Dá bhfeicfeadh Leo Varadkar an doineann a chonaic na ‘Connemaras’ i Minnesota, chuirfeadh sé fios ar na Náisiúin Aontaithe!

Ar mhuintir Chonamara ar mhachaire Mhinnesota a bhí ár gcolúnaí ag cuimhneamh agus é ag éisteacht le tuairiscí scanrúla ar na meáin faoin drochaimsir

Dá bhfeicfeadh Leo Varadkar an doineann a chonaic na ‘Connemaras’ i Minnesota, chuirfeadh sé fios ar na Náisiúin Aontaithe!

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: RollingNews.ie

Ar an dream as Conamara a bhí á bpréachadh leis an bhfuacht thiar ar mhachaire Mhinnesota Mheiriceá in 1880 a bhí mise ag cuimhneamh agus mé ag éisteacht anseo i gConamara an lae inniu leis na tuairiscí scanrúla sna meáin chumarsáide faoin scráib shneachta a tháinig chomh fada le páirt d’Éirinn.

Lena raibh de dhíocas ar thráchtairí agus iad ar a mbionda ag fógairt an drochscéala, agus ag tuar gur i ndonacht a rachadh sé, b’fhurasta do dhuine a cheapadh gur i siléar in Aleppo a bheadh sé agus an chathair á scrios le buamaí thart timpeall air.

Géarchéim náisiúnta a bhí inti, dúradh linn. Ar ndóigh ba ea mar gur i gContae Átha Cliath, agus sna contaetha thart air, is mó a bhí súil leis an drochaimsir.

Ach ar ais linn go dtí an dream as Conamara a bhí ar mhachaire Mhinnesota in 1880.

Scéim a bhí ag Ardeaspag St. Paul, John Ireland, le daoine a thabhairt siar as cathracha Mheiriceá agus iad a lonnú ar thailte a raibh na bundúchasaigh díbeartha astu le tamall roimhe sin.

B’fhacthas don easpag gur lú na hócáidí peaca a bheadh thiar ansiúd ná sna cathracha!

Bhíodh sagart as Learpholl, an tAthair Nugent, ag teacht go Conamara san am agus mheas seisean gur deis mhaith a bhí sa scéim le saol nua a shocrú do dhaoine bochta as an taobh seo.

Bhí cúrsaí go rídhona in iarthar Éireann an bhliain sin 1880—gorta ag bagairt aríst agus daoine á gcur as seilbh as éadan.

Ach bhí an Land League bunaithe agus iadsan ag comhairliú do na tionóntaí gan imeacht thar sáile ach seasamh go daingean in aghaidh na dtiarnaí talún.

I mí an Mheithimh a troideadh Cath na Ceathrún Rua, an chéad chath i gCogadh na Talún, mar a thug Mícheál Mac Dáibhéid air.

Trí lá i ndiaidh Chath na Ceathrún Rua sheol os cionn 300 duine as Conamara agus as Maigh Eo amach as calafort na Gaillimhe ar a mbealach go Meiriceá agus go Minnesota.

Bhí tithe agus sciobóil adhmaid réitithe rompu agus cuireadh bó bhainne ar fáil do chuile theaghlach. Treabhadh cuid den talamh roimh ré dóibh.

Scéim Rath Chairn a bhí inti i bhfad roimh an am d’fhéadfá a rá.

Thug mé féin trí chuairt ar an áit ar lonnaíodh iad agus ní bréag ar bith a rá gur álainn an radharc an machaire réidh sin i lár an tsamhraidh. Ach scéal eile ar fad a bhí ann nuair a tháinig an sioc agus an sneachta ar an séú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair.

Nuair a thit an teocht 10 gcéim faoi bhun an reophointe sa tír seo fógraíodh géarchéim náisiúnta láithreach. Chuaigh an teocht 40 céim faoi bhun an reophointe ansiúd.

Bhí na cnoic shneachta 20 troigh ar airde ann, ní ba airde ná na traenacha. Ní túisce a bhíodh an ráille glanta ag fir oibre ná líonadh sé le sneachta aríst. B’éigean na traenacha a stopadh.

