DRÁMA
‘Na Peirsigh’ – mórléiriú Gaeilge ag Amharclann na Mainistreach
San Aithin sa bhliain 472 BC a léiríodh den chéad uair Na Peirsigh, mórléiriú Gaeilge nua Amharclann na Mainistreach, agus is deacair diúltú don chathú a rá le teann magaidh gur timpeall an ama chéanna go deireanach a léirítí drámaí Gaeilge go rialta in Amharclann na Mainistreach.
Ach bíodh faillí na hamharclainne náisiúnta i leith na teanga náisiúnta ina scéal thairis go fóill againn agus dráma Gaeilge againn ar stáitse na Péacóige as seo go ceann míosa. Tá comharthaí dóchais ann, go mórmhór an scéala gurb í Nuala Ní Dhomhnaill atá i mbun an leagain seo de thraigéide Aeschylus, mar is beag duine chomh hoilte léi chun ionramháil a dhéanamh ar ábhar ársa agus beocht nua a chur ann.
Conor Hanratty an stiúrthóir agus tá meitheal bhreá aisteoirí aige, ina measc, Bríd Ní Neachtain, Caitríona Ní Mhurchú agus Brendan Conroy. De réir an bhlúire phoiblíochta “leagan saibhir nua den dráma is sine san Eoraip” sa “teanga labhartha is sine san Eoraip” atá romhainn. Bímis ag súil gur tús Na Peirsigh chomh maith le ré nua ó thaobh na teanga labhartha is sine san Eoraip in Amharclann na Mainistreach.
Beidh Na Peirsigh ar siúl ar Stáitse na Péacóige go dtí an 6 Aibreán
Seán Tadhg Ó Gairbhí
LEABHAR
Ó Éirí Amach na Cásca go dtí fás na Jail-tachta
Dúirt léirmheastóir Tuairisc gur mó a bhí ar eolas aici faoi Abu Ghraib ná ár dtírín féin go dtí an leabhar deireanach le Eoghan Mac Cormaic, cuntas mar a chonaic sé féin é ar uafás shaol na gcimí sna H Blocanna le linn na stailceanna ocrais.
Más bearnach fós ár dtuiscint ar scéal na gcimí poblachtánacha le linn na dTrioblóidí, is ar éigean go dtugtar aon aird ar thábhacht na Gaeilge sa scéal céanna. I Pluid – Scéal na mBlocanna H 1976-1981, thosaigh Mac Cormaic ar é sin a chur ina cheart agus leanann sé den obair fhónta sin ina leabhar nua atá dírithe ar fad ar stair na teanga i measc na bpríosúnach poblachtánach, ó aimsir na bhFíníní go dtí Éirí Amach na Cásca go dtí fás na Jail-tachta.
Tá Gaeil agus Géibhinn – Cimí Poblachtánacha agus an Ghaeilge (Coiscéim) ar fáil anois.
STÓG
CEOLCHOIRM
An fíorbhraon folk – Séamus Fogarty Darach Ó Catháin
Chonac folk avant-garde mar chur síos ar cheol Séamus Fogarty, ach ná cuireadh sin ó dhoras tú. Tá fear Mhaigh Eo, a bheidh ar stáitse an Róisín Dubh sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo, ar dhuine de na cumadóirí is cumasaí agus is suaithinsí a bhí againn le fada.
A sháralbam The Curious Hand agus poirt amhail ‘Van Gogh’s Ear’ (‘Poor old Van Gogh/The man with the famous ear/ Cut one off in a fit of madness/Left one on so he could hear’) a tharraing aird mórán againn den chéad uair ar a shaothar samhlaíoch ina measctar le folk álainn lúba agus buillí comhaimseartha agus blúiríocha cainte taifeadta.
Feabhas na cumadóireachta, áfach, a thugann an meascán slán agus a bhainfidh siar asat arís agus arís eile. An uair dheireanach ar bhain sé geit asainn ná leis an amhrán deireanach ar a EP nua Hee Haw – leagan beoga de ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ le Darach Ó Catháin.
-Tá Séamus Fogarty ag seinm sa Róisín Dubh sa Ghaillimh Dé Domhnaigh, an 10 Márta.
