Dá mbeadh tarbh le coilleadh nó amhrán sean-nóis le casadh ag Joe Biden…

An bhfuil daoine in aoisghrúpa Joe Biden gafa amach an iomarca sna blianta le beith sa bpolaitíocht?

Dá mbeadh tarbh le coilleadh nó amhrán sean-nóis le casadh ag Joe Biden…

‘D’fhág mé rófhada é, a Pheadair.’  Bhí imní orm go raibh mé ag fágáil ualach an-trom ar an tréidlia.  Tarbh óg  –  bhí cuid, mhaith de bhliain bainte amach aige.  Is fearr agus is fusa iad a choilleadh ina bpatairí óga.  “Tá obair ag baint leis an mbuachaill sin anois,” arsa mise agus mé ag gabhail leithscéil ar bhealach. “Óra, tá sé ceart go leor,” a deir Peadar Ó Scanaill.  “Gabhfaidh mé ina chionn ar an seanbhealach; sé an jab is siúráilte é.”  Sin obráid.

Bhí na ceithre scór caite amach go maith ag Peadar an uair sin.

Sháinnigh muid an tarbh óg agus tugadh cúpla instealladh dó.  Níorbh fhada go raibh sé tite i suan.  Chuaigh Peadar ag obair, é thíos ar a dhá ghlúin agus é ag brú agus ag tarraingt an tairbh de réir mar a bhí ag feiliúint.

Nuair a bhí sé réidh leis, chuaigh sé chuig an draein ba ghaire dó agus nigh a lámha.  Ansin d’inis sé dom faoi “bheagán gnó” a bhí déanta aige an lá roimhe sin.  Píosa talún a bhí díolta aige i gceantar an Chlocháin.  Bhí sé an-bhródúil ar an margadh a rinne sé.   Ní bheadh sé de thriail aige anois fanacht le haghaidh braon tae.  Bhí bó in áit éicint eile agus gan í in ann éirí.

Is minic a chuimhnigh mé ó shin ar an spreac [spreacadh] a bhí ann agus é 83 nó 84.

Is minic go bhfeiceann duine samplaí ina cheantar féin de chumas fisiciúil agus intinne i ndaoine atá gaibhte amach sna blianta.

Fiafraíodh ag ócáid éicint de Johnny Mháirtín Learaí an gcasfadh sé amhrán.  Duine breá, suáilceach é Johnny.  “M’anam go dtabharfaidh mé iarraidh faoi,” a fhreagra.  Tá sé scaithín blianta ó rinne muid ceiliúradh ar ócáid bhreithlá Johnny agus é na ceithre scór san am sin.

Ní bhíonn nóta ná páipéar ag Johnny agus é ag tabhairt faoin amhrán ach ní ghabhfaidh sé focal fhéin amú.   Feiceann duine scaití daoine nach bhfuil leath na haoise atá ag Johnny, agus a gcuid ceoil agus amhrán ar sheastán lena dtaobh agus iad ag casadh.

Níl tarbh le coilleadh, ná amhrán sean-nóis le casadh ag Joe Biden agus is mór is fiú nach bhfuil, a deir fear an chórais dlí, Robert Hur.   Fear a bhfuil a chroí san áit cheart é Biden, a dúradh.   Ach fear éidreoir agus fear dearmadach é Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, de réir an chuntais a thug an t-abhcóide speisialta, Robert Hur ar an bhfear a bhfuil an post polaitíochta is cumhachtaí agus is tromchúisí sa domhan mór aige.

81 atá an tUachtarán anois.  Bheadh sé 85 nuair a bheadh a théarma críochnaithe aige sa Teach Bán dá n-éireodh leis i dtoghchán na Samhna seo chugainn faoina bheith slán dó.  An bhfuil daoine san aoisghrúpa sin gaibhte amach aniomarca sna blianta le beith sa bpolaitíocht nó i bpostanna a bhfuil cúraimí móra ag baint leo?

