Clár IMRAM na nÓg ar fáil anois
Beidh féile IMRAM na nÓg ar bun ó 6-10 Bealtaine in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath. Féile liteartha do dhaoine óga is ea IMRAM na nÓg ina mbíonn réimse imeachtaí ar bun le scríbhneoirí na Gaeilge. Imeachtaí scoile is ea cuid mhaith de na himeachtaí ar an gclár ach tá roinnt imeachtaí poiblí ann freisin. I measc na n-imeachtaí poiblí tá spásanna fós ar fáil don seó An Crann Sí, ceoldráma le Gráinne Holland agus a cairde. Tá an ceoldráma dírithe ar pháistí bunscoile idir 6 agus 9 mbliana d’aois. Beidh sé ar bun ag 11:45 r.n. ar an Déardaoin 8 Bealtaine sa Lexicon i nDún Laoghaire. Beidh dhá imeacht de chuid ‘Fighting Words’ Gaeilge ar bun i gcomhar leis an gcraoltóir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi ar an Satharn, 10 Bealtaine ag 12 meán lae agus ag a 2 i.n. i Leabharlann Ghráinseach an Déin.
Is féidir áit a chur in áirithe do na himeachtaí sin ach rphost a sheoladh chuig eolas@imram.ie. Tá an clár iomlán ar fáil ar shuíomh idirlín IMRAM.
Buile Shuibhne ar stáitse i gCorcaigh
Beidh léiriú den saothar Buile Shuibhne ar bun in Ionad Ealaíne Triskel i gCorcaigh ar an Satharn ar an 26 Aibreán ag 8:30 i.n. Téacs ón mheánaois é Buile Shuibhne ina bhfuil prós agus filíocht fite fuaite ina chéile. Sa leagan seo atá á léiriú ag IMRAM tá leaganacha nua den téacs i nGaeilge agus i nGàidhlig le Rody Gorman, curtha le ceol beo leis an gcumadóir Seán MacErlaine, amhránaíocht le Diane Ní Chanainn, agus teilgeadh íomhánna le Margaret Lonergan. Tá an léiriú á chur ar stáitse mar chuid d’Fhéile Leabhar Idirnáisiúnta Chorcaí.
Ticéid ar fáil anseo.
Gradam Shean-Nós Cois Life le bronnadh ar Mhuireann Nic Amhlaoibh
Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar an amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh ag ócáid ar an Satharn beag seo, an 5 Aibreán ag a 8 i.n. i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath. Déanfar an bronnadh mar chuid d’imeachtaí na féile amhránaíochta Sean-Nós Cois Life a bheidh ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Mhuireann Nic Amhlaoibh, as Corca Dhuibhne ó dhúchas, as feabhas a cuid amhránaíochta. Bunaíodh Féile Sean-Nós Cois Life sa mbliain 1992 agus tá siad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Ar na healaíontóirí eile a bheidh ag glacadh páirt i bhféile na deireadh seachtaine beidh Eibhlín Sonaí Choilm Learaí Ní Chonghaile as Conamara agus Muireann Ní Cheannabháin as Baile Átha Cliath, chomh maith le go leor daoine eile.
Tá tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil ar shuíomh idirlín Sean-Nós Chois Life anseo.
Duais filíochta do Mháire Dinny Wren
D’fhógair Ionad Scríbhneoirí Luimnigh an tseachtain seo gurb í Máire Dinny Wren an chéad bhuaiteoir ar Chomórtas Filíochta Shéamuis Uí Chinnéide. Ceiliúradh atá sa gcomórtas filíochta nua seo ar bharr feabhais fhilíocht na Gaeilge. Roghnaigh an file agus eagarthóir Tomás Ó Coileáin a dán ‘In Uaigneas na Coille’ mar bhuaiteoir ar dhuais na bliana seo.
Beidh an duais á bronnadh ar Mháire Dinny Wren ag ócáid i gConradh na Gaeilge ar Shráid Thomáis i Luimneach ar an Déardaoin, 24 Aibreán ag a 6 i.n. Bronnfar an duais mar chuid d’ócáid speisialta léitheoireachta ina mbeidh deis ag an lucht éisteachta blaiseadh a fháil de shaothar an fhile. As Co. Dhún na nGall ó dhúchas, tá ardmholadh gnóthaithe ag Máire Dinny Wren as a saothar filíochta agus scríbhneoireachta. Foilsíodh dhá chnuasach filíochta léi, Ó Bhile go Bile (Coiscéim, 2011) agus Tine Ghealáin (Éabhlóid, 2019) agus cnuasach gearrscéalta Go mBeinnse Choíche Saor (Éabhlóid, 2015).
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Ionad Scríbhneoirí Luimnigh.
Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ag féile Cúirt
Tá na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus iad ag obair i bpáirt le Cúirt, Féile Idirnáisiúnta Litríochta, atá ag ceiliúradh 40 bliain i mbliana chomh maith, le sraith imeachtaí i nGaeilge a chur ar bun i rith na féile.
Beidh léamh speisialta leis an bhfile Áine Ní Ghlinn á chur ar bun mar chuid de shraith Arts in Action in Ollscoil na Gaillimhe ar an Déardaoin, 10 Aibreán. Ar an Domhnach, 13 Aibreán, beidh lá iomlán imeachtaí ar bun ina mbeidh léamha, plé, ceol agus amhránaíocht i dTaibhdhearc na Gaillimhe. I measc na n-imeachtaí beidh Dinnseanchas leis na scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, as Gaeltachtaí Thír Chonaill, agus Micheál Ó Conghaile a bheidh ina fhear an tí.
Níos deireanaí sa lá cloisfear Ar Thóir Bhríd Ní Mháille, léamh drámatúil as úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Beidh an t-aisteoir Bridie Ní Churraoin agus an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin ag cur míreanna i láthair idir amhráin agus phrós agus beidh focal ón léiritheoir Eoghan Ó Riada ag an oscailt. Sa tráthnóna déanfar ceiliúradh ar na leabhair Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File agus Leabhar Mór na nAmhrán. Is é Máirtín Tom Sheáinín a bheidh mar fhear an tí agus beidh Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghaíl agus ealaíontóirí eile ina theannta.
Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ag Cúirt, Gradam Shean-Nós Cois Life do Mhuireann Nic Amhlaoibh agus duais filíochta do Mháire Dinny Wren'