STÓG
ALBAM
Ceol ón mBreatain Bheag agus Éirinn ag an Lon Dubh
Ní hionann agus saothair eile le húdar Ceallach, Seacht dTír Seacht dTeanga agus Tuatha Dé Danann, ní de thoradh a phinn An Lon Dubh ach de chuisle an cheoil.
Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt Diarmuid Johnson gur sa mBreatain Bheag a d’fhoghlaim sé ‘cuid mhór de na foinn’ atá ar albam nua. ‘Tá dhá aicme cheoil ann,’ ar sé, ‘ceol an tí mhóir, rud a bhfuil blas de baroque an 18ú haois air, sin agus ceol an tí bhig – poirtíní béil, lúibíní, ceol rince agus eile – an cineál ruda a bhí coitianta ar na haontaí agus sna tithe airneáin sa 19ú haois.’ Is é Ceri Rhys Matthews a léirigh an t-albam i bpáirt leis an gcomhlacht t Fflach Tradd, Aberteifi.
Chomh maith le ceol na Breataine Bige, tá ceithre phíosa ceoil ann ó thraidisiún na hÉireann mar aon le haiste filíochta i nGaeilge agus dreas reacaireachta i mBreatnais. Tá leabhrán trítheangach – Gaeilge, Breatnais, Béarla – ag gabháil leis an gceirnín. Cuirfidh léitheoirí na Gaeilge spéis ar leith in Eachtra Dhiarmada i dTír Phúca an tSeaca.
Tá An Lon Dubh (Y Deryn Du) ar fáil mar cheirnín vinile ó Leabhar Breac.
Bridget Bhreathnach
TAISPEÁNTAS
Ceiliúradh ar chumainn agus ar lúthchleasaithe Gael
Is ealaíontóir í Siobhán O’Callaghan atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus a deir go bhfaigheann sí spreagadh ó chumas na healaíne ó thaobh na scéalaíochta agus na tráchtaireachta. Déanann sí staidéar ina saothar ar an gcorp lomnocht, ar ‘pholaitíocht na colainne’, ar chúrsaí cultúir agus ar an ngnáthshaol laethúil.
Pictiúir agus líníochtaí déanta in aice le páirceanna Chumann Lúthchleas Gael atá sa tsraith seo Cumainn | We Gather atá le feiceáil sa Chultúrlann i mBéal Feirste faoi láthair. ‘Láithreáin chairdis, phobail agus taithí chomhroinnte’ a thugann O’Callaghan ar na háiteanna seo. Deirtear go scrúdaíonn an saothar na caidrimh a thógtar i saol lúthchleasaíochta agus gur ceiliúradh é ar chluichí fisiciúla.
Beidh an taispeántas ealaíne Cumainn | We Gather le Siobhán O’Callaghan ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste go dtí an 18 Aibreán, 2024.
BB
GEARRSCÉALTA
Saol an teaghlaigh sa lá atá inniu ann faoi chaibidil i gcnuasach nua
Seoladh mar chuid de cheiliúradh lucht na Gaeilge ar Lá Domhanda na Leabhar inné an cnuasach gearrscéalta Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill. Is é an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a sheol sa Siopa Leabhar an chéad chnuasach gearrscéalta leis an údar óg seo agus bhí moladh mór ag fear an Leitriúigh di. ‘Níl aon dabht i m’aigne ach go n-áireofar í mar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn,’ ar sé.
Saol an teaghlaigh sa lá atá inniu ann atá idir lámha sa chnuasach nua agus deirtear go bpléann na scéalta le brúnna agus iontaisí na linne seo. As Bré i gContae Chill Mhantáin do Mhajella Ní Dhomhnaill agus cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Foilsíodh úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta léi, Mise do Mhamó (LeabhairCOMHAR) sa bhliain 2020 agus craoladh a céad dráma raidió, Bíobla don Bheirt Againn, in 2023.
BB
-Bí i dteagmháil linn ag nuacht@tuairisc.ie
Fág freagra ar 'CULTÚR: Dráma Gaeilge san Abbey, fás na Jail-tachta, fíorbhraon Fogarty agus Lon Dubh Johnson'