Mar a deir na nuachtóirí móra ar fad, tá sé tagtha chun solais anois gur Cumannaigh a bhí sna chéad Chríostaithe agus Naomh Peadar i gceannas orthu. Cruthóidh mé daoibh é ar ball beag.
Tá an t-eolas san Eaglais le fada ach ní rud é ar tharraing aon Phápa aird air le beagnach dhá mhíle bliain. Tá an Pápa Proinsias ag dul gar go maith dhó faoi láthair agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá gcuirfeadh sé tréadlitir amach go gairid á mhíniú do na fíréin.
Níl móran lá ar bith anois nach dtugann sé fogha faoi chóras an rachmais agus é ag labhairt ar son na mbocht. I bParlaimint na hEorpa is deireanaí a rinne sé é. Go deimhin, tá daoine go leor ar an eite dheis ag cur ina leith gur Cumannach é féin.
Thug mise “seanmóir” faoi na cúrsaí seo i séipéal Chill Chiaráin tamall ó shin.
An sagart paróiste, an tAthair Pádraig Standún, a d’iarr orm í a thabhart. Mhínigh mé dhó gur aindiachaí agus Cumannach mé. Níor chuir sé sin clóic ar bith air. “Caithfear na rudaí seo a phlé,” a dúirt sé.
Tá an tseanmóir in eagrán na míosa seo den iris Comhar.
Ach ar ais go dtí na chéad Chríostaithe. Má tá amhras ar bith oraibh, téigí go dtí an leagan Gaeilge a rinneadh den Bhíobla Naofa i Má Nuad. Cuartaígí Gníomhartha na nAspal agus gheobhaidh sibh ansin scéal Anainias agus Saifíre. Faoin teideal CÓMHAOIN atá sé. Céard é sin ach focal eile ar Chumannachas?
Is fiú go mór é a fhoilsiú anseo anois.
Cómhaoin
“Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina gcuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é dé réir mar a bhíodh sé ina ghá. Cuirim i gcás, bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef—Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.
Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.
Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug sé ach cuid de suas do na haspail. Labhair Peadar leis. “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin? Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol, nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia.”
Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht. Ansin d’éirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, d’iompair amach é agus rinne é a adhlacadh.
Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach. Labhair Peadar léi: “Inis dom, ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.” “Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d’fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”
Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt.
Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus d’ardaigh siad amach í gur adhlaic siad í taobh lena fear. Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.”
Tá dhá rud eile le rá faoi sin: dá mbeadh an Sunday Independent ann ag an am, bí cinnte go ndéarfaidís gur “kangaroo court” a chuir Naomh Peadar ar an mbeirt.
Tar éis an tsaoil, ní bheadh glacadh ar bith ag Impireacht na Róimhe leis an gcúirt.
Chuirfeadh an breithiúnas ar fad Joe Stalin i gcuimhne dhuit. Chuir seisean chun báis daoine a chuir in aghaidh an chórais Chumannaigh sa Rúis.
Ach bhí sé níos éasca ag Naomh Peadar; bhí Dia ansin i gcónaí leis an mbeart a dhéanamh dhó.
Níor chuala mé ach an oiread gur tugadh droch-cháil ó shin ar Naomh Peadar mar a tugadh ar Joe Stalin, a dúirt cara Cumannach liom nuair a d’inis mé an scéal dhó.
Má tá Dia ar do thaobh, is féidir leat rud ar bith a dhéanamh.
Teaimín Ó Cualáin
Ceaptar gur chuir Stalin suas le 20 milliún duine chun báis agus gan trácht ar an 20 milliún saighdiúr a maraíodh sa dara cogadh mór. Ní féidir gur dá mholadh atá tú! Ná bac lena ndeireann daoine faoina bpolaitíocht etc, fair a ndéanann siad! Sin é do dhóthain! Duine ar bith a chuirfeas Naomh Peadar i gcomparáid le Stalin, dar m’fhocal gur maith an aghaidh air a bhfuil sé a shaothrú ar a chuid rámhailtí!