Níl uirlis cheoil is mó a thugann cultúr agus ambiance na Fraince chun cuimhne dhúinn ná an pianóchairdín.
Éist le cúpla nóta agus méireanta á sleamhnú síos agus aníos ar chnaipí an scála agus ar an dtoirt is sráideanna rómánsúla Pháras a thagann isteach id’ cheann.
Caiféanna galánta, scríbhneoirí agus mórphearsana i mbun pinn, leithéidí Simone de Beauvoir, Jean Paul Sartre, Sylvia Beach, James Joyce, agus Samuel Beckett,
Diamhaireacht is dearóile shaol na sráide leis, mar a chuireann guth brónach Édith Piaf in iúl dúinn.
Uirlis é an pianóchairdín ná téann siar chomh fada san i stair cheol sráide na Fraince. Níos lú ná dhá chéad bliain ann dó.
Roimhe sin de réir dealraimh ba iad an cabrette agus an vielle à roue, an phíob agus an hurdaí-gurdaí a bhíodh i réim, uirlisí a bhí deacair a choimeád i dtiúin.
Níorbh amhlaidh don bpianóchairdin, fanann i dtiúin i gcónaí nach mór toisc na feagacha a bheith déanta as cruach-iarann. Ní haon iontas go mbeadh éileamh ar leith ag ceoltóirí ar a leithéid d’uirlis.
Ní rómhór an meas atá ag ceoltóirí traidisiúnta na tíre seo ar an bpianóchairdín céanna san.
Ar chuma éigin meastar nach bhfuil an ton ceart aige ná é chomh solúbtha céanna leis na nótaí agus atá cairdín na gcnaipí ná an mileoidean.
Chomhairfeá ar aon láimh amháin na ceoltóirí cumasacha traidisiúnta Éireannacha a sheinneann é, leithéidí Martin Tourish leis an ngrúpa Altan agus fear Mhaigh Eo, Alan Kelly a sheinneann le Eddie Reader go minic.
Ag filleadh ar phianóchairdín na Fraince, tá drochscéala ceart fachta ag ceoltóirí ar ansa leo an uirlis seo mar tá an déantóir is mó cáil is meas ar tí na doirse a dhúnadh agus deireadh a chur le déantúsaíocht na huirlise.
Deir an comhlacht Maugein, atá ar an bhfód ón mbliain 1919, nach bhfuil aon rogha acu ach dúnadh, de dheasca tubaiste Covid, agus iomaíocht ó uirlisí i bhfad níos saoire atá á gcur ar an margadh ag na Sínigh.
Nuair a thosnaíodar amach i seanmhonarcha mhunisean i 1919 bhí 290 fostaithe acu a’ déanamh na n-uirlisí. Deichniúr atá fostaithe inniu acu.
Tógann sé 110 uair an chloig cairdín pianó amháin a chruthú. Sé mhíle ‘páirt’ a chaitear a chur le chéile chun idir 70 agus 80 uirlis a dhéanamh gach mí.
Tar éis an dara cogadh domhanda, bhí ard-éileamh ar an bpianóchairdín nuair a bhí ceol jazz agus swing i mbarr a réime.
Thosnaigh an tuile san ag trá sna 1970idí, a deir siad.
Nuair a bhí an tUachtarán Valéry Giscard d’Estaing i gcumhacht, fear a bhí oilte ar an bpianóchairdín, bhain sé lán-úsáid as a scil i gcúrsaí cumarsáide, agus féinphoiblíochta. Sheinn sé duet le Yvette Horner, Banríon an Chairdín ag féile idirnáisiúnta ceoil, uair dá raibh.
‘Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín,’ a dúirt dEstaing ‘réiteoimis go léir i bhfad níos fearr lena chéile.’
Ní inniu ná inné gan dabht a thagaimid trasna ar pholaiteoir a sheinneann a phort féin, chun dul chun cinn a dhéanamh sa tsaol.
Faraor nach bhfuil an scil ná an spéis chéanna san chairdín pianó ag na hUachtaráin Fhrancacha a bhí i gcumhacht ó shin i leith.
Deacair glacadh leis go bhfuil a bport seinnte ag lucht a dhéanta.
Fág freagra ar 'Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín…'