‘Cur i gcéill’ atá sa phleanáil teanga gan polasaí oideachais Gaeltachta

Sa bhfómhar anois a fheicfear polasaí na Roinne Oideachais do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, léiriú eile ‘ar chur i gcéill’ an Rialtais i leith na Gaeilge, dar leis an bhfreasúra

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais gur sa bhfómhar ar a luaithe a chuirfear a bpolasaí do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fáil, in ainneoin gur gealladh go bhfoilseofaí dréachtpholasaí Gaeltachta faoi lár na bliana seo caite.

Idir an dá linn, tá sé faighte amach ag Tuairisc.ie gur pléadh an gá le foilsiú gan mhoill an pholasaí oideachais Gaeltachta ag cruinnithe ardleibhéil de ghrúpa oibre a bunaíodh faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Cuireadh miontuairiscí na gcruinnithe seo ar fáil do Tuairisc.ie i ndiaidh dúinn iarratas a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Léiríonn na miontuairiscí gur pléadh an gá le foilsíu an pholasaí chomh fada siar le hEanáir 2013 nuair a chuir Údarás na Gaeltachta in iúl don Roinn Oideachais go raibh práinn ag baint le foilsiú a bpolasaí agus tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, próiseas ina bhfuil sé i gceist go mbeadh ról lárnach ag scoileanna Gaeltachta.

Ó shin i leith, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ach gan aon radharc fós ar pholasaí oideachais Gaeltachta na Roinne.

Dúirt Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir “gur léiriú eile ar chur i gcéill an Rialtais” maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhí sa scéal seo.

Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil go raibh “ualach na pleanála teanga” leagtha ar phobal na Gaeltachta féin agus gur léir anois gur ar éigean go mbeadh “fiú leathpholasaí oideachais acu” faoin am go mbeadh tréimhse an Rialtais istigh.

Dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, go bhfuil an Roinn Oideachais ag “tarraingt na gcos” agus gur léir “nach tosaíocht acu ceist na Gaeilge ná na Gaeltachta”.

“Is minic a chuirtear an milleán ar ar mhúinteoirí agus scoileanna ach mura dtugtar treoir dóibh, céard is féidir leo a dhéanamh? Níl an Roinn ná an Rialtas dáiríre faoin scéal seo, níl éinne á thiomáint mar níl an oiread sin spéise ag an Aire ann,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Ag cruinniú den Ghrúpa Oibre idir Roinn na Gaeltachta, an Roinn Oideachais, COGG, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ar an 23 Eanáir 2013, thug ionadaí an Údaráis le fios don Roinn Oideachais go raibh ‘gá’ le foilsiú an pholasaí Ghaeltachta “chomh luath agus is féidir”.

Ag an gcéad chruinniú eile ag an ngrúpa oibre ar an 10 Aibreán, thug an Roinn Oideachais le fios go mbeadh “an polasaí féin réidh faoi 2014”.

Ba go gairid ina dhiaidh sin, i mBealtaine 2013, a d’fhógair ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go poiblí go raibh cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais “athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla”.

Dúirt Ó Foghlú gurbh é cuspóir an athbhreithnithe “ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”.

Bhunófaí próiseas comhairliúcháin leis na “páirtithe leasmhara” agus bheadh an t-athbhreithniú déanta faoi lár 2014, a dúirt Ó Foghlú.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie inné, áfach, gur i dtreo dheireadh an earraigh a chuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin faoina dréachtpholasaí Gaeltachta agus gur ina dhiaidh sin arís a fhoilseofar an leagan deireanach den pholasaí.

Shéan urlabhraí na Roinne go raibh aon mhoilleadóireacht ag baint le dréachtadh ná foilsiú an pholasaí.

Thug an t-urlabhraí le fios gur obair ‘chasta’ atá i gceist le hathbhreithniú na Roinne ar a bpolasaí Gaeltachta a dteastaíonn “am agus comhairliúchán chuige”.

Dúirt an t-urlabhraí go gcaithfí scagadh a dhéanamh ar pholasaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus go raibh dréacht-tuairiscí éagsúla á n-ullmhú faoi láthair ag an Roinn.

Chuirfí críoch leis na tuairiscí sin sna míonanna amach romhainn agus d’fhoilseofaí iad i dteannta an dréachtpholasaí nuair a chuirfí tús leis an bpróiseas comhairliúcháin “i dtreo dheireadh an earraigh”.

Fág freagra ar '‘Cur i gcéill’ atá sa phleanáil teanga gan polasaí oideachais Gaeltachta'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Más é ‘cur i gcéill’ an polasaí oifigiúil ag an Stát maidir leis an nGaeilge agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is é an iar Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, príomh údar an pholasaí sin…..níl FG ach ag leanúint an réamhshampla a thug sé agus é in oifig é féin. Muinéal phraise a ghlacann sé agus é anois ag cáineadh an pholasaí a chum sé féin – moilleadóireacht, seachantacht agus ag cur an dubh ina gheal….

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    An t-aon réiteach ar an scéal ná eirí amach i measc tuismitheoirí Gaeltachta atá ag iarraidh timpeallacht scoile lán-Ghaelach dá ngasúr. Tá achan duine go bhfuil údarás acu sa gcóras oideachais ag ligint urthu nach bfeiceann siad agus nach gcluineann siad an t-eilifint mór Béarla sa seomra ranga.
    Tá Gaelscoileanna ar fud na hËireann ach amháin sna Gaeltachtaí de bharr neamhshuim an Stáit agus is Béarla atá in uachtair na scoileanna Gaeltachta.
    Cén difir a dhéanfadh plé-pháipéar eile ón Stáit nuair is é an Státchóras an namhad is mó atá ag an Ghaeilg.