Cúinne ‘shiopa na bpónairí dúshúileacha’ seachas ‘gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: fiú i scéal a insítear sa tríú pearsa, ba cheart go bhfeicfeadh an léitheoir an saol trí shúile an phríomhcharachtair oiread agus is féidir

Cúinne ‘shiopa na bpónairí dúshúileacha’ seachas ‘gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’
Ceann de na buntáistí beaga a bhíonn ag scríbhneoirí a aistríonn cuid dá saothar féin go teanga eile ó am go chéile ná go mbíonn an deis acu feabhas a chur ar a gcuid scríbhneoireachta féin nuair a fheictear dóibh go bhfuil gá leis sin.
An lá cheana, agus gearrscéal de mo chuid a foilsíodh i nGaeilge roinnt bhlianta ó shin á aistriú agam go hÍsiltíris, mo theanga dhúchais féin, rith sé liom go gcuirfeadh leasú beag bídeach go mór le léiriú an phríomhcharachtair.
Scéal é ‘An sceach’ a insítear sa tríú pearsa agus ina bhfeiceann an léitheoir cathair na Gaillimhe trí shúile inimircigh as an mBrasaíl. Ag pointe amháin sa bhunleagan Gaeilge, tá an fear seo ‘ag gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’.
Togha. Rud ar bith mícheart leis sin. Bheadh a fhios ag duine ar bith a bhí i gcathair na Gaillimhe riamh cén áit é sin agus bheadh léitheoirí nach mbeadh cur amach acu ar Chathair na dTreabh in ann an áit a aimsiú ar aip éigin, dá mb’áil leo.
Chuile sheans, leis, gur mar sin – ‘ag gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’ – a chuirfeadh inimirceach as an mBrasaíl síos ar an áit chéanna. Tá comharthaí sráide in airde ann, ag deireadh an lae.
Ach rith sé liom agus láthair an radhairc sin sa scéal á samhlú agam arís i m’aigne go bhfuil siopa bia sláinte iomráiteach ag gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda, agus go mbíodh tóir ag pobal Brasaíleach na Gaillimhe ar an siopa céanna toisc go bhfuil fáil ansin ar na pónairí dúshúileacha a mbaintear úsáid astu go minic i miasa Brasaíleacha.
Sa leagan Ísiltírise den scéal, d’athraigh mé ‘ag gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’ go ‘ag an siopa sláinte úd a bhfuil pónairí dúshúileacha acu’.
Tá an chéad fhrása cruinn agus beacht. Ach léiríonn an dara frása i bhfad níos mó. Gur fear é an príomhcharachtar a dhéanann a chuid cócaireachta féin. Go mbíonn cumha air i ndiaidh a thíre dúchais, nó bia na tíre sin ar aon chaoi.
Ceann de na bealaí is sofaisticiúla agus go deimhin is éifeachtaí dá bhfuil ann chun carachtar agus cúlra pearsan ficseanúla a léiriú ná dua a chaitheamh leis an gcur síos ar an saol timpeall orthu. Céard iad na nithe a dtabharfadh fear nó bean inste an scéil suntas dóibh?
Fiú i scéal a insítear sa tríú pearsa, ba cheart go bhfeicfeadh an léitheoir an saol trí shúile an phríomhcharachtair oiread agus is féidir.
Is é an trua nach bhfaca mé an deis sin chun barr feabhais a chur ar léiriú phríomhcharachtar ‘An sceach’ nuair a scríobh mé an bunleagan Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cúinne ‘shiopa na bpónairí dúshúileacha’ seachas ‘gabhal na Sráide Airde agus Shráid an Phríomhgharda’'