Cumhacht bhreise á lorg ag an gCoimisinéir Teanga

Cosc air faoi láthair iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de reachtaíocht teanga na tíre mura bhfuil gearán déanta ag duine den phobal ina leith

Cumhacht bhreise á lorg ag an gCoimisinéir Teanga

Rónán Ó Domhnaill

Tá an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag iarraidh go dtabharfaí údarás nua dó iniúchadh “réamhghníomhach” a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin a bhaineann le stádas agus le húsáid na Gaeilge.

Faoi láthair tá cosc air sin a dhéanamh ach amháin i gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá cuid mhór reachtaíochta eile ann a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta nach féidir leis an gCoimisinéir, faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair, fiosrúcháin a dhéanamh ina leith ach amháin sa chás go mbeadh gearán déanta leis ag duine den phobal.

“Creidim go mba chóir aghaidh a thabhairt air seo agus Bille nua na dTeangacha Oifigiúla á achtú,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill ina thuarascáil nuafhoilsithe.

Fágann an staid reatha nach bhfuil ar chumas an Choimisinéara iniúchadh a dhéanamh as a stuaim féin i gcás forálacha teanga in aon achtachán eile, mar shampla an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Craolacháin, 2009.

Chaithfeadh gearán a bheith curtha i láthair an Choimisinéara faoi fhoráil teanga de chuid na n-achtanna sin a bheith á sárú sula mbeadh údarás aige fiosrúcháin a dhéanamh.

Tá leasú geallta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le fada agus d’fhoilsigh an Rialtas deireanach bille leis na leasuithe sin a dhéanamh ach níor achtaíodh an reachtaíocht roimh an athrú Rialtais.

Gealladh i gclár an Rialtais nua go ndéanfaí ‘láidriú’ ar a raibh molta sa mbille deireanach a bhí os comhar thithe an Oireachtais.

Idir an dá linn, tá tacaíocht láidir tugtha d’obair Oifig an Choimisinéara Teanga in eagarfhocal san Irish Times inniu agus cáineadh déanta ar eagraíochtaí stáit nach gcomhlíonann a ndualgas i leith na Gaeilge mar is ceart. “Not a good look” a thugtar san eagarfhocal ar theip an Gharda Síochána mar eagraíocht cloí leis an dualgas reachtúil in Acht an Gharda Síochána gur Gardaí le Gaeilge líofa a chuirfí ar dualgas sa Ghaeltacht.

Deirtear san eagarfhocal freisin go bhfuil sé sách dona go mbeadh eagraíochtaí stáit ag teip ina ndualgas i leith na Gaeilge ach gur measa fós an “depressing disrespect” a léiríonn siad, ní hamháin do lucht labhartha na Gaeilge, ach don Stát féin a mhaíonn go bhfuil caomhnú agus cur chun cinn na teanga mar aidhm aige.

Fág freagra ar 'Cumhacht bhreise á lorg ag an gCoimisinéir Teanga'