Daltaí Gaelscoile ‘is mó’ a bheidh thíos le ciorruithe oideachais

Deir Comhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh go mbeidh na ciorruithe atá déanta ar an mbuiséad oideachais ‘iontach trom ar fad’ ar ghaelscoileanna

Daltaí Gaelscoile ‘is mó’ a bheidh thíos le ciorruithe oideachais

Tá imní mhór léirithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh go gcuirfidh ciorruithe nua isteach níos mó ar dhaltaí gaelscoile.

Agus í ag labhairt faoi na ciorruithe a rinne an Roinn Oideachais le gairid, dúirt Príomhfheidhmeannach Gníomhach CnaG Maria Thomasson go bhfuil na ciorruithe seo “iontach trom ar fad” ar dhaltaí Gaelscolaíochta.

Dúirt Thomasson go bhfuil aon trian de na Gaelscoileanna i dTuaisceart Éireann lonnaithe sa 100 ceantar is díothaí agus gurb iad na daltaí sna scoileanna sin is mó a bheidh thíos leis na ciorruithe.

“Cúlú suntasach eile é don oideachas i gcoitinne, a bheas le mothú níos géire arís in earnáil na Gaelscolaíochta,” a dúirt Thomasson.

Dúirt sí gur tháinig an scéala faoi dheireadh a bheith curtha le maoiniú an chláir Extended Schools sna sála  ar an scéala gor raibh deireadh á chur leis an maoiniú don chlár Engage, a thacaigh le daltaí i nGaelscoileanna i ndiaidh na paindéime Covid, agus leis an tionscnamh Happy Healthy Minds,.

“Anuas air sin, cuireadh deireadh le Holiday Hunger Payments, a chuir maoiniú díreach ar fáil do thuismitheoirí le linn tréimhsí saoire, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar pháistí ó theaghlaigh ar ioncam níos ísle.

Dúirt sí go mbeadh “tionchar níos measa” ag na ciorruithe seo ar pháistí i nGaelscoileanna ná i scoileanna Béarla. Bíonn, a dúirt Thomasson, níos mó daltaí ag brath ar bhéilí scoile saor in aisce i nGaelscoileanna ná i scoileanna Béarla agus bheadh “impleachtaí ar leith ag na ciorruithe seo do na daltaí is leochailí”.

Deir Comhairle na Gaelscolaíochta gurb é ceann de na ciorruithe is mó atá déanta ar earnáil na Gaelscolaíochta ná an ciorrú 43% ar mhaoiniú do sheirbhísí tacaíochta réamhscoile lán-Ghaeilge atá beartaithe le linn 2023/24.

Deirtear go bhfuil na naíscoileanna mar bhunchloch earnáil na Gaelscolaíochta agus go gcuirfidh an ciorrú seo as go mór don Ghaelscolaíocht i gcoitinne agus do chumas tuismitheoirí an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí.

Deir CnaG chomh maith go mbeidh Gaelscoileanna buailte níos measa ag na ciorruithe atá déanta ar an mbuiséad Infheistíochta Caipitil do 2023/24 toisc go bhfuil 60% de Ghaelscoileanna lonnaithe i gcóiríocht shealadach nó i bhfoirgnimh nach bhfuil oiriúnach.

Tá a n-imní faoi na ciorruithe curtha in iúl ag Comhairle na Gaelscolaíochta i litir a seoladh chuig an Roinn Oideachais. Tá an Chomhairle ag ag impí ar an Roinn “athmhachnamh” a dhéanamh ar na ciorruithe.

Fógraíodh an tseachtain seo caite freisin go raibh deireadh le cur leis an maoiniú do chlár Léargas Chultúrlann Uí Chanáin atá ag cur ranganna Gaeilge ar fáil i mbunscoileanna ó 2011.

Fág freagra ar 'Daltaí Gaelscoile ‘is mó’ a bheidh thíos le ciorruithe oideachais'