Cúraim mharfacha á leagan anois ar an asal bocht

Tá na milliúin asal maraithe sa tSín agus ar fud na hAfraice

Cúraim mharfacha á leagan anois ar an asal bocht

Cé a cheapfadh é? Asail á ngoid agus á marú agus iad á n-úsáid le daoine a dhéanamh níos óige, le táirgí áilleachta eile a dhéanamh agus leis an libido a ardú.

Ní shamhlítear an t-asal le háilleacht sa tír seo ach níl sé sin amhlaidh sa tSín.

Tá margadh ollmhór sa tSín do chraicne asail a úsáidtear i dtionscal na háilleachta. Tá cás an asail chomh dona sa tír sin go bhfuil na milliúin asal maraithe agus anois tá na milliúin eile asal á marú ar fud na hAfraice agus craicne na n-asal sin á n-easpórtáil chun na Síne.

Ach oiread leis an tír seo anuas go dtí na 1970idí ba bheithíoch an-úsáideach a bhí san asal le gnáthdhualgaisí ar fheilmeacha beaga a chomhlíonadh, móin a thabhairt den phortach, mála mine nó plúir a thabhairt ón siopa, feamainn a thabhairt ón gcladach agus aoileach a iompar amach sna garrantaí san earrach.

Sa tSín agus i dtíortha go leor san Afraic sé an t-asal a dhéanann an obair chrua chéanna seo go dtí an lá atá inniu, go háirithe ag iompar uisce ó thoibreacha i bhfad ó bhaile i gceantair ina bhfuil uisce gann.

Ach tá saothrú eile anois le fáil ar an asal.

Creideann na Sínigh go bhfuil buanna go leor i mbainne an asail. In Éirinn fadó thugtaí bainne asail don té a mbíodh an triuch air, ach anois tá an bainne á úsáid le táirgí áilleachta a tháirgeadh chomh maith le táirgí leighis agus táirgí a thugann fad saoil do dhaoine.

Maítear go bhfuil na vitimíní A, B1, B2, B6, C, D agus E i mbainne an asail.

Deirtear freisin gur mór an spórt é le n-ól le seacláid.

Tá sé cruthaithe ag na saineolaithe gurb é bainne an asail an bainne is gaire do bhainne cíche.

Bhí eolas ag Cleopatra ar mhaitheas bhainne an asail agus tá cruthúnas ann go nglacfadh sí folcadh i mbainne asail. Bhí seo coitianta i seansaol na hÉigipte agus chreid siadsan go dtabharfadh deoch de bhainne an asail fad saoil do dhuine agus go gcuirfeadh sé le libido an té a d’ólfadh bolgam dhe.

Ach anois tá tóir as cuimse ar chraiceann an asail freisin. Sa tSín atá an margadh is mó, áit a mbruitear an craiceann agus úsáidtear an súlach le ejiao a dhéanamh, comhábhar tábhachtach i gcógaisí sláinte traidisiúnta.

Tá suas le €400 an kilo ar an ejiao ar mhargadh na Síne.

De réir The Donkey Sanctuary i Sasana díoltar 1.8 milliún craiceann asail chuile bhliain agus tá líon na n-asal ag titim dá bharr. I 1990 bhí 11 milliún asal sa tSín agus tá sin tite anois go dtí 3 mhilliún.

De bharr ganntan asal sa tSín tá margaidh mór aimsithe acu san Afraic agus líon na n-asal ansin faoi bhrú anois.

Deich mbliana ó shin bhí 1.8 milliún asal sa gCéinia ach tá laghdú 40% tagtha ar an líon asal faoin tráth seo.
Tá sé mídhleathach anois asail a easpórtáil chun na Síne ó thíortha áirithe san Afraic – Úganda, an Tansáin, an Bhotsuáin, an Nígir, Burcíne Fasó, Mailí agus an tSeineagáil ina measc.

Tá ganntan asal ag cur as don phobal bocht mar nach bhfuil siad in acmhainn an beithíoch umhal seo a cheannacht le uisce a tharraingt ón tobar, obair a thiteann go hiondúil ar na mná.
I Nairobi, príomhchathair na Céinia, cuireadh picéad le gairid ar oifigí an Aire Talmhaíochta ag cur i gcoinne easpórtáil asal.

Bhí picéad ag bean amháin a deir ‘Má dhíoltar nó má mharaítear asal deintear asal de na mná’.

Fág freagra ar 'Cúraim mharfacha á leagan anois ar an asal bocht'