Cuma ‘mhíchothrom’ ar tháillí do chúrsaí Gaeltachta ar líne – Eamon Ryan

An Teachta Dála neamhspleách Michael McNamara a d’ardaigh ceist na dtáillí do chúrsaí Gaeltachta ar líne sa Dáil tráthnóna

Cuma ‘mhíchothrom’ ar tháillí do chúrsaí Gaeltachta ar líne – Eamon Ryan

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais sa Dáil tráthnóna go bhfuil sé chun ceist na dtáillí do chúrsaí ‘Gaeltachta’ ar líne a ardú leis an Roinn Oideachais

 Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais agus an tAire Iompair, Eamon Ryan, chun ceist na dtáillí do chúrsaí ‘Gaeltachta’ na n-ábhar oidí a ardú leis an Roinn Oideachais. Ghéill Ryan sa Dáil tráthnóna go bhfuil an chuma ar na táillí go bhfuil siad “míchothrom”.

Ag freagairt ceiste ón Teachta Dála neamhspleách Michael McNamara a bhí Ryan.

Tá conspóid ann i láthair na huaire faoin táille €650 an duine atá á gearradh ar ábhair oidí áirithe a bhfuil orthu freastal ar chúrsa coicíse ar líne.

An stát a sheasann an costas sin d’ábhair oidí áirithe ach ní fhaigheann mic léinn atá ag freastal ar Choláiste Hibernia aon deontas stáit.

Meastar go mbeidh ar 1,750 mac léinn an táille a íoc i mbliana agus baol ann go mbeidh ar an 950 acusan a bhfuil bliain eile staidéir fós le déanamh acu an táille a íoc arís as cúrsa ar líne in 2022 mura mbeifear in ann cúrsaí sa Ghaeltacht a reáchtáil.

D’iarr an Teachta Michael McNamara inniu ar an Aire Ryan scéal na dtáillí a fhiosrú agus dúirt an Teachta Dála as contae an Chláir go raibh na táillí “míréasúnta” ard.

Costas €750 a bhí ar chúrsa roimhe seo agus costas bia agus lóistín san áireamh ansin.

Dúirt McNamara go raibh costas €1,300 le gearradh ar ábhair oidí áirithe chun cúrsaí ar líne a dhéanamh. Mheas sé go raibh an táille sin ró-ard nuair nach mbeadh costais bia ná lóistín i gceist i mbliana.

D’aontaigh an tAire Ryan leis go raibh an chuma ar an scéal go raibh na táillí “míchothrom” agus gheall sé go rachadh sé chun cainte leis an Roinn Oideachais faoin gceist. thuig do “fhrustrachas” an Teachta Dála faoin scéal, a dúirt sé.

achainí ar líne sínithe ag breis is 7,000 duine ag impí ar an Aire Ardoideachais Simon Harris agus ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin an deontas Gaeltachta a chur ar fáil do na hábhair oidí ar fad, iad siúd atá ag freastal ar choláistí príobháideacha san áireamh.

Idir an dá linn, dúirt stiúrthóir coláiste Gaeilge Gaeltachta amháin an tseachtain seo gur “sop in áit na scuaibe” atá sna cúrsaí ‘Gaeltachta’ atá á reáchtáil d’ábhair oidí ar líne i mbliana.

Fág freagra ar 'Cuma ‘mhíchothrom’ ar tháillí do chúrsaí Gaeltachta ar líne – Eamon Ryan'

  • Bríd

    Fear nach bhfuil a fhios aige an difir idir an Ghaeilge & An Arabaic.