Cuirfidh Corn Domhanda na mBan 2023 leis an deiseanna atá ann an cluiche ar fud na cruinne

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar chluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan, ar an gcomórtas féin agus roghnaíonn sí a sárfhoireann don chomórtas

Cuirfidh Corn Domhanda na mBan 2023 leis an deiseanna atá ann an cluiche ar fud na cruinne

Níl aon amhras ann ach gur bhuaigh an fhoireann is fearr Corn Domhanda na mBan 2023 agus an chraobh tugtha leo ag an Spáinn ag an deireadh seachtaine.

Measadh nach mbeadh mórán idir iad féin agus Sasana ach, i ndáiríre, ní raibh na Sasanaigh in ann ag imirt iontach na Spáinne, go háirithe i lár na páirce, agus an bua tuillte go maith acu ar deireadh.

Olga Carmona a d’aimsigh an cúl cinniúnach sa chéad leath nuair a chuaigh an Spáinn ar an bhfrithionsaí tar éis do Lucy Bronze an liathróid an chailliúint i lár na páirce. Bheadh trua agat do Bronze ar bhealach amháin ach rinne sí an botún céanna agus í ag imirt do Barcelona in aghaidh Wolfsburg i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh mí an Mheithimh. D’éirigh le Barcelona agus Bronze an cluiche sin a bhuachan ach ní raibh an t-ádh céanna ar chosantóir Shasana an uair seo.

Bhí leithéidí Irene Paredes, Laia Codina, Salma Paralluelo, Mariona Caldentey agus Aitana Bonmatí uile ina gcuid d’fhoireann Barcelona a bhuaigh an corn sin cúpla mí ó shin agus bhíodar ag ceiliúradh arís Dé Domhnaigh mar bhí Bonmatí go háirithe lárnach i mbua na Spáinne. Bíonn sí i gcroílár gach rud a dhéanann an Spáinn i gceart agus níl aon amhras ach go raibh an gradam don imreoir is fearr ag an gcomórtas tuillte aici.

Dúirt Olga Carmona i ndiaidh an chluiche gurb é an Domhnach an lá ab fhearr agus an lá ba mheasa dá saol agus an scéal tragóideach faighte aici i ndiaidh an chluiche ceannais go raibh a hathair básaithe. Bhásaigh a hathair, a bhí tinn le fada, ar an Aoine ach chinn a muintir gan an scéal a thabhairt di go dtí go mbeadh an cluiche ceannais thart chun go mbeadh sí in ann díriú ar an gcluiche mór.

Faraor, cé go bhfuil na meáin fós ag trácht ar an gcluiche ceannais, is ag trácht ar dhrochscéal eile atá siad den chuid is mó agus conspóid mhór ann faoin bpóg a thug uachtarán chónaidhm sacair na Spáinne don imreoir Jenni Hermoso ag bronnadh na mbonn. Bhí sé uafásach mar eachtra, os comhair an domhain mhóir, agus léiriú é ar an obair atá le déanamh i spórt na mban chun comhionannas iomlán a bhaint amach.

Ag caint ar an gcluiche ceannais, beidh díomá ar Shasana leis an taispeántas a thugadar. Cheap mé féin go dtosódh an bainisteoir, Sarina Wiegman, Lauren James agus í ar fáil arís, ach cé nár thosaigh, chinn sí luath go maith í a thabhairt chun páirce agus tháinig sí isteach mar ionadaí ag leath ama. Bhí tionchar mór ar an imirt ag an ionadaí eile a tháinig isteach ina teannta, Chloe Kelly, ach ní raibh Sasana in ann teacht ar ais ar comhscór. Seans gur airigh siad uathu na himreoirí mór le rá a bhí in easnamh, agus chinn orthu faoi dheireadh.

Agus mo shárfhoireann an chomórtais roghnaithe agam féin, níl ach imreoir amháin ó Shasana roghnaithe agam, sin í Alex Greenwood. Bhí Jess Carter agus Lauren Hemp san iomaíocht freisin ach bhí Greenwood ar fheabhas ar feadh an chomórtais uile, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh sí ag imirt i lár na cosanta seachas mar chosantóir ar chlé, mar a bhíonn go hiondúil. Ba mhór an chailliúint í Leah Williamson ach rinne Greenwood thar barr ina háit.

Bheadh go leor a déarfadh go mbeadh áit tuillte ar an tsárfhoireann ag Mary Earps chomh maith. Bhí fíorbheagán idir cúl báire Shasana agus Zećira Mušović na Sualainne ach bheartaigh mé Mušović a roghnú toisc gur cheap mé go raibh níos mó le déanamh aici i rith an chomórtais, go háirithe sa chluiche ceathrú ceannais sin in aghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a bhí sí ar fheabhas ar fad.

Bhí caighdeán na gcúl báire ag an gcomórtas ar cheann de bhuaicphointí Chorn Domhanda na mBan, i mo thuairimse. Roimhe seo, is minic a rinneadh cáineadh ar chluichí na mban toisc go mbíodh botúin á ndéanamh ag an gcúl báire ach ní hamhlaidh a bhí an uair seo. Bhí caighdeán iontach ard ann agus cuid mhaith de na cúil bháire compordach freisin nuair a bhíodh seilbh acu ar an liathróid.

Suimiúil go leor, ní sa tír seo a rugadh duine ar bith den cheathrar cúl báire a bhí mar chuid de scuad na hÉireann ag Corn Domhanda na mBan agus b’fhéidir gurbh fhiú é sin a fhiosrú tuilleadh ó thaobh an obair forbartha a dhéantar ag baile.

Triúr ón Spáinn a roghnaigh mé i lár na páirce ar mo shárfhoireann agus a n-áiteanna tuillte go maith ag Teresa Abelleira, Aitana Bonmatí agus Jenni Hermoso, mar a bhí ag Jill Roord ón Ísiltír. Beirt réaltaí óga, Salma Paralluelo na Spáinne agus Linda Caicedo na Colóime atá agam i measc na dtosaithe, chomh maith le Hinata Miyazawa ón tSeapáin, a bhí ar dhuine de phríomscórálaithe an chomórtais.

Maidir le foireann na hÉireann, bhí sé iontach í a fheiceáil ag imirt ar an stáitse is mó agus na himreoirí á léiriú go bhfuil siad in ann dul san iomaíocht leis na foirne is fearr ar domhan.

Údar gaisce a bhí sa chomhscór a fuair siad in aghaidh na Nigéire agus spreagfaidh a dtaispeántais, ní hamháin an chéad ghlúin eile ach na himreoirí atá ann faoi láthair agus iad anois dírithe ar Chraobh na hEorpa a bhaint amach in 2025.

Cheap mé féin roimh an gcomórtais go raibh sé róluath Corn Domhanda na mBan a leathnú amach go dtí comórtas 32 foireann mar gheall ar an mbearna a bhí idir na foirne ba láidre agus na foirne ba laige ach léirigh an mhí seo caite go bhfuil an bhearna sin laghdaithe go cinnte anois. Tá foirne againn anois ó chuile chearn den domhan atá ag imirt ag an leibhéal is airde agus méadóidh sé sin na deiseanna atá ann an spórt a scaipeadh tuilleadh ar fud na cruinne.

Fág freagra ar 'Cuirfidh Corn Domhanda na mBan 2023 leis an deiseanna atá ann an cluiche ar fud na cruinne'