Chaití tollán a ghearradh tríd an sneachta le dhul chomh fada leis an mbó sa scioból.

Ba ghearr go raibh drochbhail ar mhuintir Chonamara. Comhairlíodh dóibh scraitheacha a chur leis na tithe i gcomhair an gheimhridh nuair a bhí an aimsir bhreá ann ach, ar chúis eicínt, níor thug siad aon aird ar an gcomhairle.

Bhí siad dallraithe leis an bhfuacht anois agus easpa bia orthu.

Tháinig na Protastúnaigh a bhí i Morris, baile in aice láimhe, i gcabhair orthu ach tharraing sé sin achrann leis an eaglais Chaitliceach. Thosaigh aighneas binbeach faoi sna nuachtáin ar fud Mheiriceá ar fad.

Aighneas a bhí ann nach gcuirfeadh aon iontas ar mhuintir Chonamara: chonaic siadsan an t-achrann a tharraing na ‘Soupers’ lena linn féin.

Ba é deireadh na cúise gurbh éigean don Easpag Ireland na ‘Connemaras’, mar a tugadh orthu, a thabhairt isteach go St Paul. An “Connemara Patch” a tugadh ar an áit ar lonnaíodh iad an iarraidh seo.

Saol cathrach a bhí uathu agus ní fás cruithneachta ar an machaire.

Fuair siad obair ar an iarnród, agus ar bhealaí eile, agus rinne siad sách maith ina dhiaidh sin.

Ach cuireadh droch-cháil ar mhuintir Chonamara de bharr nár éirigh leis an scéim. Tá trácht air sin i Minnesota fós.

D’fhan muirín amháin as Cois Fharraige thiar mar sin féin agus d’éirigh thar barr leo nuair a chuir siad na cosa fúthu féin i gceart. Ba shin iad muintir Learaí Saile Ó Flatharta.

Is cosúil gur ghoill an droch-cháil a cuireadh ar na ‘Connemaras’ orthu mar níor thug siad eolas ar bith faoin méid a tharla don dream a tháinig ina ndiaidh.

Rinne Bob Quinn agus mé féin clár faisnéise faoin scéal seo go léir. Ba é an chéad chlár faisnéise é a craoladh ar TG4.

Chuala ollamh in Ollscoil Berkeley go raibh muid ag déanamh taighde faoi na Connemaras. Duine de shliocht Learaí Saile í—Bridget Connelly.

Níorbh iontaí léi ná an sneachta dearg a fháil amach gur duine de na ‘Connemaras’ í féin.

Ba mhór an chúis iontais di freisin gur col seachtar a bheadh inti don scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain.

Scríobh sí leabhar ó shin dar teideal Forgetting Ireland. Insíonn an teideal sin a scéal féin.

Sé mhí a mhair an tréimhse sheaca agus sneachta ar mhachaire Mhinnesota. Dá bhfeicfeadh Leo Varadkar seachtain eile den doineann sin againne chuirfeadh sé fios ar fhórsaí na Náisiún Aontaithe!

Fág freagra ar 'Dá bhfeicfeadh Leo Varadkar an doineann a chonaic na ‘Connemaras’ i Minnesota, chuirfeadh sé fios ar na Náisiúin Aontaithe!'

  • Proinsias Mac an Bheatha

    Níor ullmhaigh na Connemaras don droch aimsir, agus d’fhulaing siad. D’ullmhaigh an tír seo do Stoirm Emma agus thángamar tríd go sábhálta. Is na heolaithe i Met Éireann agus an Grúpa Eigeandála Náisiúnta a mhol dúinn ullmhú don stoirm agus ní Leo Varadkar.
    Is an Oir-dheisceart a d’fulaing go dona ó Stoirm Emma, ní Co Átha Cliath. Cén fáth go lúann tú Co Átha Cliath i slí siniciúl?
    Alt siumiúl seachas mar sin féin