‘Cuirimis deireadh leis seo inniu sula dtarlaíonn rud éigin eile’ – Joe McHugh ar an lá a d’fhógair sé deireadh le próiseas tairisceana Árann

Tugtar léargas nua i gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar chonspóid próiseas tairisceana aersheirbhís Árann agus cinneadh Aire na Gaeltachta deireadh a chur leis

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, sásta go gcuirfí siar dáta fógartha an scéala go raibh deireadh le próiseas tairisceana aersheirbhís Árann, toisc go raibh sé faoin oiread sin brú ó pholaiteoirí i nGaillimh.

Ar an lá céanna a fógraíodh an cinneadh, dúirt an tAire go raibh sé “ag fáil glaonna” ó ionadaithe poiblí i nGaillimh agus gur theastaigh uaidh “deireadh a chur leis seo inniu sula dtarlaíonn rud éigin eile”.

Tuairiscítear i gcáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndúirt an tAire an méid sin agus é ag caint le státseirbhíseach sinsearach dá chuid a bhí ag cur comhairle air gan an fógra a dhéanamh nó go gcuirfí an cinneadh in iúl do na comhlachtaí a bhí istigh ar an bpróiseas tairisceana.

Cé gur aontaigh an tAire Stáit leis an gcur chuige sin, theastaigh uaidh an scéal a chur amach tráthnóna na hAoine sin, an 25 Meán Fómhair, “bealach amháin nó bealach eile”.

Tá sé tagtha chun solais sna cáipéisí céanna gur trí seachtaine i ndiaidh dóibh a fhógairt gur ar Executive Helicopters a bhronnfaí an conradh le haghaidh aersheirbhís d’oileáin Árann a chuir Roinn na Gaeltachta ceist den chéad uair maidir le haerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil i gcomhair na seirbhíse sin.

De réir na gcáipéisí, ba ar an 16 Meán Fómhair a scríobh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta chuig Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe ag fiafraí díobh cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an t-aerfort i nGaillimh ar fáil mar a sonraíodh san iarratas ar an gconradh ó Executive Helicopters.

Ba le haghaidh aersheirbhís idir na hoileáin agus Aerfort na Mine nó Aerfort na Gaillimhe a lorgaíodh tairiscintí.

Ar an lá céanna a scríobh Stiúrthóir na Gaeilge chuig na Comhairlí, tháinig freagra ar ais ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ag tabhairt le fios nárbh fhéidir le ceachtar den dá Chomhairle a dheimhniú cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil.

Dúradh, áfach, go raibh cruinniú speisialta eagraithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe chun scéal na haersheirbhíse a phlé an Chéadaoin dár gcionn, an 23 Meán Fómhair 2015.

Ag an gcruinniú sin, glacadh le rún nach raibh Aerfort na Gaillimhe ar fáil “faoi láthair” le haghaidh thréimhse na tairisceana don tseirbhís aeir.

Tar éis conspóid fhada, d’fhógair an tAire Stáit ar an 25 Meán Fómhair go raibh deireadh á chur leis an bpróiseas tairisceana. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar chomhairle ó Bhertie Ó hAinmhire, Oifigeach Sinsearach i Roinn na Gaeltachta, agus Ard-Rúnaí na Roinne, Seosamh Ó hÁghmaill.

Le linn na seachtaine sin, bhíothas i dteagmháil le hOifig an Ard-Aighne agus an Oifig um Sholáthar Rialtais.

Sa cháipéis a ullmhaíodh don Aire Stáit, Joe McHugh ar an 24 Meán Fómhair, dúirt Ó hAinmhire go raibh seisean “go láidir den tuairim” go raibh “an t-am tagtha chun cinneadh a dhéanamh”. B’fhacthas don státseirbhíseach sinsearach go raibh dhá rogha ann. Ba iad an dá rogha sin ná cloí leis an bpróiseas tairisceana nó deireadh a chur leis agus “socrú idirthréimhseach a chur i bhfeidhm”.

Dúirt sé dá gcuirfí deireadh leis an bpróiseas go dtabharfadh sé “soiléireacht do chuile pháirtí”. Luaigh sé chomh maith mar chúiseanna leis an bpráinn a bhain leis an scéal, an éiginnteacht a bhí ann faoi Aerfort na Gaillimhe, an gá le cinnteacht maidir le seirbhís a bhí “chomh tábhachtach sin do shaol na n-oileánach”, agus an brú leanúnach a bhí ar phobail na n-oileán toisc nárbh eol dóibh cad a bhí i ndán don tseirbhís.

In ainneoin gur aithin oifigigh an Aire a phráinní a bhí an scéal, cuireadh comhairle air gan a fhógairt go raibh deireadh á chur leis an bpróiseas tairisceana ar an Aoine, an 25 Meán Fómhair.

I litir a scríobhadh chuig Ard-Rúnaí na Roinne ar an Déardaoin, an 24 Meán Fómhair, dúirt Ó hAinmhire, “fiú má tá cinneadh déanta ag an Aire Stáit, táimid den tuairim…nár cheart é a fhógairt amárach ná é a chur in iúl do B[h]ord an Údaráis”.

Ar an Aoine, an 25 Meán Fómhair, bhí roinnt glaonna gutháin idir an státseirbhíseach sinsearach agus an tAire Stáit maidir leis an gcinneadh a bhí déanta faoin am sin aige deireadh an phróisis tairisceana a fhógairt agus iarracht a dhéanamh conradh naoi mí a aontú le Aer Arann Islands.

Moladh arís don Aire gan an fógra a dhéanamh nó go mbeadh litreacha faighte ag na comhlachtaí a bhí san iomaíocht, Aer Arann Islands san áireamh.

D’fhógair an tAire oíche na hAoine úd, an 25 Meán Fómhair, go raibh an cinneadh déanta aige.

Cuirfear tús le próiseas nua tairisceana d’aersheirbhís Árann san athbhliain.

Fág freagra ar '‘Cuirimis deireadh leis seo inniu sula dtarlaíonn rud éigin eile’ – Joe McHugh ar an lá a d’fhógair sé deireadh le próiseas tairisceana Árann'