Is decair léamh ar an Rose of Tralee agus tá sé níos deacra fós a mhíniú conas a mhaireann sé in Éirinn na linne seo. Tá an fhéile í féin sa tsiúl ó 1959, tá RTÉ á craoladh ó 1967 agus d’fhéach breis agus 750,000 air an oíche dheireanach anuraidh. Is feiniméan teilifíse agus cultúrtha é, pé acu gur áin linn é nó nach áin. Tá á bhás á thuar le blianta agus lucht a cháinte ag maíomh go bhfuil sé chomh neamhábhartha agus neamfhóirsteanach le Father Ted ag déanamh adhartha ar chómórtas na Lovely Girls.
Ach ina dhiaidh sin féin, féachaimid air. In ainneoin gur teilifís timpiste chairr é ar uairibh (sin agaibh mo chionse ar son na pidgine an tseachtain seo), féachaimid air. In ainneoin go mbímid ag cúbadh chugainn féin nuair a chímid gúna bailé ar Dháithí, féachaimid air. In ainneoin go mbíonn gach aon chnead againn nuair a thosaíonn an buaiteoir ag gol cosúil le hóinseach, féachaimid air. Cad ’tá le déanamh againn ach na maidí a ligean le sruth, taitneamh a bhaint as an ócáid gan an iomarca machnaimh a dhéanamh ar an gcúram?
I mbliana, d’fhéachas ar níos mó den Rose ná mar a dheinim de ghnáth, comhartha na seanaoise b’fhéidir, agus bhaineas níos mó sásaimh as ná mar a mheasas a dhéanfainn.
An rud is mó a rith liom ná cé chomh maith is atá fear na Gaeltachta ina bhun. Tá Dáithí Ó Sé i mbun an chúraim seo ó 2010 agus ag an bpointe seo, tá sé deacair éinne eile a shamhlú sa ról dúshlánach seo. Is é ceann de mháithreacha na Féile anois é agus déanann sé é féin a thumadh inti agus é sásta tabhairt faoi aon sórt alfraitsíochta (féach ar an ngrianghraf le himreoirí Chiarraí thuas).
Nuair a bronnadh coróin Newbridge ar Elysha Brennan aréir, bhí sé huaire an chloig de chraoladh beo ón Dome gafa tharainn. Tá obair chapaill ansan don láithreoir, gan trácht ar an mbrú. Bhí ar fhear Charracháin 32 aoi difriúil, nach raibh aon taithí teilifíse acu agus a raibh a bhformhór an-neirbhíseach, a chur fé agallamh beo ar an teilifís. A luaithe is a bhí aoi amháin curtha ar a chompord aige, b’éigean dó bogadh ar aghaidh. Is é an cúram teilifíse is dúshlánaí dá bhfuil ann.
Lena theacht i láthair nádúrtha, réchúiseach, greannmhar, cheapfá ar Dháithí nach raibh ann dó ach comhrá le cairde. An bua is mó atá aige ná go n-éiríonn leis na hiomaitheoirí ar fad a chur ar a gcompord. Dar liom go bhfuil sé i bhfad Éireann níos fearr i mbun an chúraim ná D’Arcy, Tubs agus fiú an Rí é féin, uncail Gaybo.
Bhíos ana-thógtha lena ruthag chainte ag an deireadh inar dhein sé cur síos beag gairid ar gach Rós. Ba é laoch na hócaide gan aon agó agus ní dóigh liom gur aon áibhéil é a rá go bhfuil sé ar dhuine de na láithreoirí is cumasaí in Éirinn. Is cinnte gurb é an té is caithisí acu.
Rith sé liom gur mór an trua nach mbíonn sé le feiscint níos minicí ar TG4. Ceann de na heasnaimh is mó atá i sceideal an stáisiúin ná seó beo cainte. Ag cuimhneamh ar a ghaisce bliantúil dhá oíche i dTrá Lí, nach é fear an Charracháin a dhéanfadh jab de?
Fág freagra ar 'Dáithí Ó Sé i mbarr a bhlátha i measc na Rósanna'