Cultúrlann Aonach Mhacha i sáinn mar gheall ar fhadhbanna airgid

Is ar éigean go bhfuil na soilse á lasadh agus na doirse ar oscailt a deir Cathaoirleach an ionaid Ghaelaigh a chosain £2.5 milliún

Cultúrlann Aonach Mhacha i sáinn mar gheall ar fhadhbanna airgid

Tá easnamh mór airgead reatha ‘ina ábhar buairimh’ ag bord stiúrtha Aonach Mhacha, cultúrlann nua £2.5milliún i lár chathair Ard Mhacha agus achainí á déanamh ag na stiúrthóirí ar an rialtas ó dheas agus ar an fheidhmeannas ó thuaidh a theacht i gcabhair orthu.

Dheimhnigh Cathaoirleach Aonach Mhacha, Réamonn Ó Ciaráin do Tuairisc.ie, nach bhfuil “sruth ioncaim ar bith” ná “aon mheicníocht” ann chun airgead a thabhairt isteach le Aonach Mhacha a reáchtáil.

“Tá cultúrlann nuathógtha álainn againne ach ceal airgead reáchtála is ar éigean gur féidir linn aon rud eile a dhéanamh seachas na soilse a choinneáil lasta agus na doirse a choinneáil ar oscailt.

“Nuair nach bhfuil an oiread sin cuairteoirí thart agus nuair nach bhfuil aon imeachtaí á reáchtáil, ar an drochuair, níl aon sruth ioncaim reatha ag Aonach Mhacha.”

Dúirt Cathaoirleach Aonach Mhacha gur pléadh fadhb airgead reatha an ionaid ag gach uile chruinniú a bhí ag stiúrthóirí na cultúrlainne ó osclaíodh é.

Dúirt sé chomh maith gur stiúrthóirí deonacha atá i mbun Aonach Mhacha faoi láthair, ceal airgead a bheith ann le bainisteoir don ionad a fhostú.

D’oscail Aonach Mhacha den chéad uair mí an Mhárta anuraidh agus súil ann go mbeadh sé ag feidhmiú mar lárionad siamsaíochta, cultúir agus ealaíne do Ghaeil Ard Mhacha.

Ní raibh an chultúrlann, atá tógtha ar shuíomh an tseanstáisiún dóiteáin i lár na cathrach, oscailte fiú seachtain féin nuair a dúnadh é de dheasca na paindéime.

Dúirt Ó Ciaráin gur éirigh le lucht stiúrtha Aonach Mhacha cuid den “tacaíocht riachtanach” a cuireadh ar fáil do charthanachtaí agus do ghrúpaí pobail mar gheall ar Covid-19 a fháil don ionad.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil “bearna mhór ann” i gcás cultúrlanna nua mar nach bhfuil siad i dteideal an maoiniú atá á chur fáil do chultúrlanna eile.

“Tá an t-airgead atá á fháil ag na cultúrlanna eile atá níos faide ar an fhód tá sin de dhíth orthu agus tuillte acu, ach faoi láthair, mar a sheasann sé, níl aon phacáiste tacaíochta le hairgead reáchtála a chur ar fáil d’Aonach Mhacha.

“Tá muid ag feidhmiú ar an bheagán a thagann isteach ó chíos oifige gach mí,” a dúirt Cathaoirleach Aonach Mhacha.

Fág freagra ar 'Cultúrlann Aonach Mhacha i sáinn mar gheall ar fhadhbanna airgid'