Cuma dhochloíte i gcónaí ar Johnson agus Gove oiread na fríde chun cinn ar Hunt

Díbríodh as rás na dTóraithe i Sasana ar maidin Sajid Javid agus déanfar cinneadh tráthnóna faoin mbeirt dheireanach a bheidh san iomaíocht don cheannaireacht

Cuma dhochloíte i gcónaí ar Johnson agus Gove oiread na fríde chun cinn ar Hunt

Triúr atá fágtha i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe agus an chosúlacht ar an scéal i gcónaí gur ar éigean a bhainfear tuisle anois as Boris Johnson.

157 vóta, nó 50%, a fuair Johnson sa bhabhta vótála is déanaí agus socrófar le babhta eile vótála tráthnóna cé acu Jeremy Hunt nó Michael Gove a bheidh á fhéachaint leis do cheannaireacht an pháirtí. 

Níl oiread na fríde faoi láthair idir Michael Gove, a fuair 61 vóta ar maidin, agus Jeremy Hunt a fuair 59 vóta.

Díbríodh as an rás Sajid Javid a tháinig sa cheathrú háit agus gan aige ach tacaíocht 34 feisire parlaiminte.

313 vóta a caitheadh agus bhí dhá cheann de na vótaí sin loite.

Beidh vóta eile tráthnóna ag feisirí parlaiminte na dTóraithe leis an mbeirt a ndéanfaidh baill an pháirtí rogha eatarthu a roghnú. 

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le ballóid phoist i measc an thart ar 160,000 ball páirtí a roghnóidh an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe. Tiocfaidh an duine sin i gcomharbacht ar Theresa May mar Phríomh-Aire na Breataine. 

Tá cuma dhochloíte ar Johnson le tamall agus údar iontais a bheadh ann murab é a bheidh ag déanamh ar uimhir 10 Shráid Downing an mhí seo chugainn.

Beidh an dream nár mhaith leo go ndéanfadh sé an beart ag súil go dtiocfaidh breis brú air nuair nach bhfuil fágtha sa rás ach beirt agus nach n-éireoidh leis an uair sin na meáin a sheachaint mar atá déanta den chuid is mó aige go dtí seo. 

Beidh mí ag an mbeirt dheireanach a bheidh fágtha le feachtas tacaíochta a rith ó cheann ceann na tíre. Tabharfaidh an bheirt sin aghaidh ar a chéile in thart ar 15 díospóireacht a eagrófar do bhaill an pháirtí

Le linn na míosa sin seolfar páipéar ballóide chuig gach ball den Pháirtí Caomhach le go bpiocfaidh siad a rogha duine mar cheannaire ar an bpáirtí. Fógrófar an ceannaire nua an tseachtain dár tús an 22 Iúil.

Meastar go mb’fhearr le Johnson agus a lucht tacaíochta gurbh é  Jeremy Hunt, an rúnaí gnóthaí eachtracha a thiocfadh sa dara háit seachas an rúnaí timpeallachta, Michael Gove.

Tá a dhintiúir mar Bhreatimeachtóir diongbháilte cruthaithe go maith ag Gove agus bhí sé féin agus Johnson lárnach sa bhfeachtas reifrinn ar son an Bhreatimeachta. 

Tá cuid mhaith den tacaíocht atá faighte ag Johnson i measc na mBreatimeachtóirí is diongbháilte sa pháirtí bunaithe ar an tuiscint gurb é is mó a bhfhéadfaí brath air an Bhreatain a thógáil amach as an AE ar an 31 Deireadh Fómhair, fiú mura mbeadh aon mhargadh déanta.

Inné, dúirt Dominic Raab, an t-iar-rúnaí Breatimeachta, gur fhéach Johnson sa dá shúil air agus gur gheall sé dó go gcuirfeadh sé an Breatimeacht i bhfeidhm faoi Shamhain, ba chuma cad a tharlódh.

Deir daoine eile nach bhfuil aon gheallúint chinnte phoiblí tugtha ag Johnson i dtaobh na ceiste seo agus gur duine luaineach go maith é nárbh náir leis a intinn a athrú dá mba ghá.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil teachtaireachtaí éagsúla tugtha ag Johnson do dhaoine éagsúla ina pháirtí ag brath ar dhearcadh na ndaoine sin faoin mBreatimeacht.

Fág freagra ar 'Cuma dhochloíte i gcónaí ar Johnson agus Gove oiread na fríde chun cinn ar Hunt'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an oiread vótaí ag Boris is gur féidir leis a shocrú cé bheas ina aghaidh tré slám vótaí dá gcuid a thabhairt ar iasacht don duine sin. Shamhlóinn nach mbeidh sé ag iarraidh seasamh in aghaidh Michael Gove, mar go bhfuil sé ró mhaith i mbun díospóireachta. Chuirfinn airgead ar Hunt.