Deireadh curtha leis an bpróiseas tairisceana maidir le seirbhís aeir d’Oileáin Árann

Fógra déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, go bhfuil próiseas tairisceana nua le cur ar bun don tseirbhís aeir

aerarann15-0117
Lucht feachtais lasmuigh de Roinn na Gaeltachta níos túisce an mhí seo

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, go bhfuil deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Thug an tAire McHugh le fios tráthnóna go gcuirfí Coimisiún na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh seo “a luaithe” agus ab fhéidir é agus go gcuirfí próiseas tairisceana nua ar bun don tseirbhís aeir.

Dúirt an tAire Stáit go rachadh Roinn na Gaeltachta “i mbun comhráití” le Aer Arann Islands d’fhonn teacht ar chomhaontú leo maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin fad is atá an próiseas tairisceana nua á chur i gcrích.

Is ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann.

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Ó rinne an tAire an fógra sin, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an tseirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Níor chuir Roinn na Gaeltachta tús riamh leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú leis an gcomhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana.

Ar an 10 Méan Fomhair, d’iarr Aire na Gaeltachta ar chomhairlí cathrach agus contae na Gaillimhe soiléiriú a thabhairt faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil san athbhliain do Executive Helicopters Limited.

Bhí sé i gceist ag an gcomhlacht Aerfort an Chairn Mhóir a úsáid don tseirbhís héileacaptair a bhí beartaithe acu.

Inné, ghlac Comhairleoirí Contae na Gaillimhe d’aon ghuth le rún nach ceadmhach Aerfort na Gaillimhe ar an gCarn Mór a úsáid le haghaidh seirbhís aeir go hOileáin Árann.

Tuairiscíodh inné nach raibh glactha ag Aer Arann Islands leis an síneadh conartha a bhí tairgthe ag Roinn na Gaeltachta dóibh, síneadh a d’fhágfadh go leanfaidís orthu ag cur seirbhís ar fáil go dtí an 1 Feabhra 2016. Ní raibh sé i gceist ag Aer Arann glacadh le tuilleadh áirithintí ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, tráth a thiocfaidh deireadh lena chonradh le Roinn na Gaeltachta. Chuir an comhlacht tús san Ard-Chúirt inné lena ndúshlán dlí maidir leis an bpróiseas tairisceana a bhfuil deireadh curtha tráthnóna leis.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar urlabhraí ó Aer Arann Islands tráthnóna. Ní raibh teacht ach an oiread ar urlabhraí ó Executive Helicopters Limited ach tuairiscíodh ar RTÉ go raibh fógra an Aire tráthnóna á bhreithniú acu.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha leis an bpróiseas tairisceana maidir le seirbhís aeir d’Oileáin Árann'