Cur i láthair iomlán i nGaeilge déanta os comhair coiste Stormont den chéad uair

Bhí Conradh na Gaeilge os comhair an Choiste Pobal in Stormont chun cúrsaí Gaeilge agus maoinithe a phlé

Cur i láthair iomlán i nGaeilge déanta os comhair coiste Stormont den chéad uair

Baineadh úsáid as ateangaireacht chomhuaineach ag coiste de chuid Tionól Thuaisceart Éireann den chéad uair riamh inné agus cur i láthair á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge do chomhaltaí.

Bhí an Conradh os comhair an Choiste Pobal chun cúrsaí Gaeilge agus maoinithe a phlé.

Ba in 2022 a tugadh an chéad óráid go hiomlán i nGaeilge ag Tionól Stormont ach ba ag cruinniú an lae inné an chéad uair ar úsáid finnéithe an córas ateangaireachta ag cruinniú coiste.

Cé gur chuir Conradh na Gaeilge fáilte áirithe roimh an nGaeilge a bheith in úsáid ag airí de chuid an DUP an tseachtain seo, deir an eagraíocht gur fearr an léiriú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an teanga ó thuaidh go bhfuiltear in ann anois cur i láthair a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge ag tionól Stormont.

“Creideann muid gurb í seo an chéad uair go raibh eagraíocht ar bith ábalta gnó iomlán s’acu – fianaise a thabhairt agus ceisteanna a fhreagairt – go hiomlán trí mheán na Gaeilge ó thús go deireadh an choiste,” a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide leis an gConradh.

“Tá sé sin ina tháscaire níos fearr ná aon rud eile, dar liom, ar an dul chun cinn atá déanta ag an tionól agus ag an fheidhmeannas maidir le soláthar Gaeilge. Arís, is é tástáil na putóige a hithe mar a deir siad agus beidh muid ag súil le tuilleadh gnímh ar na gnaithí eile atá fós ag seasamh amach ó chomhaontuithe roimhe seo.”

Dúirt Ó Tiarnaigh gurb iad an dá rud ba shuntasaí a tháinig chun cinn ón gcruinniú leis an gcoiste pobal ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le ceapadh Coimisinéara Teanga don Ghaeilge. Dúirt sé go bhfeicfear tús an phróisis earcaíochta “sna seachtainí beaga amach romhainn”.

Tá an Coimisinéir le ceapadh faoin reachtaíocht teanga a ritheadh ag deireadh 2022 ach tá moill fhada ar an gceapachán in ainneoin éilimh an Chonartha.

Chomh maith le Coimisinéir Teanga, tá pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht le fada ar straitéis don teanga, straitéis atá le ceadú ag an Tionól nach raibh ag feidhmiú ó mhí Feabhra 2022.

Ó 2006, tá dualgas de réir dlí ar an fheidhmeannas straitéis a bheith ann don Ghaeilge agus don Ultais.

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil “amscála soiléir” de dhíth anois do chur i gcrích na gcéimeanna deireanacha don straitéis sin.

Fág freagra ar 'Cur i láthair iomlán i nGaeilge déanta os comhair coiste Stormont den chéad uair'