CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Ní ceist náisiúnta í an Ghaeilge – 20 ceacht toghcháin

Tá uaireanta an chloig den chadráil togchánaíochta cloiste ag ár gcolúnaí le coicís go leith agus seo a bhfuil foghlamtha aici

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Ní ceist náisiúnta í an Ghaeilge – 20 ceacht toghcháin

Toghchán Straptick-box Coloured

  • Tá €500 íoctha ag 552 iarthóir le bheith ina Teachta/Theachta Dála
  • Fir 387 díobh sin
  • As an 552 iarrthóir sin, leathchéad acu, ar a mhéid, a chuala mé ar aon chlár raidió agus chuala mé an caoga sin leathchéad uair
  • Bhí béalóg ar go leor de na teachtaí Dála an chuid is mó den fheachtas agus gan cead labhartha ach ag na daoine tofa.
  • Nuair a chuir aon teachtaireacht múisiam ar na meáin athraíodh é agus cuireadh gobán sa duine a dúirt é
  • Más uait poiblíocht saor in aisce a fháil, bí conspóideach, bíodh sin go mór ar dheis nó i bhfad ar clé
  • Ní ceist náisiúnta í an Ghaeilge agus is iomaí iarrthóir atá sách briotach i mBéarla freisin
  • Tá iarfheisire Eorpach agus Teachta Dála ag rá gur bua na dteangacha an bua is mó atá aige ach níl aon Ghaeilge aige
  • Déanann RnaG agus cuid de na meáin Ghaeilge eile páirtí Sóisialach de na Daonlathaigh Shóisialta agus níor chuala mé fós gur chuir sé aon stuaic orthu
  • Tá páirtí againn in aghaidh na déine – níor chuala mé aon pháirtí fós ag rá go bhfuil sé ar son na déine
  • Obair mhaslach í an stocaireacht agus bíonn ruibh chantail ar na hiarrthóirí bochta nuair a bhíonn micreafón os a gcomhair
  • Ola ar chroí na meán cumarsáide toghchán: is féidir am, foireann, díocas agus samhlaíocht a chaitheamh ar scéal amháin
  • ‘Cath’ an meafar is coitianta ar thoghchán, tá ‘bus catha’ ag stáisiún amháin
  • Cosnaíonn gach gnáthphóstaer atá ar na cuaillí thart ar €6 an ceann agus caitheann iarrthóirí thart ar €30,000 an duine ar fheachtas. Ach an mbreathnaíonn duine ar bith in airde anois agus fón cliste i ngach lámh?
  • Dúntar bunscoileanna go leor lá toghcháin cé go bhfuil ionaid phobail folamh ar fud na háite
  • Is grásta ó neamh é suaimhneas Lyric FM aimsir thoghcháin
  • Tá an Grand Canyon idir na rudaí a chuireann tráchtairí ó chodladh na hoíche agus an chuid eile againn
  • Caitheann polaiteoirí an iomarca ama leis na mionrudaí agus déantar siléig sa mbonnchloch
  • Trua agus ómós atá agamsa d’aon duine a roghnaíonn an tír seo a shlánú i nDáil Éireann agus is cuma liom céard is bun lena n-aisling. Go n-éirí chomh maith leo agus a thuilleann siad!
  • Gabh amach ag vótáil nó stop ag cnáimhseáil!

Fág freagra ar 'CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Ní ceist náisiúnta í an Ghaeilge – 20 ceacht toghcháin'