Is deacair a theacht ar shampla níos fearr faoin tseanaois sa bpolaitíocht ná Strum Thurmond.  Bhí sé fós ina Sheanadóir do Stát Carolina Theas agus é 100 bliain d’aois. (Mhair sé go raibh an 100 caite aige).   Cé go raibh a fhios agam nach raibh seans na ngrásta agam, thriail mé le hagallamh a fháil le Strum Thurmond geábh a raibh mé i Meiriceá.  Ghlaoigh mé ar an oifig in Washington.  Dúirt an Rúnaí liom go mbeadh roinnt ama ag baint leis sin, fiú is dá bhféadfaí é a dhéanamh, agus bhí mé ag filleadh ar Éirinn go luath ina dhiaidh sin.  An bhféadfainn cúpla focal cainte a dhéanamh leis ar an teileafón anois?

‘I am afraid not.  The Senator is down meeting with some people from South Caroline just now.’   Bhí an Seanadóir cruógach seo i bhfoisceacht dhá bhliain don 100 san am sin!

Chuile sheans go bhfuil muid ag caint ar dhaoine eisceachtúla.  Cén sórt staitisticí a bhaineann le cumas intinne de réir mar a mhéadaíonn líon na mblianta?

“Beidh cailliúint shuntasach chuimhne agus cumas inchinne ag 90% de dhaoine atá os cionn 90 bliain d’aois,” a deir an Dr Micheál Ó Cathasaigh as Carna i gConamara, dochtúir a bhfuil staidéar ar leith déanta aige ar chúrsaí aoise.

“Beidh cailliúint cumas inchinne agus intinne ar 100% de dhaoine a bhfuil an 100 caite amach acu.”

An bhfágann sin go mbeidh meath intinne ar 80% ar dhaoine atá os cionn 80?

“Ní gá go mbeadh, mar ní oibríonn an coibhneas chomh soiléir sin,” a deir an Dr Ó Cathasaigh.

“Ach beidh lear suntasach de dhaoine atá os cionn ceithre scór lagaithe, a bheag nó a mhór,  ó thaobh cuimhne agus ábaltacht intinne.  D’fhéadfadh an figiúir a bheith idir 50% agus 60% acu.”

Níl amhras ar Robert Hur, ar Poblachtach é, ach go bhfuil Joe Biden sa gcéatadán 50% nó 60% sin.

Ba chineál nós le Biden ariamh a bheith místuama leis an bhfoclaíocht.  Níor fhág sin nach fear an-mheabhrach a bheadh ann.  Fiú is má fhágann sé slán ón stáitse le pobal Florida agus é sa sneachta i Maine, ní peaca marfach polaitíochta é sin.   Tuiscint mhaith ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ábaltacht agus grinneas ó thaobh socruithe agus cinntí de, go háirithe ar cheisteanna móra, sin iad na príomhriachtanais dá phost. Ach má tharlaíonn sé go minic go bhfuiltear ag dul amú ar Státaí, ar dhátaí agus ar ainmneacha daoine, tá baol ann go bhfuil roinnt ceo ag teacht ar an intinn.

Bheadh sé as bealach ar fad dá mbeadh idirdhealú faoi ábaltacht ó thaobh na  polaitíochta bunaithe ar aois an duine. Ina dhiaidh sin féin, beidh Donald Trump os cionn 80, agus é fós ina Uachtarán má thoghtar é i mbliana.  Níl Poblachtánach i Meiriceá atá in ann a dhúshlán a thabhairt.  Níl aon cheist faoi sin.

Ach tá ceist mhór le réiteach ag na Daonlathaigh agus Coinbhinsiún Náisiúnta an pháirtí, ag a roghnófar a n-iarrthóir Uachtaránachta, ag teannadh leo.

Ach b’fhéidir go bhfuil an cheist sin fágtha rófhada acu.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh tarbh le coilleadh nó amhrán sean-nóis le casadh ag Joe Biden…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní linn an t-am …ach is orainn atá é a chaitheamh. Agus dá mbeinnse i gcomhaois Biden, ar ór ná ar airgead uile an domhain seo, ní mar Uachtarán ar Mheiriceá a chaithfinn é.