Tá sé ráite ag fear Gaeltachta gur fhulaing a chlann agus a bhean go trom leis an gciníochas ina cheantar dúchais tar éis dó filleadh ar Éirinn tar éis blianta ar an gcoigríoch.
Tá cur síos ina leabhar nua, Mo Scéal Féin, ag Gearóid Willie Ó Fátharta, as Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige, ar an drochmheas a léiríodh ar a thriúr gasúr agus a bhean chéile sa cheantar Gaeltachta sin.
Rugadh clann Ghearóid Willie sa Bhrasaíl, tír dhúchais a máthar, ach rinne an teaghlach an cinneadh teacht go hÉirinn i mblianta tosaigh na mílaoise seo nuair a bhí na gasúir in aois scoile.
Agus é ag scríobh sa leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht roimh an Nollaig, chuir Gearóid Willie síos ar eachtraí ciníocha a bhain dá bhean is dá chlann tar éis dó filleadh ar an mbaile. Dúirt sé gur airigh duine dá chlann “imeallaithe” ag meon “cuid de na scoláirí” sa mheánscoil sa cheantar mar nach raibh scoláire dubh ar bith eile sa scoil.
“Chaith [a ghasúr] scaitheamh ag dul siar chuig an dioscó ar an gCeathrú Rua ach tháinig deireadh leis seo nuair a chula sí ‘Ó, tá fiú n*****s ag teacht anseo,” a d’inis Ó Fátharta sa leabhar.
Dúirt sé freisin gur fhulaing gasúir eile a bhí aige ar pháirceanna imeartha na Gaeltachta agus go raibh tionchar ag an méid sin ar “a sláinte agus a bhféiniúlacht”.
“Tharla sé seo i rith trí chluiche a bhfuil a fhios agam fúthu a bhí á n-imirt ar an gCeathrú Rua, sa gClochán, agus ar pháirc an Spidéil. Rinne CLG an Chontae fiosrúchán faoi na heachtraí ach níor tháinig tada as. Chaith [a chlann] in aer na cluichí Gaelacha agus chuaigh siad le sacar agus cispheil,” a dúirt Ó Fátharta.
Thug sé le fios go raibh tionchar ag na heachtraí seo ar chinneadh a chlainne gan freastal ar iar-bhunscoileanna an cheantair agus dul isteach go cathair na Gaillimhe lena gcuid oideachais a fháil. Dúirt sé gurbh fhearr leis féin agus lena bhean go mbeadh siad ag fáil a gcuid scolaíochta go háitiúil agus gurbh fhearr do “mhothúcháin agus sláinte intinne agus coirp” a gclainne dá ngabhfaidís go Gaillimh.
“Ba é bun agus barr an scéil, is cuma cén ceann den dá mheánscoil a ngabhfadh siad chuige, bheidís istigh i measc gasúir nár chaith go maith leo sa mbunscoil, nó a chaith go ciníoch leo, agus níor theastaigh sé seo uathu,” a dúirt sé.
Foilsíodh Mo Scéal Féin, dírbheathaisnéis Ghearóid Willie Ó Fátharta as na hAille in Indreabhán, an mhí seo caite. Tá cur síos aige ann ar a óige sa Ghaeltacht i lár an chéid seo caite, an tréimhse a chaith sé ina shagart sna misin i Meiriceá Theas, agus a shaol tar éis na sagartóireachta mar fhear clainne agus gníomhaí pobail sa bhaile i gcontae na Gaillimhe.
Fionnbarra
Bail o Dhia air as labhairt amach faoi seo. Tarlaionn se i ngach ceantar sa tir agus caithfimid a bheith ionraic faoi sin.
Máire Ní Mhurchadha
Ní raibh gasúir níos deise ná níos Gaelaí i gCois Fharraige ná gasúir Ghearóid Willie agus a bhean chéile álainn!
Peter
Mór an scannal é sin. Cuma cén dath atá ar do chraiceann, is duine daonna thú. Mo chlann féin tá cairde ón Aifric acu, daoine breátha.
Nioclás Pól Caileán de Ghloucester
Is mairg seo.