D’airigh mé rud éigin ag bualadh mo chloiginn agus ní faoileán a bhí ann

Tá sé faighte amach agam gur féidir thú a bhualadh sa gcloigeann le dréimire is go dtógann sé cúpla nóiméad ort sula dtuigeann tú céard atá tarlaithe duit

D’airigh mé rud éigin ag bualadh mo chloiginn agus ní faoileán a bhí ann

Níl a fhios agam an bhfuil sé fíor ach chuala mé gurb é an fáth nach bhfuil na súile ar bharr a gcinn againn ná nach dtagann aon ionsaí orainn anuas ón spéir. Faraor nach raibh siad agamsa an lá cheana, súile ar bharr mo chinn, is b’fhéidir go mbeadh an dréimire feicthe in am agam.

Chonaic mé an dréimire thuas ar an díon ag teach duine de na comharsana agus beirt ag obair ann. Bhí an chomharsa amuigh ag seasamh ar an mbóthar ag coinneáil súil ar an obair.

D’fhán mé glan ar an obair, ní inniu ná inné a rugadh mé.

Tá sé faighte amach agam gur féidir thú a bhualadh sa gcloigeann le dréimire is go dtógann sé cúpla nóiméad ort sula dtuigeann tú céard atá tarlaithe duit.

‘Dia dhuit,’ a deir mé leis an gcomharsa is shiúil mé thairis ar mo bhealach síos ag an bplásóg ag seiceáil ar na gasúir.

Thosaigh sé ag béiceadh. ‘Stop! Stop!’

D’airigh mé rud éigin ag bualadh mo chloiginn. Inseoidh sé duit cé chomh dána is atá na faoileáin thart anseo gurb é an chéad rud a rith liom ná go raibh faoileán tar éis tuirlingt orm.

D’airigh mé rud éigin ag brú anuas orm. ‘Stop!’ a bhéic mo chomharsa. ‘In ainm Dé, stop!’

Ní raibh a fhios agam an raibh sé ag béiceadh ormsa nó ar an bhfaoileán a shamhlaigh mé a bheith neadaithe ar mo chloigeann. An bhféadfadh go raibh faoileán ag leaindeáil ar mo chloigeann? An raibh siad faighte chomh misniúil sin?

Chuir mé suas mo lámha. D’airigh mé rud éigin nach faoileán é ag brú síos orm. Miotal agus dusta agus é géar is é ag brú brú brú anuas orm. Céard sa diabhal?

Thuig mé ansin gur ar na fir oibre a bhí sé ag béiceadh is go raibh dréimire íslithe anuas ón díon amach i lár an bhóthair acu.

Chuirfinn mír nua anois leis an sean-nath cainte, ná siúil faoi dhréimire is ná siúil taobh amuigh de dhréimire is ná siúil i bhfoisceacht deich slata de ach an oiread. Ní hé is gonta mar ráiteas, admhaím. Fan glan ar dhréimirí agus an-ghlan orthu a déarfainn.

Chuala na fir oibre sa deireadh é agus stop siad ag brú an dréimire in aghaidh bharr mo chinn. Faoin am seo bhí a fhios agam céard a bhí tarlaithe is bhí mearbhall orm ag iarraidh a dhéanamh amach cé chomh dona is a bhí an damáiste.

Meas tú an bhfuil aon bhaol ann go dtitfidh mé i laige, a chuimhnigh mé, agus cé atá ag gabháil á rá leis na gasúir?

‘Níl aithne ar bith agamsa orthu!’ a deir an chomharsa liom faoin mbeirt a bhí ag obair ar dhíon a thí.

Chuimil mé mo lámha ar mo chloigeann ag iarraidh seiceáil an raibh aon fhuil ann. D’airigh mé preabadh i mo bhaithis.

‘An bhfuil mé ag cur fola?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Hea?’ a deir sé.

‘Ní fhaca muid thú!’ a bhéic an bheirt anuas orm.

D’airigh mé dordán i mo chloigeann. ‘Meas tú an bhfuil damáiste déanta?’ a chuimhnigh mé. Níor airigh mé aon ghearradh, seans go mbeinn ok. ‘Cén fáth go bhfuil sé ag rá liom nach bhfuil aon aithne aige orthu?’

Thug mé aghaidh arís ag an bplásóg le seiceáil ar na gasúir, b’fhearr dom é a rá leo go sciobtha ar fhaitíos.

Fág freagra ar 'D’airigh mé rud éigin ag bualadh mo chloiginn agus ní faoileán a bhí ann'