tagtha chun cinn i lár na páirce.

Cé gur glacadh leis go raibh grúpa speisialta imreoirí ag teacht chun coinlíochta i gCiarraí, measadh nach raibh siad réidh go fóill chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. Níor thóg sé i bhfad ar bhuachaillí na Ríochta deireadh a chur leis an gcaint sin, áfach.

D’aimsigh John Egan cúl do Chiarraí agus gan ach trí nóiméad imeartha sa chluiche ceannais agus bhí siad 1-6 in aghaidh 0-4 chun tosaigh ag leath ama. Choinnigh Áth Cliath leo sa dara leath ach d’aimsigh Ger O’Driscoll cúl eile i dtreo dheireadh na himeartha chun tús a chur le ré órga Chiarraí.


1997 – Ciarraí 0-13 Maigh Eo 0-7

Faoin am gur tháinig 1997, is fada an lá ó bhí foireann peile Chiarraí in ard a réime. Bhí aon bhliain déag caite acu gan Corn Mhig Uidhir a thabhairt ar ais chun na Ríochta, an tréimhse ab fhaide acu gan craobh na hÉireann a bhuachan ó bhuaigh siad í den chéad uair i 1903.

Ceapadh Páidí Ó Sé ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí roimh dheireadh 1995 agus cé gur bhuaigh sé craobh na Mumhan ina chéad bhliain mar bhainisteoir fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu le sé phointe i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Tháinig foireann óg Chiarraí ar ais i 1997 chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 1986. Bhí Maigh Eo rompu arís, áfach, agus fir an iarthair mar rogha láidir na coitiantachta ag lucht na meán. Chaill fir Chonnacht cluiche ceannais na bliana roimhe sin agus measadh gur ar éigean go ligfidís deis eile le sruth.

Dúradh go raibh cosantóirí agus fir lár páirce Mhaigh Eo i bhfad níos láidre ná a gcéilí comhraic agus ba é cumas thosaithe Chiarraí an t-aon ábhar dóchais a bhí acu.

Ba é Maurice Fitzgerald an duine ba chumasaí acu agus ar an dea-uair do Chiarraí, thug sé sárthaispeántas uaidh i bPáirc an Chrócaigh. D’aimsigh Fitzgerald naoi bpointe sa chluiche, trí cinn ón imirt ina measc, ach bhí Ciarraí níos fearr ná Maigh Eo ar fud na páirce.

Bhí mí-ádh ar bhainisteoir Mhaigh Eo John Maughan go raibh air Dermot Flanagan agus Maurice Sheridan a thógáil amach de bharr a ngortaithe ach fiú dá mbeadh siad ar fáil, bhí Maigh Eo i dtrioblóid.

Fuair cosantóirí Chiarraí an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic agus bhí Darragh Ó Sé ar fheabhas lár na páirce agus deireadh curtha ag Ciarraí leis an ngorta a mhair 11 bliain.

Fág freagra ar 'Trí chluiche ceannais eile nár tugadh mórán seans d’fhoireann na Ríochta…'