Maoiniú do theagasc na Gaeilge i nDoire gearrtha ag an Roinn Oideachais

Faoin chlár Léargas cuirtear suas le 75 rang Gaeilge sa tseachtain ar fáil do 1,600 dalta, idir 9 mbliana agus aon bhliain déag, i 14 bunscoil i nDoire agus ar an Srath Bán

Maoiniú do theagasc na Gaeilge i nDoire gearrtha ag an Roinn Oideachais

Sa Bhealtaine tiocfaidh deireadh leis an maoiniú do chlár Léargas Chultúrlann Uí Chanáin atá ag cur ranganna Gaeilge ar fáil i mbunscoileanna ó 2011.  

Cháin Mark H Durkan, Comhalta Tionóil Stormont de chuid an SDLP, an cinneadh deireadh a chur leis an maoiniú do Léargas, clár faoina gcuirtear múinteoirí Gaeilge chuig scoileanna Béarla.

 Deirtear i ráiteas ó Chultúrlann Uí Chanáin nach mbeidh ar a gcumas an méid céanna ranganna Gaeilge a chur ar fáil d’uireasa an mhaoinithe sin.

Faoin chlár Léargas cuirtear suas le 75 rang Gaeilge sa tseachtain ar fáil do 1,600 dalta, idir 9 mbliana agus aon bhliain déag, i 14 bunscoil i nDoire agus ar an Srath Bán.

Dúirt Mark Durkan go raibh an-díomá go deo air go raibh ciorruithe á ndéanamh ar an gclár.

“Buille trom is ea an cinneadh seo a chuirfidh as go mór do theagasc oifigiúil na Gaeilge i scoileanna nach Gaelscoileanna iad. Tuigim go rímhaith go gcaithfear cinntí crua a dhéanamh agus brú mór ar bhuiséad na Roinne ag an tráth seo ach is cóir cuimhneamh ar an tairbhe agus an tábhacht chultúrtha atá leis an scéim seo. Tá sé fíorthábhachtach go dtiocfar ar mhaoiniú lena chinntiú go leanfaidh an clár seo ar aghaidh.”

Dúirt Durkan gur togra luachmhar a bhí sa scéim a bhí ag tabhairt na Gaeilge isteach i scoileanna an Bhéarla le deich mbliana.

“D’éirigh leis an togra seo grá don teanga a chothú sa ghlúin óg agus thug sé scileanna do na leanaí sin a sheasfaidh leo an chuid eile dá saol.

“Tráth ar chóir don Roinn Oideachais a bheith ag cur leis an scéim agus an infheistíocht sa Ghaeilge, is deacair a thuiscint a cinneadh an maoiniú a ghearradh agus dá bharr deireadh a chur leis an scéim thábhachtach seo.”

Fág freagra ar 'Maoiniú do theagasc na Gaeilge i nDoire gearrtha ag an Roinn Oideachais'