Cúis dhóchais an borradh atá faoi IMLÉ agus éigse úr na Gaeilge

Bhí ár léirmheastóir faoi gheasa ag seoladh an chéad albaim le IMLÉ agus tá sé faoi dhraíocht ag an albam féin ó shin

Cúis dhóchais an borradh atá faoi IMLÉ agus éigse úr na Gaeilge

Bhí an Bello Bar i mBaile Átha Cliath plódaithe Déardaoin seo caite agus albam IMLÉ á sheoladh. Tá cuid againn ag fanacht le fada ar an seoladh agus níor chuir an seoladh díomá orainn. Bhí cuid de mheitheal An Bóthar ann chun tús atmaisféarach a chur leis an oíche.

Gan amhras, bhí an bheirt den mheitheal cheoil sin atá ina mbaill d’Imlé as láthair agus d’fhág sin ualach níos mó ó thaobh na hamhránaíochta ar Ríona Sally Hartmann. Is ar chrann Aonghus Uí Lochlainn a thit sé bróga Mharcuis Mhic Chonghail a líonadh. Bhí aoicheoltóir as Ceanada in éineacht leo, is an sax is faide a chonaic mé riamh aici. Is breá liom an cóiriú atá déanta ag Mark Lynch ar dhánta an Ríordánaigh, agus tá binneas agus neart ar leith i nguth Ríona Sally Hartmann.

Bhí eadarlúid filíochta againn ansin le Ciara Ní Éanacháin. Ceithre cinn de dhánta idir Bhéarla is Ghaeilge a bhí ag Ciara dúinn, ina measc saothar spraíúil faoi chlub an Chonartha agus a bheith ag déanamh suirí, agus dánta a phléigh le téamaí níos tromchúisí; an toircheas gan choinne faoi chaibidil i ndán amháin agus an tsúil chraosach dhrúisiúil a bhíonn ag fir áirithe ar chailíní níos óige ab ábhar do cheann eile.

Ainneoin gur fhág cos bhriste sáinnithe i gcathaoir , níor bhain sé sin de chumhacht a cur i láthair agus bhíomar faoi stiúir dhocht a dánta.

Ansin faoi dheireadh tháinig laochra na hoíche ar stáitse chun sinn a chur faoi gheasa le fairsinge réimse a saothar – Cian Mac Cárthaigh agus Dave Keegan i mbun an cheoil ag tabhairt scóipe do ghuthanna Mharcuis Mhic Chonghail agus Feargal Moloney agus rap Pádraig Uí Chonghaile.

Ceol fuinniúil, binn agus focail atá fréamhaithe sa bhfreacnairc ach a thagraíonn don bhéaloideas á stealladh chugainn – an sean agus an nua fite fuaite tríd an iomlán.

Tá an bóthar chun na hoibre á ghiorrú agam leis an albam seo ó shin agus mé meallta ar fad aige. B’fhiú an fanacht, agus is cúis dhóchais an borradh atá faoi IMLÉ agus éigse úr seo na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cúis dhóchais an borradh atá faoi IMLÉ agus éigse úr na Gaeilge'

  • file

    ‘I’ve seen the future, brother, it is … ‘ [Líon isteach an bhearna.]