‘Dá mbeadh caint ag na cosáin i gCricklewood!’ – rogha ócáidí don tSeachtain Oidhreachta

Is iontach an lear de stair, cultúr agus ceardaíocht na tíre a chlúdaíonn an focal oidhreacht agus is léir sin ón gclár mór atá ar shuíomh na Comhairle Oidhreachta

‘Dá mbeadh caint ag na cosáin i gCricklewood!’ – rogha ócáidí don tSeachtain Oidhreachta

An t-am seo bliana bíonn oifigigh oidhreachta na nÚdarás Áitiúil agus pobail éagsúla ar fud na tíre ag tabhairt deis dúinn an obair a bhíonn ar siúl acu a fheiceáil.

Is iontach an lear de stair, cultúr agus ceardaíocht na tíre a chlúdaíonn an focal oidhreacht agus is léir sin ón gclár breá atá ar shuíomh na Comhairle Oidhreachta.

Is maith an seans go bhfuil imeachtaí i do cheantar féin nár cláraíodh in am trátha ar an gclár oifigiúil sin ach seo cuid de na hócáidí a thaithnigh liom féin. 

I mBéal an Mhuirthead i Maigh Eo tá seisiún ceoil agus scéalaíochta acu ar an 16 Lúnasa ar an dtugann siad ‘The crack was good in Cricklewood’. Dá mbeadh caint ag na cosáin i gCricklewood!

I dTeach Chathair na Mart is tionscadal faoi DNA Ghráinne Ní Mháille a bheidh acu ar an 13 Lúnasa, más leat gaol a bhrú ar an bhfoghlaí mara sin. 

Féadfaidh muintir Lios an Phúca a dhul go Clós Chróinín sna Cruacha Dubha agus fáil amach faoi tslí a ndéantar portaigh agus an flóra agus an fauna atá le fáil iontu.

Más i mBaile Átha Cliath duit tá na Píobairí Uilleann ag rith ceardlanna maidir le conas málaí a dhéanamh don phíb. I gCluain Dolcáin míneoidh Clann Chrónáin iontais Bhrú Chrónáin duit.

I leabharlann Léim an Bhradáin i gCill Dara beidh spraoi ag leanaí idir 7 agus 12 bliain agus Clíona de Brí ag cruthú na hamharclannaíochta ina dteannta le puipéid is mascanna is scéalaíocht.

Ar ndóigh más fearr leat suí síos in áit ghalánta féadfaidh tú braon tae iarnóna a ól i gCaisleán Shláine agus ligean ort gur cuid d’oidhreacht féin é.

In Áth Fhirdia cathlán na háite sin de Chumann na mBan a bheidh á fhiosrú.

In ospidéal Portiuncula Bhéal Átha na Sluaighe, tráthúil go leor, is í an Bhean Ghlúine a bheidh á plé ag Emma Laffey.

An bhean taistil agus údar Dervla Murphy a bhásaigh le déanaí a bheidh á ceiliúradh san ionad oidhreachta i Lios Mór a dúchais.

In Oideas Gael logainmneacha an cheantair a bheidh á bplé agus in Árainn Mhór seolfar conair oidhreachta. 

I Ros Cathail Chonamara i nGairdín Bhríde feicfidh tú na bláthanna fiáine agus foghlaimeoidh tú conas iad a fhás duit féin. 

In Inis Mór beidh Bailiúchán Béaloidis Árann le blaiseadh.

Más amhráin atá uait beidh an sáramhránaí Máire Ní Chéileachair ag canadh i leabharlann na Paráide Móire i gCorcaigh agus Brí Carr in amharclann Ghaoth Dobhair agus Amhráin na nOileán aici duit.

I gCathair na Gaillimhe sa Túr Faire Iascaireachta beidh Lásadóirí na Coiribe ag taispeáint ceardaíocht lása Mhachaire Rois dúinn. 

Fiú mura bhfuil pingin i do phóca féadfaidh tú blaiseadh a fháil d’oidhreacht na tíre agus na muintire an tseachtain seo.

https://www.heritageweek.ie/ev

Fág freagra ar '‘Dá mbeadh caint ag na cosáin i gCricklewood!’ – rogha ócáidí don tSeachtain Oidhreachta'