Cuntas suimiúil ar leabhar mistéireach ar TG4 agus glam cú i ndiaidh a sháraithe ar TV3

Thug ‘Leabhar Leighis Hi Brasail’ cuntas slachtmhar taitneamhach suimiúil dúinn ar chúlra leabhar aduain agus ní raibh TV3 ró-olc ag Corn an Domhain ach oiread

Screen Shot 2015-10-20 at 12.38.09.png

Thug Leabhar Leighis Hi Brasail (TG4, Dé Domhnaigh) cuntas ar chúlra leabhar aduain an teidil agus cuimsíonn sé an béaloideas faoi oileán draíochtúil Hi Brasil, longbhriseadh an tseanchórais Ghaelaigh, mar aon le nósanna leighis na linne, in Éirinn agus thar lear.

Agus tráchtaireacht mhealltach Mháirtín Jamesie ár dtionlacan, déantar mistéir an tsaothair seo a chíoradh. Go deimhin, ba é an leabhar suaithinseach féin, atá ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann, ceann de bhuaicphointí an chláir. Chuir an pheannaireacht agus struchtúr fiarsceabhach na bhfocal cuma aisteach, álainn ar an leabhar.

Tugadh le fios gur le Moracha Ó Laidhe a luaitear an leabhar agus deineadh cur síos ar an scéal áiféiseach a chum sé siúd timpeall 1668 le go bhféadfadh sé an leabhar a úsáid chun a chrústa a thuilleamh mar dhochtúir, slí bheatha a bhí ina theaghlach ar feadh na gcianta go dtí gur chlis an seanchóras Gaelach. ‘Sé is dóichí ná a mhalairt ná gur fhág a shinsir an leabhar le huacht aige. Éiríonn rudaí ana-shuimiúil nuair a nochtar go bhfuil an leabhar bunaithe ar shaothar ón Meánoirthear.

Dhein na cloigne cainte an t-eolas seo a scagadh go slachtmhar agus bhaineas ana-shásamh as an ionchur deisbhéalach ó Bheairtle Ó Conaire. Labhair sé linn faoin mbéaloideas a bhaineann le hoileán draíochtúil Hi Brasail nó Beag-Árainn, faoi mar a thugann sé air. Oileán é seo nach mbíonn le feiscint ach uair gach seachtó bliain.

Bhí míreanna athchruthaithe tostacha síos tríd an gclár agus dhein leithéidí Phóil Uí Gríofa agus Tomás Mac Con Iomaire a gcúraimí go paiteanta. Cuntas suimiúil, taitneamhach ar leabhar ar leithligh.

‘Glam cú i ndiaidh a sháraithe.’ ‘Sé an seanfhocal sin a rith liom tar éis an chluiche mhóir inné agus meitheal TV3 ag iarraidh dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó (RWC 2015, TV3, inné). Bhí ceathrar fathach in easnamh orainn, bhí an fhoireann tnáite tar éis chluiche na Fraince srl. Chuir na Púmaí foireann na hÉireann de dhroim seoil go slachtmhar, sciliúil inné.

Baineadh an chaint dínn mar go rabhamar meallta ag na briathra gaisce le tamall anuas is daoine ag maíomh go bhféadfaimis an chraobh a chrochadh linn. Is ceithre fhoireann ón leathsféar theas atá sna cluichí leathcheannais agus is beag duine a d’áiteodh nach iad an cheithre fhoireann is fearr ar domhan iad agus an Fhrainc, Éire, Sasana agus An Bhreatain Bheag ag sodar ina ndiaidh.

Bhí Keith Wood ag maíomh as an ngaisce a bhí déanta as Craobh na Sé Náisiún a bhuachtaint don dara bliain as a chéile. Comórtas tánaisteach é sin i bhfianaise chluichí na míosa seo. Ní nach ionadh, tá TV3 luite amach orthu féin ó thús an chomórtais agus iad ag iarraidh luach saothair a bhaint as an gcomórtas a chosain pingin mhaith orthu. Ritheadar amach ón gcairt ar fad inné agus gan acu idir 12.00 agus 23.30 ach rugbaí agus X-Factor.

Lena gceart a thabhairt dóibh, bhíodar os cionn a mbuille ó thús agus níor airíos uaim meitheal rugbaí RTÉ an oiread is a shamhlaíos, cé gur chuir na sosanna fógraíochta pip orainn ar fad.

Dhein Matt Cooper a chúram go slachtmhar, cé go mothaím uaireanta go bhfuil sé ag labhairt amhail is go bhfuil sé fós ar an raidió. Tá Matt Williams deisbhéalach ach bíonn bundún air go minic. Ina theannta sin déanann Keith Wood agus Shane Jennings an-iarrachtaí a bheith ionraic agus geamaireacht Hook, Dunphy, Brolly a sheachaint.

Seans go dtosóidh an lucht féachana ag trá anois ach tá sé léirithe ag TV3 gur féidir leo an bheart a dhéanamh nuair is gá.

Fág freagra ar 'Cuntas suimiúil ar leabhar mistéireach ar TG4 agus glam cú i ndiaidh a sháraithe ar TV3'