Cúram Ché Inis Oírr ar Roinn na Gaeltachta ach gan aon phingin do Ché Inis Meáin

Roinn na Gaeltachta a bheidh freagrach feasta as an bhforbairt ar Ché Inis Oírr ach níl na hacmhainní ann faoi láthair d’fhorbairt Ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin

Quay Inis Oírr

Is í Roinn na Gaeltachta a bheidh freagrach feasta as an bhforbairt atá le déanamh ar Ché Inis Oírr, ach níl aon mhaoiniú ar fáil le forbairt bhreise a dhéanamh ar Ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta an méid sin le fios mar fhreagra ar cheisteanna a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air.

Thug an tAire Seán Kyne le fios nach raibh na hacmhainní ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ná ag a Roinn féin chun tabhairt faoin obair ar Inis Meáin.

Dúirt Ó Cuív go raibh airgead íoctha ag Roinn na Gaeltachta cheana leis an gComhairle Contae chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála d’fhorbairt An Chalaidh Mhóir ach nach raibh aon rud déanta faoi.

Dúirt Kyne go raibh cruinniú le déanaí  aige le hionadaithe poiblí an cheantair, le hoifigigh a Roinne féin agus oifigigh Chomhairle Contae na Gaillimhe faoin bhforbairt ar Inis Meáin.

“Tig leis an Teachta glacadh leis go mbeidh gach dícheall á dhéanamh agam méadú a fháil ar an riar airgid a bhíonn ar fáil do mo Roinnse d’fhorbairtí den chineál seo i gcomhthéacs na meastachán agus na cáinaisnéise don bhliain seo chugainn,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Thug sé le fios go raibh cúram na forbartha ar Ché Inis Oírr á aistriú ón Roinn Comhshaoil go dtí Roinn na Gaeltachta agus go gcuirfí an maoiniú don fhorbairt sin i gciste a Roinne go luath.

Fág freagra ar 'Cúram Ché Inis Oírr ar Roinn na Gaeltachta ach gan aon phingin do Ché Inis Meáin'